Donncha Ó hAodha

Donncha Ó hAodha

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 9 August 2011

Setting: National University of Ireland, Galway

Genres: Academic writer

Rugadh Donncha Ó hAodha i Lios Tuathail, Co. Chiarraí sa bhliain 1944. Rinne sé taighde ar dtús i réimse naomhsheanchas na hÉireann fadó, agus d’fhoilsigh sé eagrán de Bheatha Shean-Ghaeilge Naomh Bríd, téacs macarónach i ndáiríre a bhfuil idir Ghaeilge agus Laidin in úsáid ann. (Fch. “Nóta ar Úsáid na Laidine i mBeatha Shean-Ghaeilge Naomh Bríd” i Mícheál Mac Craith agus Pádraig Ó Héalaí, eag., Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain, lgh 355–61 (Cló Iar-Chonnachta, 2009). Tá taighde déanta aige leis sna réimsí seo a leanas: tiontó seanscéalta ón Laidin go Gaeilge sa Mheánaois, filíocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, na meadarachtaí a bhí á n-úsáid san am sin, agus ach go háirithe na meadarachtaí a bhain leis an mbard seachas leis an bhfile. (Fch. “An Bhairdne i dTús a Ré", in P. Ó Fiannachta, eag., Léachtaí Cholm Cille XXIV, lgh 9–20 (Maigh Nuad, 1994)).

Donncha Ó hAodha was born in Listowel, Co. Kerry in 1944. He worked originally in the area of early Irish hagiography, and published an edition of the Old Irish Life of St. Brigit, which is in fact a bilingual Irish-Latin text. (Cf. “Nóta ar Úsáid na Laidine i mBeatha Shean-Ghaeilge Naomh Bríd” i M. Mac Craith agus P. Ó Héalaí, eag., Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain, lgh 355–61 (Cló Iar-Chonnachta, 2009). He has done research in the area of translation in the Middle Ages of Latin epic into Irish. He has done work on early Irish poetry of various genres. He has taken a particular interest in the topic of the metres used by early Irish poets, and more specifically the metres used by the bard as distinct from the fili. (Cf. “An Bhairdne i dTús a Ré”, in P. Ó Fiannachta, eag., Léachtaí Cholm Cille XXIV, lgh 9–20 (Maigh Nuad, 1994)).

Birth date: 1944

Place of birth: Listowel, Co. Kerry

Share this portrait:

D’fhéadfaí a áiteamh nár tháinig anuas chugainn i dtraidisiún liteartha na Gaeilge ach aon cháipéis neamhspleách amháin ina bpléitear leis na baird mar aicme leo féin, seachas na filí. Tráchtas meadarachta atá i gceist agus, go deimhin, ta gach cosúlacht ar an scéal gurb iad na filí a chum é. Is téacs de chuid na deichiú haoise é de réir dealraimh sa chrot ina dtáinig sé anuas chugainn, cé go mbaineann cuid mhaith de na ranna samplacha atá ann leis an aois roimhe sin, .i. an naoú haois. Tá teideal air i gceann amháin de na lámhscríbhinní, mar atá Córus Bard cona Bardni, “Cliarlathas na mBard maraon le Bairdne an chliarlathais sin”. Chuir Rudolf Thurneysen an téacs i gcló sa bhliain 1891. Téacsleabhar is ea an saothar seo ina bhfuil léiriú á dhéanamh ar aistí na saorbhaird, “na baird uaisle”. Cliarlathas seachtair díobh a bhí ann, de réir an tráchtais.

Donncha Ó hAodha, ‘An Bhairdne i dTús a Ré’ (Léachtaí Cholm Cille XXIV, lch 9) (An Sagart, 1994)