Anna Heussaff

Anna Heussaff

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 15 October 2010

Setting: At home, Dublin

Is úrscéalaí í Anna Heussaff a scríobhann do léitheoirí fásta agus don aos óg. Is úrscéalta bleachtaireachta iad Bás Tobann (Cois Life, 2004), Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015); is eachtraí mistéire iad Vortex (Cois Life, 2006) agus Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012); agus is úrscéal grá d'fhoghlaimeoirí fásta é Cúpla Focal (Cois Life, 2007). Bronnadh mórdhuais i gComórtais an Oireachtais orthu go léir agus bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí ar Hóng ag duaiseanna Leabhair Pháistí Éireann/CBI 2013. Is aistriúchán é Deadly Intent (Severn House, 2014) a rinne an t-údar ar Buille Marfach, faoin ainm cleite Anna Sweeney. D'fhoilsigh Futa Fata i gcomhar le Dorling Kindersley trí leabhar fhíriciúla a d’aistrigh sí ón mBéarla: Seo í mo Scoil, Leabhar Mór na hEalaíne agus Leabhar Mór an Cheoil. Ceapadh Anna Heussaff ina Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, don bhliain 2016. Bhí sí fostaithe in RTÉ sna blianta 1985–2002 ina léiritheoir teilifíse agus taighdeoir raidió, agus craolann sí ó am go chéile ar chúrsaí litríochta agus ar chúrsaí reatha. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.

Anna Heussaff is a novelist writing for adults and for young readers. Bás Tobann (Cois Life, 2004), Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010) and Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015) are contemporary crime novels; Vortex (Cois Life, 2006) and Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012) are adventure mysteries; and Cúpla Focal (Cois Life, 2007) is a quirky love story for adult learners of Irish. All six received major awards at Comórtais Liteartha an Oireachtais; and in 2013 Hóng received the Judges' Special Award from Children's Books Ireland. Deadly Intent (Severn House, 2014) is the author's own translation of Buille Marfach, under her pen name Anna Sweeney. She also translated three reference books for young readers from English for Futa Fata and Dorling Kindersley: Seo í mo Scoil, Leabhar Mór na hEalaíne and Leabhar Mór an Cheoil. She was appointed Writer-in-Residence in St. Patrick's College, Drumcondra, for 2016. From 1985–2002, she was a radio researcher and television producer/director with RTÉ, and she broadcasts on current affairs and literary issues from time to time. She lives in Dublin.

Pen name: Anna Sweeney

Birth date: 1957

Place of birth: Limerick

Share this portrait:

Ghlac sí coiscéim eile isteach sa chillín. Samhlaíodh di go raibh sí ag gluaiseacht go mall, amhail is gur moillíodh an scannán. Bhí bróg chorcra ar an urlár nár bhain le saol an naoú haois déag. Tharraing an treoraí an phluid siar go cúramach. Stán sí féin agus Aoife ar a chéile.

Bhí éadach corcra síodúil le feiceáil faoin bpluid liath, agus cloigeann a raibh gruaig chatach dhubh air. Bhí bean ina luí faoin bpluid, a haghaidh chomh righin le dealbh cloiche.

Bhí a géag caite trasna ar a cliabhrach, agus chuir Janis a lámh amach chun a cuisle a thomhas. Ach thuig sí féin agus Aoife go raibh sé rómhall chuige sin. Bhí Saoirse chomh fuar, marbh is a bhí Ellen Cassidy ar an leaba chéanna fadó.

“Bí cúramach gan aon rud a chorraí!” arsa Aoife. Go giorraisc a tháinig na focail uaithi ach ní raibh neart aici air. Bhí a cosa ar snámh fúithi agus a cuid smaointe ar fán.

Anna Heussaff, Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00