Eoghan Ó Néill

Eoghan Ó Néill

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 24 October 2012

Setting: An Chultúrlann, Belfast

Rugadh Eoghan Ó Néill i mBéal Feirste i 1959. Bhunaigh sé féin is Gearóid Ó Cairealláin an nuachtán laethúil i 1984. Bhunaigh sé an suíomh nuachta ar líne, www.nuacht24.com in 2009. Is ceannasaí Rannóg na Nuachta ag Raidió Fáilte anois é. Tá corradh is 30 bliain caite aige i mbun na hiriseoireachta clóite agus gradaim iriseoireachta Oireachtas na Gaeilge buaite aige roinnt uaireanta sa tréimhse sin. Tá dhá leabhar taistil leis foilsithe ag Coiscéim, mar atá Cathracha (2007) agus Cathracha i gCóngar is i gCéin (2011). Léirigh Compántas Aisling Ghéar dráma leis, Úr Te Bruite i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus ar chamchuairt fud na tíre in 2002. Dráma é faoi chaimiléireacht i measc polaiteoirí sa Tuaisceart.

Born in Belfast in 1959, Eoghan Ó Néill established the daily Irish language newspaper with Gearóid Ó Cairealláin in 1984. He established the online news site, www.nuacht24.com in 2009. He is currently director of the News section at Raidió Fáilte. Two travel books by him were published by Coiscéim, those being Cathracha (2007) and Cathracha i gCóngar is i gCéin (2011). The theatre group Aisling Ghéar produced his play about corruption among Northern politicians, Úr Te Bruite, in Belfast, Dublin and on tour around Ireland in 2002.

Birth date: 1959

Place of birth: Belfast, Co. Antrim

Share this portrait:

Duine iomráiteach a dúirt tráth go raibh oiread scéalta cloiste aige faoi bhainís a thuismitheoirí gur chreid sé go raibh sé i láthair ann.

Ní raibh.

Is amhlaidh do go leor daoine i gcás na Veinéise.

Bíodh is nár leag siad cos ann riamh tá grianghraf na gcanálacha, pictiúirí na ngandalaí agus gearrthóga físe de Piazza San Marco feicthe agus feicthe arís acu.

Ach ní taithí réaltachta fíorúla í cuairt ar an Veinéis.

Blais í leis an tsúil amháin agus blaiseann tú go heasnamhach í.

Is cathair í a mhothaíonn tú.

Agus is foirfe an mothú sin agus tú ar bord báid.

Ag luascadh.

Boladh, fuaimeanna, gluaiseacht agus rithim na farraige do do thimpeallú.

Do bhogadh.

Taithí fhisiceach í.

Nach n-éilíonn aon chathair Eorpach eile ort, nach dtairgeann aon chathair Eorpach eile duit.

I gcathracha uisce eile, leithéidí Amstardam, Stócólm nó St Petersburg, tá cuid mhór uisce ann.

Ach ainneoin an uisce, is é an carr an Rí.

Sa Veinéis níl ann ach an bád.

An bád, snámh, nó siúl na gcos.

Eoghan Ó Néill, sliocht as Cathracha (Coiscéim, 2007)