Aogán Ó Muircheartaigh

Aogán Ó Muircheartaigh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 20 September 2011

Setting: Dunquin, Co. Kerry

Genres: Poet, Journalist

File, eagarthóir agus aistritheoir é Aogán Ó Muircheartaigh. Chaith sé formhór a shaoil ag obair ina chraoltóir le Raidió na Gaeltachta. I measc na leabhar leis a foilsíodh, bhí na cnuasaigh filíochta seo: Oíche Ghréine (Coiscéim, 1987), Drúcht ar Chneas (Coiscéim, 1992), Athbheatha (Coiscéim, 2002), Os Cionn Talún (Coiscéim, 2015). Bhuaigh Oíche Ghréine duais filíochta Sheáin Uí Ríordáin ag Oireachtas na Gaeilge 1987. Ba é eagarthóir leabhair a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i measc leabhair an Bhlascaoid: Oidhreacht an Bhlascaoid (Coiscéim, 1989). Dhein sé athinsint ar sheanscéalta sna trí leabhar: Táin Bó Cuailgne (Coiscéim, 1992), Cath Fionntrá (Coiscéim, 1994), Diarmaid agus Gráinne (Coiscéim, 2001). I measc a chuid aistriúchán tá: An Bláithín Draíochta [bunscéal le Valentin Katayev (Clódhanna Teoranta, 1976)], Mactíre an Cheoil [bunscéalta le Boris Zakhoder (Clódhanna Teoranta, 1976)], Ómós Mhichíl [bunfhilíocht Homage le Mícheál Fanning (Coiscéim, 2010)] agus athleaganacha de cheithre cinn de dhánta Laidine Catullus, foilsithe in Catullus Gaelach (Coiscéim, 2010) agus in The Irish Catullus or One Gentleman of Verona (A & A Farmar Book Publishers, 2010). 

Aogán Ó Muircheartaigh is a poet, editor and translator. He spent most of his working life as a broadcaster with Raidió na Gaeltachta. His published poetry collections are: Oíche Ghréine (Coiscéim, 1987), Drúcht ar Chneas (Coiscéim, 1992), Athbheatha (Coiscéim, 2002), Os Cionn Talún (Coiscéim, 2015). His Oíche Ghréine won the Seán Ó Ríordáin prize at the Oireachtas na Gaeilge festival in 1987. He was editor of one of the most important books in the library of the Great Blasket Island: Oidhreacht an Bhlascaoid (Coiscéim, 1989). He has retold some of our old myths and legends in the following three books: Táin Bó Cuailgne (Coiscéim, 1992), Cath Fionntrá (Coiscéim, 1994), Diarmaid agus Gráinne (Coiscéim, 2001). Among his translations are: An Bláithín Draíochta [original by Valentin Katayev (Clódhanna Teoranta, 1976)], Mactíre an Cheoil [original by Boris Zakhoder. (Clódhanna Teoranta, 1976)], Ómós Mhichíl [bunfhilíocht Homage le Mícheál Fanning (Coiscéim, 2010)], and versions of four poems by the Latin poet Catullus, published in Catullus Gaelach (Coiscéim, 2010) and in The Irish Catullus or One Gentleman of Verona (A & A Farmar Book Publishers, 2010).

Birth date: 1948

Share this portrait:

Iníon an Osréalaí

Spalpas gach aon saghas gibirise an tríú huair agam bualadh le hiníon an Osréalaí. Dúrt léi ná raibh lem shaol aon bhean im bhrionglóidí ach a leithéid féin. Dheineas meangadh gáire arís léi agus dúrt a hainm arís is arís eile. Lándáiríre. Ach deineadh storc dubh d’iníon an Osréalaí agus bhog sí léi go gualainn carad liom. Chuimil sí a muinéal fada de leiceann mo charad. Chonaic mé mo chara ar a dhícheall chun ná hathródh sé ina fhrog, agus ar deireadh dhein sé an bheart nuair a d’athraigh sé, ina áit sin, ina phonc-racaire. Ghlac an ponc-racaire leis gurbh í iníon an Osréalaí, a bhí anois ina storc dubh, a thiománaí. ‘Mhaith liom dul go hOileán Hiiumaa anois,’ arsa an ponc-racaire agus, láithreach bonn, shuigh an storc dubh laistiar den roth. D’fhaireas tamall agus iad ag comáint leo. Phriocas liom ansan chun roinnt ríomhphostanna a sheoladh amach agus chuas a chodladh. An oíche sin im bhrionglóid dom shamhlaíos go rabhas ag eitilt i ndoircheacht na hoíche, cá bhfios cén áit, ar dhroim stoirc dhuibh a bhí ag grágaíl go cráite. Dúirt mo chara liom ar ball ná raibh ar a chumas diúltú don gcathú ar Oileán Hiiumaa agus go n-imigh sé ag ól beorach ar chúl sceiche le cúileann ghormshúileach de phonc-racaire.

Aogán Ó Muircheartaigh, Sliocht as athleagan de ghearrscéal le Kristiina Ehin a foilsíodh ar Feasta (lch 6-7, Samhain 2015)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00