Breandán Ó Conaire

Breandán Ó Conaire

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 2 May 2013

Setting: Portmarnock, Dublin

Ar a shaothar foilsithe, idir leabhair agus aistí, tá tuairisc agus léirmhíniú ar an Dírbheathaisnéis, ar Bhrian Ó Nualláin/Flann O’Brien, Tomás Ó Criomhthain agus údair Chorca Dhuibhne, Dubhghlas de hÍde, Dáithí Ó Coimín, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Cadhain, Pádraig Óg Ó Conaire, Pádraig Ó Beirn agus údair Ghaeilge eile. Tá saothar leis i gcló i neart tréimhseachán, e.g., Studia Hibernica, Léann, Seanchas Ard Mhacha, Irish Economic and Social History, Irish University Review, History Ireland, Scríobh, Comhar, Aimsir Óg, Nua-Aois, The Irish Times, Education Times; agus i leabhair: Éigse (1974), The Songs of Connacht/Amhráin Chúige Chonnacht (1985), Language, Lore and Lyrics (1986), Myles na Gaeilge (1986), Tomás an Bhlascaoid (1992), Aistí ag Iompar Scéil (2004), Go Meiriceá Siar (1979), Oidhreacht an Bhlascaoid (1989), Comhdháil an Chraoibhín (1993), Saoi na hÉigse (2000), The Famine Lectures/Léachtaí an Ghorta (2001), The Encyclopaedia of Ireland (2003), Dictionary of Irish Biography (2009), Séimhfhear Suairc (2013), Buile Suibhne: Perspectives and Reassessments (2014).

Formal education: Gort, Co. Galway, Murroe, Co. Limerick, Portlaw, Co. Waterford, Clontarf, Dublin, Gormanston College, Co. Meath, St. Patrick’s College, Drumcondra, Dublin, University College Dublin, University of Vallalolid, Spain. Retired as head of Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Dublin City University in 2007. Areas of special interest: Irish literature, language and cultural history; 19th and 20th century Irish boxing history. Published work includes books, anthologies and essays on Autobiography, Irish poetry, the Irish Famine, Flann O’Brien/Brian Ó Nualláin, Tomás Ó Criomhthain and writers from the Great Blasket and south-west Kerry Gaeltacht, Irish-language novelists and poets Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Cadhain, Pádraig Óg Ó Conaire, Pádraig Ó Beirn, prominent leaders of the language revival Douglas Hyde and David Comyn. Director of Comhdháil an Chraoibhín and Editor of Proceedings 1990–2002. Former President of the Irish Amateur Boxing Association (IABA), and Member of the European and World Executives (AIBA). Current International Technical Official AIBA, and Member of Referees & Judges Commission. Participant in TV Boxing documentaries on Ireland-related boxers: Dan Donnelly, Jim Driscoll, Johnny Kilbane, Tommy Hyde, Jim Branigan and IABA history (’Tales from a Neutral Corner’). Boxing analyst for TG4.

Share this portrait:

Ainneoin na ndúshlán a bhaineann le bainistiú feidhmiúil a chur i gcion ar earnáil na dírbheathaisnéise le heagar agus ord cuí chun pléite is chun léirthuisceana a chur uirthi, níl puinn amhrais ann ach go leanfaidh na húdair orthu ag tuairisciú is ag táirgiú, de réir mar is toil leo féin, de réir a nádúr indibhidiúil féin, beag beann ar theoiricí nó ar fhonn cóirithe agus córasaithe scoláirí litríochta, socheolaíochta, síceolaíochta nó eile. Is as ithir na hearnála ársa seo a d’eascair cuid de na ráitis, na forógraí, na léargais, na teistiméireachtaí is cumhachtaí, is corraithí, is cuideachtúla i stairsheanchas an duine. Is cinnte dearfa leis go mbeidh ráchairt shuntasach ar an tuarascáil bheatha i gcónaí, agus tóir de shíor ag an saol mór ar an amh-ábhar, an gheallúint, atá neadaithe istigh ina croílár, gach ‘tomhaltóir/custaiméir’ á glacadh chuige nó chuici féin, á sealbhú, á fiosrú, á cialliú ar a b(h)ealach agus de réir a riachtanais phearsanta éagsúil féin; mar is inti a lorgóimid cuid de na heispéiris is tréine, is domhaine a shantaíonn an duine: dearbhú agus faoiseamh, dóchas agus fuascailt, eolas agus inspioráid, sólás agus suairceas, comhchaidreamh le comhdhaoine, mar aon le léirstintí úra ar an saol, ar an mbeatha, ar an duine, ar an gcine, agus orainn féin.

Breandán Ó Conaire, ‘An Dírbheathaisnéis: Genre, Coincheap nó Cíor Thuathail?' in Léann: Iris Chumann Léann na Litriochta 1 (Cumann Léann na Litríochta, 2007: 25).

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00