Gearóid Mac Unfraidh

Gearóid Mac Unfraidh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 4 May 2013

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Tháinig Gearóid faoi anáil Thomáis Mhic Anna nuair a thosaigh sé amach sa drámaíocht ar Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell. Lean sé lena spéis sa drámaíocht i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus sa Little Theatre i mBaile Átha Luain. Léirigh Darach Mac Con Iomaire a chéad dráma Éiric sa Taibhdhearc sa bhliain 2001. Ghnóthaigh a dhráma Geasa Gradam na hAmharclannaíochta agus rinne an stiúrthóir Ray Yeates léiriú air in amharclann an Axis i mBaile Munna sa bhliain 2004. Tá Geasa lonnaithe sna trinsí sa Chéad Chogadh Domhanda. Léiríodh an dráma Not In My Name in Araibis, Gaeilge agus Béarla in Institiúid na hÉíreann sa bhliain 2007. Gearrdhráma a bhí ansin faoin gcogadh san Iaráic. Bhí dráma eile leis, Our National Games: The Arms Crisis, ar an ngearrliosta don Stewart Parker Trust Award sa bhliain 2009. Léiríodh a dhráma, Nóra, faoi na stailceoirí ocrais, ar an raidió agus craoladh é in 2010. Scríobh sé The Boys, dráma faoi leaid óg de chuid an lucht siúil agus é ag iarraidh a fhíoráit a bhaint amach ina chlann féin. Léiríodh a dhráma faoi Francis Ledwidge, Friendly Fire, sa New Theatre sa bhliain 2014. Léiríodh an dráma Séanadh, dráma comhaimseartha faoi 1916, ag Oireachtas na nGaeilge 2015. D’fhoilsigh an Clóchomhar a leabhar Clocha Ceangailte (1994).

Gearóid came under the influence of Tomás Mac Anna when he began his involvement in drama in Coláiste Mhuire in Parnell Square. He continued pursuing this interest in Taibhdhearc na Gaillimhe and the Little Theatre in Athlone. Darach Mac Con Iomaire produced his first play Éiric in Taibhdhearc na Gaillimhe in 2001. His play Geasa was awarded Gradam na hAmharclannaíochta and the director Ray Yeates produced it in the Axis in Ballymun in 2004. Geasa is set in the trenches of the First World War. The play Not In My Name, a short play about the war in Iraq, was staged in Arabic, Irish and English in the Ireland Institute in 2007. Another of his plays, Our National Games: The Arms Crisis was shortlisted for the Stewart Parker Trust Award in 2009. Nóra, a play about the hunger strikers was produced for radio and broadcast in 2010. He also wrote The Boys, a play about a young member of the travelling community seeking to find his place within his own family, and was staged in 2013. A play based on Francis Ledwidge, Friendly Fire, was staged in the New Theatre in 2014. The play Séanadh, a contemporary play about 1916, was staged at Oireachtas na nGaeilge in 2015.

Birth date: 10 May 1955

Place of birth: Dublin

Share this portrait:
CLODAGH Tá taighleoirí agus attaché míleata ag teacht, ionadaithe ó na trúpaí atá ag feidhmiú le UNIFIL ... taighleoirí de chuid na Náisiún Aontaithe ... Uachtarán na hÉireann féin ag teacht ... cuirim scairt ar Ghaillimh agus ar Dhoire ach níl teacht ar éinne - a haon a chlog ar maidin - ní bhíonn morticians ag suí thart san ionad A&E.
Smaoiním ar an gcorp ... carn fola agus corp. An gearradh go léir. Nuair a chonaic mé é sa bhilléad ní raibh ach goin ar a cheann. Tagann an undertaker thar n-ais le buidéal fuisce. Toit ina bhéal. Filleann sé suas a mhuinchillí ... néata, an-néata.
Deineann Clodagh aithris ar an ghluaiseacht sin
... go míleata go dtí an uilinn (elbow). Oíche fhada a bhéas ann.
Deireann sé leis an tionlacan, an saighdiúir tionlacan míleata an chónra a bhairéad a thabhairt dó ... agus a chulaith ... táim ag stánadh ... brón orm! Téim thar n-ais go dtí an mháthair ... deirim léi: ní fada anois. Tógaimid fuisce ... iarrann sí orm cén chaoi a raibh na nóiméid deireanacha aige ... deirim léi go dtiocfaidh a chomrádaí ar cuairt nuair a fhilleann siad sa samhradh ... Deireann sí Aye, siúráilte ... tá sí ag breathnú orm ... tá a fhios agam go bhfuil a fhios agatsa ...
Arís agus arís eile téimid tríd an eachtra.
Roimh bhreacadh an lae tagann an undertaker thar n-ais ... tógfaidh mé an paidrín anois ... lean mé isteach anois ... agus faoina anáil bagraíonn sé orm ná lig di dul in aice a bhairéad.
Rinne sé an-job. An beret stitcheáilte ag coinneáil a cheann le chéile. Tháinig an mháthair isteach le dínit (dignity) ... brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh ... ansan pógann sí a chlár éadan agus casann sí le himeacht agus mise taobh léi ... ansan casann sí siar. Beirim greim láimhe uirthi ach cromann sí trasna agus pógann sí Íosa na croise ar an bpaidrín ... atá i lámha an tsaighdiúra mhairbh ... míorúilt bheag eile ... déanaim comhartha do na leaids an chónra a dhúnadh ... siúlaimid as an seomra ... bhí paidreacha duine éigin againn a bhfreagairt isteach an oíche úd i Sligeach.
HARRY Phóg mo sheanmháthair éadan Francis Hughes ... an stailceoir ocrais. Bhí cruth uafásach air. Ní dheachaidh mo mhuintir go dtí an tsochraid ... mo sheanmháthair ... chuaigh sise. Chrom sí agus phóg sí a chlár éadan, a mhilse na milse ... agus chruaigh sí a croí ar eagla go gcliseadh sí ...
CLODAGH Is Nordie thú! Arbh í do sheanmháthair a mhúin Forógra na Cásca dhuit?
HARRY Bhí m’uncail amuigh le Francis Hughes ... i ndiaidh Dhomhnach na Fola cosúil le Cú Chulainn ag bearna Ghleann Sheáin. Rinne siad luíocháin ar airm na Breataine... Rinne an SAS luíocháin orthu. Lámhacadh Hughes ... tugann sé covering fire dos na leaids. Gabhtar Hughes dhá lá ina dhiaidh sin ... ar thoabh an tsléibhe ... i bhfolach i culvert ... bhí sé chomh fuar sin ... bhí sé fós beo ... ach mharaigh Thatcher é sa deireadh ... Gotcha! Bhogamar go Gaillimh. Níor theastaigh ó mo thuismitheoirí go mbeadh muid páirteach.

Gearóid Mac Unfraidh, sliocht as an dráma Séanadh 

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00