Cathal Ó Háinle

Cathal Ó Háinle

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 20 November 2018

Setting: Trinity College, University of Dublin

Rugadh Cathal Ó Háinle i mBuaile na hAbhann, Co. na hIarmhí, sa bhliain 1940. Bhí a athair ina phríomhoide sa bhunscoil ansiúd, agus is sa scoil sin a fuair Cathal a chuid bunoideachais. Is i gColáiste N. Meal i Longfort a cuireadh meánoideachas air. Ina dhiaidh sin bhí sé ina mhac léinn sagartóireachta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, áit ar bhain sé B. A. sa Léann Ceilteach agus B. D. sa Diagacht amach. Bhain sé M. A. sa Nua-Ghaeilge amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus chaith bliain ina mhac léinn cuairte in Ollscoil Mhünchen sa Ghearmáin. Ceapadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1967. Bhog sé sa bhliain 1977 go dtí Coláiste na Tríonóide, áit ar ceapadh é ina léachtóir agus ar ball ina chomhollamh. Bronnadh Comhaltacht de chuid an Choláiste agus an chéim D.Litt. air níos déanaí agus ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge sa bhliain 1990. Chuaigh sé ar scor sa bhliain 2004. Tá mórán léachtaí poiblí tugtha aige in Éirinn agus thar lear agus mórán aistí foilsithe aige ar ghnéithe de litríocht agus de theanga na Gaeilge Clasaicí agus Nua-Ghaeilge na linne seo.

Tá trí dhíolaim dá chuid aistí foilsithe aige, mar atá Promhadh Pinn (1978), Scáthanna (2008) agus Ceann faoi Eite (2013), agus is é eagarthóir An Leicseanáir (1970), Gearrscéalta an Phiarsaigh (1979, 1999), Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), Barbed Wire (le Máirtín Ó Cadhain, 2002), Cré na Cille (le Máirtín Ó Cadhain, an tríú heagrán, 2007) agus Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis (2014), agus comheagarthóir Unity in Diversity (2004) é. Mar bhall de Choiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge (2005-) bhí baint mhór aige le foilsiú An Leabhar Aifrinn Rómhánach (2017). Foilsíodh Féilscríbhinn in ómós dó sa bhliain 2012.

Tá Cathal pósta le hÍde, agus tá beirt iníonacha acu, Fionnuala agus Caoimhe.

Cathal Ó Háinle was born in Ballinahown, Co. Westmeath, in 1940. He received his primary education there in the school of which his father was principal teacher, and his secondary education in St. Mel’s College, Longford. He then went as a clerical student to St. Patrick’s College, Maynooth, where he was awarded a B. A. in Celtic Studies and a B. D. in Theology. Further studies at University College Dublin, led to an M. A. in Modern Irish, after which he spent a year as a visiting student at the University of München. He was appointed to the Chair of Modern Irish at St. Patrick’s College, Maynooth, in 1967, and then in 1977 he moved to Trinity College, Dublin, where he took up a post as lecturer, and later associate professor, in the School of Irish. He was subsequently awarded the degree D. Litt. and was elected to Fellowship of Trinity College in 1982, and in 1990 he was appointed to the Chair of Irish which he held until his retirement in 2004. He has delivered many public lectures in Ireland and abroad and has published many papers on aspects of the literature and language of Early Modern and Modern Irish.

He has published three collections of his essays: Promhadh Pinn (1978), Scáthanna (2008) and Ceann faoi Eite (2013) and has edited An Leicseanáir (1970), Gearrscéalta an Phiarsaigh (1979, 1999), Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), Barbed Wire (by Máirtín Ó Cadhain, 2002), Cré na Cille (by Máirtín Ó Cadhain, third edition, 2007) and Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis (2014), and co-edited Unity in Diversity (2004). As a member of the Catholic Bishops’ Advisory Council for the Liturgy in Irish since 2005 he played a significant rôle in the publication of An Leabhar Aifrinn Rómhánach (2017). He was honoured by the publication of Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle in 2012.

Cathal is married to Íde and they have two daughters, Fionnuala and Caoimhe.

Birth date: 25 March 1940

Share this portrait:

Déanann Máirtín Ó Cadhain magadh faoi féin chomh maith le cách eile sa saothar seo, mar dhia nach bhfuil cúis gearáin ag daoine eile a ndéanann sé ceap magaidh díobh ón uair go bhfuil sé sásta é féin a bhualadh leis an maide céanna lena mbuaileann sé iadsan!

Tá sé in ann labhairt faoi féin sa tríú pearsa sa saothar seo mar go bhfuil sé tugtha le fios nach ionann údair na n-aistí agus Máirtín Ó Cadhain, údar an tsaothair. Tá ainmneacha sínithe le trí cinn de na haistí nó le haguisíní leo: ‘Pundún Fíréan’ agus ‘Snaidhm ar Bundún’ le haguisíní ag deireadh na chéad aiste, ‘Ulchabhán Neamhurchóideach’ ag deireadh an tríú haiste agus ‘Mahomet Pháidín Dhúda’ ag deireadh an ceathrú ceann. Níl aon ainm sínithe leis an dara haiste, áfach.

Agus údar na chéad aiste ag liostú daoine ar chóir go mbeadh sé éigeantach go mbeadh croiméal orthu, tá an Cadhanach luaite aige agus deir sé gur chóir go mbeadh a chroiméal ‘dúchrón [agus] Ga Bolga, inneoin cheárta nó buama mógatóin a bheith ar mhullach gach uile róin di’ (lch 9). Agus ar ball tugann sé an tuairisc seo ar an gCadhanach: ‘mac sanaise [.i. páiste gréine], cinnte, ach cé dó?’ (lch 17). Ligeann sé do phearsana eile a mbarúil faoi a nochtadh freisin. Tugann siad ‘an tÍseal ó Cadhain’ air (lch 183), agus tugann siad ‘an Ghruaim’ mar leasainm air go minic freisin: mar shampla, tugtar ‘an Collach Mór, an Ghruaim’ air in áit amháin (lch 89), agus ‘an fear gruamanta sin, Gruaim’ in áit eile (lch 94). Duine contúirteach mímhorálta is ea an Ghruaim seo mar gur scríbhneoir é, ‘éigsín’, arb é atá ina shaothar ‘brúisc-mhaidhm gháirsiúlachta’, sa chaoi nach mór a bheith á fhaire de bhrí nach gnáth-thír í Éire agus nach foláir do gach uile dhuine a bheith ‘ina Bhastille moráltacht sa gcath atá le cur leis an tír a shlánú’ (lgh 94-5). Is é an buille faoina leithéid sin gur ríléir gur daoine ceartchreidmheacha piúratánacha coimeádacha iad na pearsana a labhraíonn mar sin faoin nGruaim, rud a fhágann gur mar mholadh seachas mar cháineadh air is dóichí a léifí na barúlacha sin ina thaobh – cleas cliste Cadhanach!

‘Réamhrá An Eagarthóra’, Máirtín Ó Cadhain, Barbed Wire, 2002, Coiscéim, lgh. xv-xvi.