Colm Breathnach

Colm Breathnach

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 13 June 2011

Setting: Dublin

In aice le Carraig Ruacháin, i gCo Chorcaí, a rugadh Colm. Bhain sé céim MA sa Nua-Ghaeilge amach faoin Ollamh Seán Ó Tuama i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. D’oibrigh sé mar théarmeolaí agus rúnaí leis an gCoiste Téarmaíochta agus ina dhiaidh sin mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin. Bhí sé ina Phríomh-Aistritheoir Cúnta sa Rannóg nuair a ghlac sé le scor luath chun dul i mbun na scríbhneoireachta ar bhonn lánaimseartha. Bhuaigh Colm an phríomhdhuais filíochta i gcomórtais liteartha an Oireachtais ceithre huaire. Sa bhliain 1999, bhronn An Foras Cultúrtha Gael-Mheiriceánach ‘Duais an Bhuitléaraigh’ air. I gcomhpháirt leis an Dr Andrea Nic Thaidhg, dhein sé aistriúchán ar an úrscéal Katz und Maus le Günter Grass. Foilsíodh a chéad úrscéal, an saothar meitificsin Con Trick "An Bhalla Bháin", in 2009. D’fheidhmigh sé mar eagarthóir cúnta ar dhá eagrán de Innti i dteannta Michael Davitt agus ba é an chéad eagarthóir Gaeilge é ar Scoth na hÉigse/Best of Irish Poetry (Southword Editions). Foilsíodh Tírdhreacha, cnuasach filíochta leis in 2015 (LeabhairCOMHAR). Tá dánta le Colm aistrithe go hocht gcinn de theangacha lena n-áirítear éagrán Rómáinise den chnuasach An Fear Marbh.

Colm was born near Carrigrohane, Co. Cork. He was awarded an MA in modern Irish from University College Cork. He worked as a terminologist with An Coiste Téarmaíochta, the Irish-language terminology committee, and later as a translator in Oireachtas na hÉireann. He was Assistant Chief Translator when he took early retirement in order to become a fulltime writer. Colm has won the principal poetry prize four times in the Oireachtas literary competitions of Conradh na Gaeilge. In 1999 the Irish American Cultural Institute presented Colm with the ‘Butler Literary Award’. With Dr Andrea Nic Thaidhg he translated the Günter Grass novel Katz und Maus into Irish. His first novel, a work of metafiction, appeared in 2009. Colm worked as assistant editor on two editions of the poetry journal Innti with Michael Davitt and was the first Irish-language editor of Scoth na hÉigse/Best of Irish Poetry (Southword Editions). He published a poetry collection, Tírdhreacha in 2015 (LeabhairCOMHAR). Colm has had poems translated into eight languages including a Rumanian edition of his collection An Fear Marbh.

Birth date: 1961

Place of birth: Carrigrohane, Co. Cork

Share this portrait:

An Leabhar Ársa


Tóg an leabhar ársa seo
go bhfuil an clúdach leathair air ag dul i léithe,
go bhfuil na ciumhaiseanna ar na leathanaigh ann ar scéitheadh
agus an dúch orthu, leis, ag tréigean.
Tóg an leabhar ársa seo agus léigh é.

Léigh pé méid do is áil nó is féidir leat.
Faigh peann is téigh thar aon litreacha ann atá ag éag.
Scrios amach aon fhocail atá míshoiléir
agus breac isteach focail de do chuid fhéin.

Mar chlabhsúr
cuir focail eile
as a dheireadh,
scrígh aon ní is áin leat.
Fút féin atá go hiomlán,
anois.

Dein an méid seo céim ar chéim
agus chífir de réir a chéile
liathadh an chlúdaigh
scéitheadh na gciumhaiseanna
agus tréigean an dúigh
ag dul ar gcúl
chífir an ghnáthmhíorúilt ag tarlúint,
don leabhar ársa déanfar tráchtas úr.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00