Gearóid Denvir

Gearóid Denvir

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 11 July 2011

Setting: Inveran, Co. Galway

Baile Átha Cliathach é Gearóid Denvir agus tá cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Bhí sé ina Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chaith sé sealanna ag teagasc in Ollscoil Hamburg, An Coláiste Ollscoil, Baile Átha Cliath, Boston College agus Ollscoil Toronto. I measc na leabhar atá foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na Gaeilge tá Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Duanaire an Chéid (2000) agus Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010). Ina theannta sin tá dhá leabhar filíochta foilsithe aige, Iomramh Aigne (1976) agus Trudaireacht (1983). Tá riar maith alt foilsithe freisin aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis in irisí éagsúla léannta agus liteartha in Éirinn agus thar lear. Tá sé ina chathaoirleach ar Choláiste Chamuis a bhunaigh sé sa bhliain 1973. Tá suim mhór aige i gcúrsaí spóirt, go mór mór sa pheil agus san iománaíocht, agus tá sé gníomhach i gcónaí lena chlub áitiúil, Cumann Mhichíl Bhreathnaigh. 

Originally from Dublin, Gearóid Denvir has lived for many years in Indreabhán in the Connemara Gaeltacht. He was Professor of Modern Irish at the National University of Ireland, Galway, and also taught at Hamburg University, University College Dublin, Boston College and the University of Toronto. Among the many books he has published on Irish literature and culture are Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Duanaire an Chéid (2000) and Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010). He has also published two volumes of poetry, Iomramh Aigne (1976) and Trudaireacht (1983) and many articles and essays in Irish, English and French in literary and scholarly journals in Ireland and abroad. He is chairperson of the Irish Summer College Coláiste Chamuis which he founded in 1973. He is also interested in sport, particularly football and hurling, and is an active member of his local club, Cumann Mhichíl Bhreathnaigh. 

Birth date: 30 October 1950

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Draíocht an Fhocail

Brionglóid easláin atá sa litríocht, gníomh cruthaitheach buile an daill (nó an dallaráin!) a fhéachas le cruth eicínt a chur ar an duibheagán anchruthach ina snámhann an uile rud beo. Níl idir an daonnaí agus poll dubh síoraí an neamhní ach an Focal, dá theoranta, easnamhaí, neamhfhoirfe, bhearránaí a c(h)umas lena ionramháil. Lasann an Focal tine ghealáin, tine gan fuacht ná teas nach bpléascann aon aill, ach a shoilsíos aga tine tuí sa dorchadas coscrach mórthimpeall. Is iomaí sin focal, áfach, a fhanas ar theanga bheag na samhlaíochta ina thochas cráite ar fhéith agus ar bhé na cruthaitheachta. Ach an Focal a shnámhas go caithréimeach i dtír an dáin nó an scéil úrnua, nó a thagas i ngan fhios geall leis ina bhruith faoin tír shamhailteach chéanna gan trumpa ar bith a shéideadh, lasann sé an tine chneasaithe a bhruitheas íocshláinte dár n-easlán agus fógraíonn bua beag don solas.

Gearóid Denvir, sliocht as an mBrollach in Litríocht agus Pobal, lch 17 (Cló Iar-Chonnacht, 1997)