Colette Nic Aodha

Colette Nic Aodha

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 23 August 2010

Setting: Galway

Rugadh agus tógadh Colette i Sruthar, Contae Mhaigh Eo. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus ghnóthaigh sí céim sa Ghaeilge agus sa Stair. Rinne sí an tArdteastas san Oideachas, agus d’fhill sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun máistreacht sa Nua-Ghaeilge a dhéanamh. Fostaíodh í mar mhúinteoir meánscoile i gColáiste na Toirbhirte, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe, an scoil ar fhreastail sí féin uirthi. Tá dánta léi i nduanairí Field Day, IV agus V agus in The White Page/An Bhileog Bhán: Twentieth Century Irish Women Poets (Salmon, 1999) a chuir Joan McBreen in eagar. Bhuaigh sí duais i bhFéile Filíochta Dhún Laoghaire i 1993. Cuireadh gearrscéalta léi i gcló sna hirisí Comhar agus Feasta agus sa nuachtán Lá Nua. In 2009 foilsíodh leabhar uaithi faoi Raiftearaí: Raiftearaí, i gCeartlár a Dhaoine San Aonú hAois is Fiche (Coiscéim, 2009) mar aon le cnuasach filíochta, Scéal Ón Oirthear (Coiscéim, 2009). Scríobhann Colette i mBéarla freisin. The Peeling of the Skin (Arlen House), an foilseachán is déanaí uaithi i mBéarla.

Colette Nic Aodha was born in Shrule, Co. Mayo. She lives in Galway. A writer in both Irish and English, her poetry collections are Baill Seirce (Coiscéim, 1998); Faoi Chrann Cnó Capaill (Coiscéim, 2000); Gallúnach-Ar-Rópa (Coiscéim, 2003); Sundial (Arlen House, 2005/Syracuse University Press, 2006); Between Curses/Bainne Géar (Arlen House, 2007); and Scéal ón Oirthear (Coiscéim, 2009). Colette has also published Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san Aonú hAois is Fiche (Coiscéim, 2009). Her short stories are collected as Ádh Mór (Coiscéim, 2004). Her poetry has been anthologised in such publications as Field Day, IV and V and in The White Page / An Bhileog Bhán: twentieth century Irish women poets (Galway, Salmon Poetry, 1999), edited by Joan McBreen.

Birth date: 1967

Place of birth: Shrule, Co. Mayo

Share this portrait: