Danny Sheehy
Saolaíodh Domhnall Mac Síthigh nó Danny an tSíthigh sa bhaile i mBaile Eaglaise in Iarthar Dhuibhneach, Contae Chiarraí agus is ann a mhair sé le beagnach deich mbliana fichead. Tháinig Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle óna pheann Nollaig 2003, foilsithe ag Coiscéim; Allagar na gCloch/Stonechat foilsithe ag Púca Press, 2006 agus Súil Seilge le dlúthdhiosca foilsithe ag Coiscéim, 2008. Tá cnuasaigh dánta leis sna leabhair Mil na Ceardlainne (2008), Criathar Meala (2009), agus Mil ina Slaoda (2011) foilsithe ag An Sagart. Bhí turais farraige iomráiteacha curtha de aige ar chóstaí na hÉireann, san Atlantach Thuaidh, cósta thoir na hIodáile agus tríd an Mheánmhuir, oileáin agus cósta thiar na hAlban, agus an turas farraige iomráiteach, Iomramh Bhréanainn 2011. Bhíodh sé le clos go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint ar a chuid eachtraíochta ar muir is ar tír, ar bhéaloideas is ar sheanchas áitiúil agus ag déanamh léirmheastóireachta ar leabhair nuafhoilsithe. Scríobhadh sé agus léadh sé míreanna don Briathar Beo ar Raidió a hAon. Ghnóthaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais scéalaíochta, dreas cainte agus sa bhfilíocht. Fuair sé bás go tragóideach ar an 9 Meitheamh 2017 le linn dó a bheith ag leanúint le turas naomhóige a bhí críochnaithe aige i 2016 ar Camino an tSáile ón Daingean go dtí Santiago de Compostella.
The poet Danny Sheehy was born in West Kerry and lived there for thirty years. Coiscéim published Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle in 2003, and his first collection of poetry, Súil Seilge, with a CD recording in 2008. His other works include Allagar na gCloch/Stonechat (Púca Press, 2006), and his poetry appears in the following collections published by An Sagart: Mil na Ceardlainne (2008), Criathar Meala (2009), and Mil ina Slaoda (2011). He undertook impressive sea journeys around the Irish Coast, in the North Atlantic, on the east coast of Italy and through the Mediterranean, along the islands of Scotland and, more recently, in 2011, he undertook Brendan's Voyage. He was often to be heard on RTÉ Raidió na Gaeltachta describing his journeys by land and sea, as well as folklore and local knowledge, and reviewing newly-published books. He wrote regularly for Briathar Beo on RTÉ Radio 1. He had won prizes at the Oireachtas for poetry and storytelling. He died tragically on 9 June 2017 while continuing a journey completed in 2016 by naomhóg from Dingle to Santiago de Compostella.
Birth date: 1951
Place of birth: Baile Eaglaise, Co. Kerry
Death date: 10 June 2017
Links: Biography on Ainm.ie »
Share this portrait: