Ciarán Ó Coigligh

Ciarán Ó Coigligh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 24 January 2013

Setting: Dublin

Ainmneacha pearsanta, logainmneacha, canúintí, gramadach, litríocht na Nua-Ghaeilge, an Odaisé, an Choiméide Dhiaga, an Bíobla Naofa, paidreacha dúchasacha i measc na réimsí saineolais aige. Dhá bhailiúchán filíochta déag foilsithe aige: Noda, Doineann agus Uair Bhreá, Broken English agus Dánta Eile, Cion, Cín Lae, Cúram File, Aiséirí, Zein na Gaeilge, Filíocht an Reatha, Oilithreacht, A Layman’s Liturgical Year and Other Poems, Silent Pictures Inner City Pictiúir Thostacha Lár na Cathrach. Trí úrscéal: Duibhlinn, Slán le Luimneach, Odaisé Ghael-Mheiriceánach/An Irish-American Dream. Bailiúchán amháin gearrscéalta: An Troigh ar an Tairne agus ceoldráma, Vailintín. I measc saothar acadúil tá: An Odaisé, An Choiméide Dhiaga, Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais, An Fhilíocht Chomhaimseartha 19751985, Caitlín Maude: Dánta, Drámaíocht agus Prós, Seanchas Inis Meáin,Tomás Bán, Ag Réiteach le hAghaidh Faoistine, Léarscáil Inis Meáin, Dánta Eoin Pól II, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm. Ghnóthaigh a chéad úrscéal duais náisiúnta agus ghnóthaigh a chuid filíochta trí dhuais idirnáisiúnta. Bronnadh Sparánacht Litríochta de chuid na Comhairle Ealaíon air i 1993 agus Dámhachtain Taistil agus Oiliúna in 2010.

Worked in the Modern Irish Departments of NUI Gaway and NUI Dublin and in the Department of Irish Folklore, Dublin. Personal names, place names, dialects, Modern Irish literature, the Odyssey, the Divine Comedy, the Holy Bible, traditional prayers amongst his areas of expertise. A professor of language, literature and civilization in Saint Patrick’s College, Dublin; President of Newman College Ireland. He has published twelve collections of poetry, three novels, one collection of short stories and one musical: Valaintín. He has also published over fifty articles and over fifty reviews. His first novel won a national prize and his poetry has earned him three international prizes. He was awarded an Arts Council Literary Bursary in 1993 and a Travel and Training Award in 2010. The sole Irish representative at the Meeting with Artists which Benedict XVI held on November 21st 2009 in Rome. He won the Colm Cille Prize at the Strokestown International Poetry Competition in 2011. He represented Ireland on the Poets Tour of Scotland in 2012.

Birth date: 1952

Place of birth: Dublin

Share this portrait:
6
Tinneas agus Bás
I Márta bhliain a bháis thriall Meait ar obair ní b’éadroime le tacaíocht fear
An ionaid oibre a thuig a chás is ar mhór acu comhluadar a gcuiditheora féin.
Domhnach na Tríonóide faoi theas céatach na gréine thug Meait aghaidh
ar a thríú hAifreann i Séipéal San Saviour na nDoiminiceánach cóir.
Dheifrigh ar nós i gcónaí timpeall Chearnóg Mhuinseo, ar feadh Phlás Gardiner,
Síos Ré Gardiner, is ar feadh Chearnóg Parnell Thuaidh. Mhoilligh ar Lána Granby is thit.
Bhí banaltra, póilí is poitigéir ar an láthair gan mhoill is cuireadh fios ar shagart.
Dhún a shúil le linn do chlog an tséipéil clingeadh – glaoch Dé chun Eocairiste

7
Críoch
Seachtar gach ar thaobhaigh a Aifreann sochraide
Triallann mílte anois ar Shéipéal Mhuire Lourdes, Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada
Is adhrtar a thaisí is cuirtear a ainm os ard is iarrtar air a liacht sin achainí
Is tugann seisean an freagra céanna is a thug dá chomhaoiseanna féin:
‘Más féidir liom-sa é a dhéanamh is féidir leat-sa le cúnamh Dé’.

Ba é Matha rogha soiscéalaí Mheait is d’éist lena aithris ar fhocail Chríost:
‘Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar is trom-ualach oraibh agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí chugam ar scoil, mar táim ceansa uiríseal ó chroí agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha.’
Dúirt Matha go ndúirt Críost thairis sin lena aspail is lena dheisceabail is linne:
‘Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur n-athair neamhaí foirfe.’
Tháinig Meait ar a chiall is shantaigh an fhoirfeacht Chríostaí in áit an óil.

Sliocht as ‘Meait’