Breandán Mac Gearailt

Breandán Mac Gearailt

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 14 September 2011

Setting: Marhin, Ballyferriter

Iarmhúinteoir, feirmeoir, iriseoir páirtaimseartha, colúnaí agus fear feachtais nuair is gá is ea Breandán Mac Gearailt. Bhunaigh sé Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCiarraí, agus bhí ina eagarthóir ar go leor irisí, Misneach agus Iris na gCearta san áireamh. Bhí sé chun cinn sa bhfeachtas a bhain amach Údarás na Gaeltachta i 1979, sheas sé sa chéad toghchán, agus tá sé ina bhall den Bhord ó shin, tar éis don phobal é a atoghadh ar gach ócáid. Tá sé leabhar scríofa ag Breandán, mar aon le leabhráin turasóireachta. Is iad sin 2,000+ Ceist, 500 Mallacht Ort, 500 Beannacht Ort, 200+ Tréanna, An Blas Muimhneach 1, agus An Blas Muimhneach 2, Meascra [scéalta grinn], Seanfhocail gan Sárú agus Na Laochra Seo 'Gainne [Corca Dhuibhne]. Coiscéim a d’fhoilsigh iad. Faoi láthair tá sé ag scríobh leabhair dar teideal Logainmneacha Mínithe, ar logainmneacha bailte i ngach contae maraon le heolas faoi dhaoine cáiliúla i scata de na bailte sin. Tá sé ag obair ar thrí leabhar eile chomh maith, ceann filíochta, ceann magaidh, agus ceann faoina bheatha féin. Tá an-suim aige sa stair, sa cheol, sa pheil agus san iomáint, i bhfir, i mná agus i dtodhchaí na teanga. 

Breandán Mac Gearailt is a former teacher, farmer, part-time journalist and activist. He established the Gaeltacht Civil Rights Movement in Kerry, and edited a number of journals, including Misneach and Iris na gCearta. He organised a campaign for Scoil Dhún Chaoin and organised a march in 1971 from Dún Chaoin to Dublin demanding rights for the Gaeltacht community, the reopening of the school, and the establishment of a democratic Gaeltacht organisation. He stood in the first election of Údarás na Gaeltachta in 1979 and has been a member of the Board since then, having been re-elected on each subsequent occasion. He was also a County Councillor and Lord Mayor of Kerry. He has written six books as well as tourist booklets, including 2,000+ Ceist, 500 Mallacht Ort, 500 Beannacht Ort, 200+ Tréanna, An Blas Muimhneach 1, and An Blas Muimhneach 2, Meascra, Seanfhocail gan Sárú and Na Laochra Seo 'Gainne. He is currently working on a book of place names to be titled Logainmneacha Mínithe. He is working on three other books as well, a poetry collection, a humorous book, and an autobiography. He is very interested in history, music, football and hurling, in men and women, and in the future of the language.

Place of birth: Moorestown, Co. Kerry

Share this portrait:

Circa 1867 báthadh triúr Luasach ó Bhaile Móir, agus iad ag tarrac photaí gliomach. Chum Séan Ó Duinnshléibhe caoineadh ortha, ‘Caoineadh na Luasach’.

Is sa bhliain 1868 a báthadh ‘Bád Bhaile Uí Bhoithín’ agus criú do chúigear fear amach ó Rinneach mar a rabhdar ag iascach. Ina measc bhí Muircheartach (go raibh a dheartháir díreach tar éis Conchúrach ó Chill Chúile a phósadh), agus ní ró-chinnte atáim ach meastar go raibh triúr Chonchúrach, Mainíneach agus Cinnéideach i gceist. Bhí cúig clanna Conchúrach ar an mbaile san am. Dar le [CNM] go raibh nath luaite leis an dtragóid sin agus go lean tagairtí don mhí-ádh ar feadh na mblianta.

’Sí an bhliain 1870 atá luaite le bás beirt dhearthár, Conchúraigh, ó Bhaile Reo. Bhí an bheirt d’fheara crua láidre ag bailiú feamnaí le líon i mBanc an Dúinín, nuair a scuabadh amach chun farraige iad. Caitheadh na coirp isteach ar an gcladach. Tamall roimhe sin báthadh gaiscíoch fir eile, Ó Laoi ón bhFeóthanaigh ar an gcuma chéanna.

Breandán Mac Gearailt, An Blas Muimhneach I, Coiscéim 2007, lch 242.