Colmán Ó Raghallaigh

Colmán Ó Raghallaigh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 16 August 2011

Setting: Claremorris, Co. Mayo

Nuair a bhí Colmán mar mhúinteoir scoile i gContae Mhaigh Eo rinne sé, i gcomhar le Telegael, na cúrsaí Gaeilge Muzzy a chur ar fáil do bhunscoileanna agus scríobh sé go leor drámaí do pháistí scoile freisin a ghnóthaigh duaiseanna Slógadh. I 1995 bhunaigh Colmán Cló Mhaigh Eo chun leabhair Ghaeilge nua-aimseartha a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga. I measc na bhfoilseachán uaidh féin tá an tsraith iomráiteach leabhar faoin gcarachtar, Ruairí. Ghnóthaigh Drochlá Ruairí Gradam Uí Shúilleabháin i 1997. Tá leabhair bunaithe ar fhinscéalta ar nós Cearc an Phrompa agus Píobaire Hamelin scríofa aige freisin. In 2002 foilsíodh an t-úrscéal An Sclábhaí, a ghnóthaigh Duais Bisto. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann. Tá An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004), An Táin (2006) agus Deirdre agus Mic Uisnigh (2008) scríofa aige freisin. Bronnadh duais Leabhar na Bliana air ag Oireachtas na Gaeilge 2006 do An Táin agus in 2012 bhronn LPÉ (Children’s Books Ireland) Duais Speisialta air as a shaothar don óige. Foilsíodh a úrscéal Strainséirí in 2008 agus leagan nua dá úrscéal faoin nGorta Mór, Éalú san Oíche, in 2012. Sa bhliain chéanna chóirigh sé An Béal Bocht le foilsiú mar úrscéal grafach a thuill ardmholadh.

Colmán Ó Raghallaigh is the author of many books in Irish for children and young people, including the award winning Ruairí series (Cló Mhaigh Eo), the best-selling Róisín ar Strae (An Gúm 1996) and a highly successful series of graphic novels. His best-selling book, Drochlá Ruairí, was the first children's book by an Irish author to be published on CD-ROM in either Irish or English. A number of his books have been published in the Japanese and Manx languages. A schoolteacher by profession, he has a particular interest in Irish history and mythology. In 1995 he set up Cló Mhaigh Eo to publish high-quality books in Irish. As well as Bisto Merit Awards in 2002 and 2003, he has received Special Merit awards from the Reading Association of Ireland and the Oireachtas in 2003 and 2004 respectively. At Oireachtas na Gaeilge 2006 he was presented with the Book of the Year award for young people by playwright, Brian Friel, for his graphic novel An Táin. A companion volume Deirdre was published in 2008.

Place of birth: Claremorris, Co. Mayo

Share this portrait:

Ba ghearr imithe do mhic Uisnigh go raibh an tóir amuigh ag Conchubhar orthu agus luach saothair fógraithe don té a bhearfadh an banphrionsa abhaile nó tuairisc fúithi…

Ach bhí lántuiscint ag mic Uisnigh ar an méid sin agus ní go mall ach go righin a chuaigh siad chun cinn.

Agus chuir na hUltaigh an tóir orthu chomh dian sin is gurbh éigean dóibh coinneáil orthu de ló is d’oíche…

Chaith mic Uisnigh seal ansin ag cur agus ag cúiteamh agus iad idir dhá chomhairle faoin ní ab fhearr dóibh a dhéanamh.

“Níl an dara rogha againn, a bhráithre, ach imeacht linn as seo go hAlbain ar feadh tamaill. Beidh faoiseamh éigin le fáil againn ansin.”

Bhí Naoise ina mhuirí chomh misniúil is chomh sciliúil is a bhuail bonn coise ar long ariamh. Chuir sé a long i gcaoi is i gcóir ansin agus d’ardaigh a cuid seolta bucóideacha, bacóideacha.

Ba ghearr go rabhadar ag treabhadh na farraige glasuaine, ag cur gainimh in uachtar agus cúr bán in íochtar, nó gur bhain siad cuan is calaphort amach ar chósta na hAlban.

lch 14-15 Deirdre agus Mic Uisnigh (Cló Mhaigh Eo, 2009)