Diarmuid de Faoite

Diarmuid de Faoite

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 19 March 2021

Setting: Town Hall Theatre, Galway

Rugadh agus tógadh Diarmuid in Inis, Co. an Chláir. Thosaigh sé ag plé le cúrsaí aisteoireachta agus scríbhneoireachta ar bhonn gairmiúil mar chuid den chompántas taistil amharclainne, Na Fánaithe, i ndeireadh na n80idí. I dtús na 90idí bhog sé go RTÉ agus as sin siar arís nuair a cuireadh tús leis an stáisiún nua teilifíse TnaG/TG4, agus an sobaldráma Ros na Rún.

In 2001, bhunaigh sé a chomhlacht féin, POC productions, chun tabhairt faoi thograí amharclainne ar leith in éindí leis an stiúrthóir, Paul Brennan. Ba iad Pádraic Ó Conaire agus Paris, Texas an dá dhráma is mó cáil uaidh ón tréimhse sin.

Ceapadh é ina fheidhmeannach drámaíochta le hAcadamh na Ollscolaíochta Gaeilge mar a chaith sé trí bliana ag forbairt cúrsaí taibhealaíona. Idir an dá linn cháiligh sé ina dhrámateiripeoir agus bhíodh sé ag múineadh ar an gcúrsa drámateiripe in Ollscoil Mhá Nuad nó gur tháinig deireadh leis an gcúrsa sin i 2014. Ó shin i leith is ag plé leis an scríbhneoireacht chruthaitheach agus leis an aisteoireacht a bhíonn sé trasna chuile mheán.

I measc na dtograí scríbhneoireachta is déanaí uaidh tá an dráma fada stáitse, Nóra, bunaithe ar Nóra Mharcuis Bhig le Pádraic Ó Conaire, an fadscannán, Finky, comhscríofa le Dáthaí Keane agus an ceoldráma don stáitse agus don raidió, The Playboy of The Western World – The Musical, scríofa in éineacht le Justin McCarthy. D’fhorbair sé srath scéalaíochta do pháistí, Tuath Dé Danann, do RnaG, i gcomhpháirt le Mairéad Uí Dhomhnaill.

Is iomaí aoi-léacht, ceardlann agus caint a thug Diarmuid in institiúidí acadúla agus ealaíne ar fud na hÉireann agus thar lear agus tá tréimhsí cónaitheacha caite aige suas síos cósta thiar na hÉireann agus ar an mór-roinn chomh maith.

Diarmuid hails from Ennis, County Clare and began his acting and writing career with a professional Irish language touring company, Na Fánaithe, in the late 80’s, before moving to RTÉ Television in the early 90’s and from there to the fledgling TnaG/TG4 and the soap opera, Ros na Rún. In 2001 he set up his own theatre company, POC productions, to develop specific projects alongside director Paul Brennan. Pádraic Ó Conaire and Paris, Texas are his best known works from that period. There followed a three year stint as a full-time lecturer in the performing arts with an t-Acadamh, NUI Galway. He subsequently qualified as a dramatherapist and was a regular guest lecturer in dramatherapy in Maynooth University until the course’s demise in 2014. Since then he has worked full-time as a writer, performer and translator, specialising in adaptations across various media.

Recent writing projects include Nóra, a full-length stage version of the short story, Nóra Mharcuis Bhig, by Pádraig Ó Conaire, Finky, a feature film co-writen with Dáthaí Keane for Cine4 and The Playboy of The Western World – The Musical, an adapation for both stage and radio of Synge’s classic play, co-writen with Justin McCarthy. Diarmuid developed a storytelling series for RnaG for children, Tuath Dé Danann, with Mairéad Uí Dhomhnaill.

He has been invited to speak in many academic and arts institutions both nationally and internationally as well as participating in residencies all along the western seaboard as well as on the European continent.

Birth date: 1967

Share this portrait:

RADHARC 88.

IST. TIGH MADAME, DORCHLA TS - OÍCHE

Rothlaíonn Finky isteach ina sheomra. Tá gach rud mar a d’fhág sé é ach go bhfuil an teilifís ag obair arís. Sean chartún speedy gonzalez ar siúl, an cat tar éis speedy a chaitheamh le gunna, speedy ag casadh thart cupla uair is ag titim siar ansin mar a bheadh clár adhmaid ann, é ag ligint air fhéin go bhfuil sé fuar marbh, osclaíonn sé súil amháin. Déanann Finky gáire agus múchann sé é.

Tugann sé faoi deara go bhfuil bileoga ceoil fágtha ar an méarchlar. Ardaíonn sé iad. Na bileoga céanna a chaith sé uaidh ar an long agus é ag fágáil na hÉireann. ‘Lunatic’ scríofa orthu agus smiley face Tom Tom mar shíniú, rud a chuireann meangadh ar Finky.

Socraíonn sé na leathnaigh ceoil agus tosaíonn sé ag seinm chomh maith agus atá sé in ann lena chrúb. Aithníonn muid an frása ceoil.

Go tobann lasann an teilifís. Mastermind ar siúl.

GUTH AR AN TEILIFÍS

And now our final contender please. And your name is?

FINKY AR AN TEILFÍS (O. S.)

Micheál Ó Fodhlú.

Ardaíonn Finky a cheann ach is ag féachaint ar an gceamara atá sé. Leanann sé air ag seinnt go mall.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Agus do cheird?

FINKY

Fodhlaí... Ceoltóir.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Agus an t-ábhar atá roghnaithe agat?

FINKY AR AN TEILIFÍS

An fhírinne.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Cá raibh tú tráthnóna Dé hAoine, an séú lá de Mhí Eanair, dhá mhíle’s a deich?

FINKY

Bhí mé ag tiomáint isteach go Gaillimh.

GUTH AR AN TEILIFÍS

An raibh mórán ar d’intinn agat?

FINKY

Bhí mé théis scéala a fháil go mbeadh roinnt music execs ag teacht le mé a fheiceáil an oíche sin. Bhí mé ag iarraidh dul i gcionn orthu.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Cén chaoi?

FINKY

Thríd an gceol.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Ar éirigh leat?

FINKY

Níor éirigh.

GUTH AR AN TEILIFÍS

Tuige?

FINKY

Bhí mé ag obair ar an bpíosa seo an lá uileag ach ní raibh sé ag teacht a’m. Bhuail sé ansin sa gcarr mé is thosaigh mé á thaifead...

Tá an PÁISTE le feiceáil ag ursain an dorais. Tá an carr dearg aige ina láimh. Buaileann clog Mastermind.

GUTH AR AN TEILIFÍS

I’ve started so I’ll finish. Céard a tharla ansin?

sos

FINKY

An timpist.

Fuaim ard de scréach coscán agus pléasc mhór.

CUT TO:

Sliocht as FINKY. Céad léiriú teilifíse: Lá Caille, 2021. Cód ama: 1:13:25 – 1:15:52

https://www.tg4.ie/en/player/play/?pid=6216719468001&title=Cine4+%3A+FINKY&series=Cine4+%3A+FINKY&genre=Drama&pcode=058246

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00