Fionnbarra Ó Brolcháin

Fionnbarra Ó Brolcháin

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 15 May 2013

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Tá Fionnbarra Ó Brolcháin ag múineadh i Scoil Ghnó Smurfit, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Is iar-ollamh airgeadais é in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit ar bhunaigh sé freisin an lárionad Gaeilge, Fiontar. Bhí sé ina chathaoirleach ar Zamano, gnólacht ardteicniúil nuathionscanta bunaithe ag iarscoláirí de chuid Fiontar, atá anois liostaithe go poiblí i mBaile Átha Cliath agus Londain. Bhí sé mar ollamh sa Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mhá Nuad agus ina ollamh ar cuairt in Ollscoil Michigan, Ollscoil Fordham agus Ollscoil Aalto. Is comhúdár é ar na leabhair, Digging Deeper: How Purpose-Driven Enterprises Create Real Value (Greenleaf Publishing, 2016), The Irish Edge: How Enterprises Compete on Authenticity and Place (Orpen Press, 2013) agus Capitalising on Culture, Competing on Difference (Blackhall Publishing, 2008), comheagarthóir an leabhair Ireland’s Economic Crisis Time to Act, bunaithe ar léachtaí Scoil Samhraidh Mhic a' Ghoill 2009. Is é údar an leabhair Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch (Coiscéim, 2011). Tá céim aige san innealtóireacht leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) agus Ph. D. san airgeadas idirnáisiúnta ó Scoil Ghnó Stern, Ollscoil Nua Eabhrach (NYU).

Finbarr Bradley teaches at the Smurfit Business School, University College Dublin (UCD). He is a former professor of finance at Dublin City University (DCU), where he also set up the Irish-medium centre, Fiontar. He is a former chairman of Zamano, a high-tech start-up founded by Fiontar students, now publicly listed in Dublin and London. He was an economics professor at Maynooth University and a visiting professor at the University of Michigan, Fordham University and Aalto University. He is co-author of the books Digging Deeper: How Purpose-Driven Enterprises Create Real Value (Greenleaf Publishing, 2016), The Irish Edge: How Enterprises Compete on Authenticity and Place (Orpen Press, 2013) and Capitalising on Culture, Competing on Difference (Blackhall Publishing, 2008), and co-editor of a book of essays from the 2009 MacGill Summer School on Ireland’s economic crisis. He is the author of Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch (Coiscéim, 2011). He has an electrical engineering degree from University College Cork (UCC) and a Ph. D. in international finance from the Stern School of Business, New York University (NYU). 

Share this portrait:

Taispeánann taighde idirnáisiúnta gurb é an treo is fearr ó thaobh cruthaitheachta de ná deiseanna a thabhairt do daoine bheith ag smaoineamh ar bhealaí éagsúla. Bíonn pobal, réigiún nó tír cruthaitheach nuair a bhíonn acmhainní acu atá suntasach, sainiúil, annamh, do-athraithe agus luachmhar, iad ag smaoineamh i slite difriúla nó ag léiriú na dtréithe faoi leith atá acu. Beidh buntáiste iomaíoch mar sin san aois nuálaíoch ag tíortha a bhfuil acmhainní dá leithéid á gcothú i timpeallachtaí cumhachtacha foghlama acu. Ciallaíonn sin go mbraitheann buntáiste iomaíoch inbhuanaithe na hÉireann ar a bheith difríúil agus uathúil: daoine ag mothú éagsúil is ag macnamh go domhanda, cé gur fréamhaithe i bhféiniúlacht chultúrtha iad.

Mar sin, soláthraíonn ár n-oidhreacht chultúrtha, saintréithe na hÉireann, an buntáiste iomaíoch is mó atá againn. Spreagtar acmhainní fiúntacha as tréithe amhail féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas agus, i gcás na hÉireann, an Ghaeilge. Is é sin le rá, is as mórtas dúiche a spreagtar brí nó ciall, agus an chruthaitheacht dá réir. Soláthraíonn an Ghaeilge meán idéalach a fhréamhaíonn acmhainní sa dúchas.

Fionnbarra Ó Brolcháin, Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch, lch 5 (Coiscéim, 2011)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00