Breandán Mac Gearailt
Photographer: Máire Uí Mhaicín
Usage rights: Foras na Gaeilge
Date: 14 September 2011
Setting: Marhin, Ballyferriter
Genres: Folklorist, Columnist, Poet, Journalist, Non-fiction prose writer, Historian
Iarmhúinteoir, feirmeoir, iriseoir páirtaimseartha, colúnaí agus fear feachtais nuair is gá is ea Breandán Mac Gearailt. Bhunaigh sé Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCiarraí, agus bhí ina eagarthóir ar go leor irisí, Misneach agus Iris na gCearta san áireamh. Bhí sé chun cinn sa bhfeachtas a bhain amach Údarás na Gaeltachta i 1979, sheas sé sa chéad toghchán, agus tá sé ina bhall den Bhord ó shin, tar éis don phobal é a atoghadh ar gach ócáid. Tá sé leabhar scríofa ag Breandán, mar aon le leabhráin turasóireachta. Is iad sin 2,000+ Ceist, 500 Mallacht Ort, 500 Beannacht Ort, 200+ Tréanna, An Blas Muimhneach 1, agus An Blas Muimhneach 2, Meascra [scéalta grinn], Seanfhocail gan Sárú agus Na Laochra Seo 'Gainne [Corca Dhuibhne]. Coiscéim a d’fhoilsigh iad. Faoi láthair tá sé ag scríobh leabhair dar teideal Logainmneacha Mínithe, ar logainmneacha bailte i ngach contae maraon le heolas faoi dhaoine cáiliúla i scata de na bailte sin. Tá sé ag obair ar thrí leabhar eile chomh maith, ceann filíochta, ceann magaidh, agus ceann faoina bheatha féin. Tá an-suim aige sa stair, sa cheol, sa pheil agus san iomáint, i bhfir, i mná agus i dtodhchaí na teanga.
Breandán Mac Gearailt is a former teacher, farmer, part-time journalist and activist. He established the Gaeltacht Civil Rights Movement in Kerry, and edited a number of journals, including Misneach and Iris na gCearta. He organised a campaign for Scoil Dhún Chaoin and organised a march in 1971 from Dún Chaoin to Dublin demanding rights for the Gaeltacht community, the reopening of the school, and the establishment of a democratic Gaeltacht organisation. He stood in the first election of Údarás na Gaeltachta in 1979 and has been a member of the Board since then, having been re-elected on each subsequent occasion. He was also a County Councillor and Lord Mayor of Kerry. He has written six books as well as tourist booklets, including 2,000+ Ceist, 500 Mallacht Ort, 500 Beannacht Ort, 200+ Tréanna, An Blas Muimhneach 1, and An Blas Muimhneach 2, Meascra, Seanfhocail gan Sárú and Na Laochra Seo 'Gainne. He is currently working on a book of place names to be titled Logainmneacha Mínithe. He is working on three other books as well, a poetry collection, a humorous book, and an autobiography. He is very interested in history, music, football and hurling, in men and women, and in the future of the language.
Circa 1867 báthadh triúr Luasach ó Bhaile Móir, agus iad ag tarrac photaí gliomach. Chum Séan Ó Duinnshléibhe caoineadh ortha, ‘Caoineadh na Luasach’.
Is sa bhliain 1868 a báthadh ‘Bád Bhaile Uí Bhoithín’ agus criú do chúigear fear amach ó Rinneach mar a rabhdar ag iascach. Ina measc bhí Muircheartach (go raibh a dheartháir díreach tar éis Conchúrach ó Chill Chúile a phósadh), agus ní ró-chinnte atáim ach meastar go raibh triúr Chonchúrach, Mainíneach agus Cinnéideach i gceist. Bhí cúig clanna Conchúrach ar an mbaile san am. Dar le [CNM] go raibh nath luaite leis an dtragóid sin agus go lean tagairtí don mhí-ádh ar feadh na mblianta.
’Sí an bhliain 1870 atá luaite le bás beirt dhearthár, Conchúraigh, ó Bhaile Reo. Bhí an bheirt d’fheara crua láidre ag bailiú feamnaí le líon i mBanc an Dúinín, nuair a scuabadh amach chun farraige iad. Caitheadh na coirp isteach ar an gcladach. Tamall roimhe sin báthadh gaiscíoch fir eile, Ó Laoi ón bhFeóthanaigh ar an gcuma chéanna.
Breandán Mac Gearailt, An Blas Muimhneach I, Coiscéim 2007, lch 242.