Caitríona Ní Chléirchín

Caitríona Ní Chléirchín

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 2 September 2010

Setting: Dublin

Genres: Poet, Reviewer

Is file, criticeoir agus léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach í Caitríona Ní Chléirchín. Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas don fhile seo. Bhuaigh a céad chnuasach filíochta Crithloinnir an chéad duais san Oireachtas i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2010. Bhuaigh a dara cnuasach An Bhrídeach Sí (2014) Duais Mhíchíl Uí Airtnéide in 2015. Chríochnaigh sí a dochtúireacht ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson in 2014. Tá dánta foilsithe aici in Comhar, Irish Pages, Cyphers, An tUltach agus An Guth agus cinn eile. Chuir Liam Carson a saothar i gcomparáid leis an fhile Rúiseach, Marina Tsvetaeva. Liriceoir nua an ghrá is ea í, mar chomharba ar Mháire Mhac an tSaoi.

Caitríona Ní Chléirchín is an Irish-language poet, critic and lecturer at St. Patrick’s College, Drumcondra. She is originally from Monaghan and published her début collection of poetry in Irish in 2010, Crithloinnir, which won first prize in the Oireachtas competition for new writers. Her second collection, An Bhrídeach Sí, published in 2014, has won the Michael Hartnett Prize 2015. She completed her doctorate on the poetry of Nuala Ní Dhomhnaill and Biddy Jenkinson in 2014. She has published poetry in Comhar, Irish Pages, Cyphers, The Stinging Fly, An tUltach and An Guth and others. Liam Carson has compared her work to that of the famous Russian poet, Marina Tsvetaeva. She is the new love lyricist writing in Irish today and is strongly influenced by the poetry of Máire Mhac an tSaoi.

Birth date: 1978

Place of birth: Emyvale, Co. Monaghan

Share this portrait:

Capall bán

(do mo mháthair)

Tá capall bán fút, a chroí,
capall bán na síoraíochta,
capall bán an tsuaimhnis,
capall bán na séimhe.

Ná bíodh ort aon sceimhle.
Beir greim ar a mhoing.
Capall bán caoin fút,
capall ceannann fút.

Coinnigh greim air
is tú ag dul thar tairseach.
Caithfidh tú gabháil thar tairseach.

Sin an méid, a chroí
is beidh do chapall bán fút,
nuair a théann tú go dtí tír na meala
nach bhfuil gol inti go fóill.

Cluain na hEorna


I gCluain na heorna dúisíonn na smólaigh
san fhéithleog is sna hEanaigh Gheala,
éiríonn an bhrídeach sí
sioc bán ar talamh mar shról mín is síoda uirthi.

Filleann an bonnán buí
athuair ar an chluain
tionlacan cheol na ngiolcach
taobh an tsrutháin.

Éiríonn sí leis na fuiseoga ó bhreacadh an lae.
téann sí faoi cheilt sna fearnóga.
eitlíonn sí thar an mhuine bheoláin
machairí thíos fúithi.

Filleann sí san fheascar, an bhrídeach sí
le fuineadh na gréine.

Caitríona Ní Chléirchín, lch 3 An Bhrídeach Sí (Coiscéim, 2014)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00