Biddy Jenkinson

Biddy Jenkinson

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 4 June 2010

Setting: Derrybawn, Co. Wicklow

Alternate portrait: Portráid

Braitheann an t-údar seo nach ann di. I ngeall air sin bíonn ainm cleite in úsáid aici. Nuair a bhíonn sí ag scríobh is cinnte nach mbíonn sí istigh léi féin agus nuair nach mbíonn sí ag scríobh ní bhíonn sí istigh léi féin ach oiread. An fhaoistin seo déanta, admhóidh sí go bhfuil buanna áirithe aici a chuireann ar a cumas cumadóireacht a dhéanamh. An bua is tábhachtaí: fiosracht. Ina dhiaidh sin, in ord tábhachta: gan a bheith in ann aon ní a dhéanamh i gceart ar an gcéad iarracht, gan a bheith in ann cuimhneamh go cruinn ar rud ar bith atá cloiste ná léite, gan aon phíosa a ligint uaithi go ndéanann sé gáire beag de chineál éigin. Ar mhaithe lena bheith dearfach ina taobh féin, maífidh sí go bhfuil scileanna praiticiúla áirithe aici a théann chun leas na healaíne: cupán caife breá láidir a dhéanamh, buidéal te a líonadh, scríobh sna himill. Ní mian leis an mbanfhile seo go n-aistreofaí a saothar go Béarla ach cuireann sí leaganacha Fraincise ar fáil a mbíonn fáilte rompu.

Biddy Jenkinson (a pseudonym) is an Irish poet, short story writer and dramatist. She was born in Dublin and attended University College, Cork. She has published several collections of verse as well as short stories and plays. She has a deep interest in literary tradition. Her chosen creative language is Irish and she has expressed her opposition to ‘the insistence that everything written in Irish be translated immediately into English’. Her work has been praised for its passion, humour and variety. She was editor of Éigse Éireann's Poetry Ireland Review from 2000 to 2001.

Birth date: 1949

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Scéal do Bhainise

do M. agus V. 25 Márta '02

Scéal do bhainise
plúirín sneachta im gháirdín geimhridh,
péacadh samhaircín idir dhá lá síne.
Tá fiacha dubha ag éirí ar an ngála
is ag titim
i rothalchleasa grá, ag éamh
ag tinneas seirce.
Canaim leo, id onóir.
Is geal gach dubh inniu,
is nua gach sean.

Corraíonn an chré faoi mo lámha garraíodóra.
Is leat gach fríd faoi mheidhir
faoi m'íngne smeartha,
gach míol, gach drúichtín earraigh.
Is leat mo cheapach bláth, an eascairt, an beangán tais,
an bhachlóg shéidte, an síol a chuireann cos
i gcré, cos i dtaca, fréamh go lár.

Éiríonn bumbóg dá leaba gheimhridh
agus ólann sí ó chuach aitinn.
Do shláinte, a stór!
Titeann fras fearthainne.
Duitse an bogha síne
crochta thar bhéal an ghleanna.

Tabhair leat isteach do ghrá
faoin stua
go ndeargód leaba dhaoibh
im ghrianán solais.
Trí chuilce an earraigh romhaibh:
an chraobh thúise,
luachair Bhríde,
cáitheadh pailine ón gcoll.

Gluaiseadh an solas chugaibh le fána
de dhroim raithní rua,
de dhroim cíbe, teilgthe ag an gcuileann.
Tá cór na n-éan faoi réir, is ar bhur dteacht,
brisfidh tonn ceoil an earraigh.

Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00