Ceaití Ní Bheildiúin
Photographer: Máire Uí Mhaicín
Usage rights: Foras na Gaeilge
Date: 14 September 2011
Setting: Clash, Co. Kerry
Genres: Playwright, Poet
Tá trí chnuasach filíochta de chuid Cheaití foilsithe ag Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. Chaith an file tréimhse ina scríbhneoir cónaitheach faoi scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke 2008 - 2009, sa Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, agus bhí sí gníomhach mar bhall de choiste An Fhéile Bheag Filíochta, féile bhliantúil dhátheangach i gCorca Dhuibhne, 2008–2015. Shaothraigh sí mar eagarthóir don leabhar sainiúil An Chraobh Óir: Festschrift don Ollamh, obair lámhdéanta in ómós don Mhonsignor Pádraig Ó Fiannachta (IMRAM 2011); agus bhí sí mar eagarthóir ar Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Léiríodh dhá ghearrdhráma óna peann in amharclann an LAB sa Daingean — Triúr (2013) agus Port na Mammies (2010). Mar thacaíocht dá cuid scríbhneoireachta, bronnadh sparánachtaí uirthi — Ealaín na Gaeltachta (2014), an Chomhairle Ealaíon (2010). Tá Duais Fhoras na Gaeilge 2015 i measc na ngradam a ghnóthaigh a dánta.
Three volumes of Ceaití’s poems have been published by Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. She was writer-in-residence at the Díseart in Dingle, 2008-2009, and an active member of the Féile Bheag Filíochta committee, 2008–2015. She edited the uniquely handcrafted book of poetry in honour of Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, An Chraobh Óir: Festscrift don Ollamh (IMRAM, 2011); and was editor of Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Two short dramas written by Ceaití have been successfully staged at the LAB theatre, Dingle. In support of her writing she was awarded a bursary by Ealaín na Gaeltachta (2014) and one by The Arts Council (2010). Duais Fhoras na Gaeilge 2015 is among the awards she has received for her poetry.
An Leanbh Faoi Do Leaba
Cé hé an leanbh faoi do leaba?
Shnámh a lapa amach inné
ag tarraingt ar mo sciorta.
Aréir chonac mogaill a shúl
ag gliúcaíocht orm,
a bheola ramhra craoraca ina mbreill
is a theanga ataithe sáite tríothu.
Chuala friotal a bhéil ar maidin
is faighim boladh bréan a chlúidín anois.
An é do leanbhsa é?
Nó an é mo leanbhsa,
a sciob lámh fhada
fhia-chailleach Bull Bhalbhae
nuair a shín sí a lámh
anuas tríd an simné?
An leanbh suirí
nó leanbh leasa é?
An leanbh do bhrionglóide é
nó leanbh mo bhrionglóidse?
Is cuma sa diabhal.
Cuir bríste air is léine,
nó gúna is ribíní.
Cuirfimid sa phram é
go rianóimid ár slí
amach sa tsaol le chéile.
Léireoimid na hiontaisí dó.
Ceaití Ní Bheildiúin, lch 18, Meirge an Laoich (Coiscéim, 2013)