Donla uí Bhraonáin

Donla uí Bhraonáin

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 15 June 2011

Setting: Dublin

Rugadh Donla uí Bhraonáin i mBaile Átha Cliath. Tá sí pósta ar Anraí Ó Braonáin agus tá cúigear clainne acu, Fiachna, Luán, Caoimhe, Cormac agus Cathal, mar aon le dáréag garchlainne. D’oibrigh sí mar léachtóir agus mar théarmeolaí le FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ó 1994 go dtí 2008 nuair a chuaigh sí ar scor. Ceapadh ar Fhochoiste Téarmaí Seoltóireachta an Choiste Téarmaíochta í i 1986, tharla taithí ar sheoltóireacht aici le blianta roimhe sin, agus ceapadh mar bhall den Choiste Téarmaíochta í tar éis di tosú ag obair mar théarmeolaí in FIONTAR. Bhí sí páirteach freisin in obair thionscanta www.focal.ie. D’fhoilsigh Cois Life a saothar dátheangach, Paidreacha na Gaeilge (2009) mar aon leis an eagrán nua comhtháite den bhunsaothar Seanfhocla Chonnacht le Tomás Ó Máille, a chóirigh sí (2010). Foilsíodh freisin 500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przyslow (Cois Life, 2007), Ollscolaíocht Ghaeilge: Dúshláin agus Léargais (Caoilfhionn Nic Pháidín agus Donla uí Bhraonáin, eag. DCU, 2004), Foclóir Fiontar (DCU, 2004), 1000 Téarma Ríomhaireachta (DCU, 2000). Foilsíodh freisin Leabhar Laethanta (Cois Life, 2013), dialann laethúil a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann.

Donla uí Bhraonáin studied Celtic Studies in University College Dublin and spent a year on scholarship in the University of Oslo, Norway where she studied Norwegian, Old Norse and Folklore. She has an MA in Communications from Dublin City University. Donla has experience translating from English to Irish and doing editing work in Irish. She worked as lecturer and terminologist in Fiontar, DCU. In 1986, having been an avid sailor, she was appointed to a subcommittee charged with developing and conserving sailing terminology for the Terminology Committee and was later appointed a member of the Terminology Committee. She participated in the setting up of www.focal.ie, the National Terminology Database for Irish. Donla is married to Anraí ó Braonáin and they have a family of five — Fiachna, Luán, Caoimhe, Cormac and Cathal. She was active on the parents’ committee of Scoil Lorcáin while her children attended school and spent three years as Cathaoirleach of the school’s Board of Management. 

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Neantóg (Urtica dioica)

Caraid don neantóg an dris casáin.

Planda glas ilbhliantúil a fhásann go coitianta idir 60cm agus 1.20m. Tagann an duilliúr úr uirthi san earrach agus bhíodh nós ann na duilleoga a ithe mar a d’íosfaí cabáiste nó tae a dhéanamh díobh.

Bíonn ribí beaga ar na duilleoga agus ar an ngas a ‘dhónn’ an craiceann mura láimhsítear go cúramach iad. Moltar lámhainní a chaitheamh nuair atá duine ag baint neantóg. Má theagmhaíonn neantóg le do chraiceann, is féidir an dó a leigheas trí dhuilleog copóige a chuimilt de.

Rann a bhíodh ag páistí faoin neantóg is ea:

Ící pící taobh istigh de chlaí,

Ící pící taobh amuigh de chlaí,

Má theagmhaíonn tú le hÍcí pící,

Teagmhóidh Ící pící leat.

Bhíodh an-eolas ag muintir na tíre ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as an neantóg mar bhia agus mar leigheas. Is féidir deoch fuar nó te a dhéanamh de na duilleoga, mar a fhliuchfaí tae. D’úsáidtí an leacht seo le hól, nó mar leigheas ar aicídí craicinn, le faoiseamh a thabhairt ón tochas, nó le dath na gruaige a chaomhnú. Creidtear go bhfuil leigheas ar ghalraí duáin sna síolta a thagann ar an ngas sa bhfómhar agus go n-oibríonn an ola atá sna fréamhacha chun athlasadh faireoige a laghdú.

Go dtí le gairid, bhíodh sí á ruaigeadh as garraithe cathrach; féachadh uirthi mar fhiaile. Ach tá tóir anois i mbialanna agus sa bhaile ar anraith neantóg, pesto neantóg agus eile.

Tá saibhreas nítrigine sa neantóg agus is féidir leasú talún orgánach a dhéanamh trí ghlac mór de a chur i mbuicéad nó i mbairille uisce, é a chlúdach agus ligean dó lobhadh ar feadh coicíse nó mar sin. Is féidir é a shíothlú ansin agus an t-uisce glas a choinneáil i mbuidéal agus a úsáid sa gharraí nuair atá leasú nítrigine de dhíth.

Rinne agus déanann lucht eolaíochta taighde ar an neantóg ar mhaithe lena húsáideacht i gcúrsaí leighis agus eile. Feictear urtica dioica ó am go ham ar liosta na gcomhpháirteanna in earraí gruaigeadóireachta.

Mí Bealtaine is úire a bhíonn na duilleoga.

Maireann boilb go leor féileacán ar an neantóg , mar shampla an Ruán Beag agus an tAimiréal Dearg.

Donla uí Bhraonáin, Sliocht as Leabhar Laethanta do mhí Bealtaine.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00