Angela Bourke

Angela Bourke

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 15 December 2011

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Tógadh Angela Bourke MRIA (Aingeal de Búrca, Angela Partridge) le Béarla i mBaile Átha Cliath. D’fhoghlaim Gaeilge ar an mbunscoil agus ar choláiste Gaeilge i gCarna, Co. na Gaillimhe. Thug Johnny Simon Ó Ceoinín uchtach di i labhairt agus scríobh na Gaeilge nuair a bhuaigh sí comórtas gearrscéalaíochta ansin in aois a 16. Foilsíodh scéal na duaise, ‘Eachtra’, i Nua-Aois 1 (1970), agus gearrscéalta eile uaithi i bhfad níos déanaí. BA céad onóracha sa Léann Ceilteach, scoláireachtaí iarchéime, bonn óir don tSean-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1972. Bliain ag foghlaim le Seán Ó Súilleabháin i gCartlann Bhéaloideas Éireann, UCD; MA 1974, agus Staidéaracht Taistil sa Léann Ceilteach. Taighde dochtúireachta: bailiú amhrán i gCarna; díriú ar amhráin bheannaithe san Université de Bretagne Occidentale. Toradh ar an obair sin a tráchtas dochtúireachta agus a céad leabhar, Caoineadh na dTrí Muire (1983). Tréimhsí caite aici ina hollamh cuarda nó ina comhalta acadúil sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa tSeapáin, i Monaco agus i Sasana; na céadta aoi-léacht tugtha; cláracha teilifíse agus raidió; foilseacháin i nGaeilge & i mBéarla, m.sh. The Burning of Bridget Cleary: A True Story (1999); Maeve Brennan: Homesick at The New Yorker (2004); The Field Day Anthology, iml. 4 & 5: Irish Women’s Writing and Traditions (2002, comheagarthóir). Í ina hollamh emeritus le Léann na Gaeilge, UCD.

Angela Bourke MRIA (Aingeal de Búrca, Angela Partridge) grew up in Dublin, learning Irish at primary school and in Carna, Co. Galway, where Seán Ó Ceoinín NT encouraged her efforts to speak and write the language, after she won a short-story competition. Her story, ‘Eachtra’ appeared in Nua-Aois 1 (1970); published more fiction later, including By Salt Water (1996). BA first-class honours, Celtic Studies; postgraduate scholarships; Mary E. Byrne Gold Medal for Early Irish, 1972. One year’s training in folklore cataloguing with Seán Ó Súilleabháin, National Folklore Collection, University College Dublin; first-class-honours MA and NUI Travelling Studentship in Celtic Studies, 1974. Doctoral research — song collecting in Carna; focus on religious song traditions at Université de Bretagne Occidentale, Brest — led to Ph. D. thesis and first book, Caoineadh na dTrí Muire (1983). Has held visiting professorships/fellowships in USA, Canada, Japan, Monaco and UK, delivered hundreds of invited lectures, contributed to and presented many TV and radio programmes, and published extensively in Irish and English. Books include The Burning of Bridget Cleary: A True Story (1999); Maeve Brennan: Homesick at The New Yorker (2004); The Field Day Anthology, vols. 4 & 5: Irish Women’s Writing and Traditions (2002, joint editor). Professor emeritus of Irish-Language Studies, UCD.

Birth date: 1952

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Is le blianta beaga anuas atá dialanna agus litreacha Alma Curtin curtha ar fáil do thaighdeoirí ag an Milwaukee County Historical Society. Léiríonn siad go raibh sí in éineacht lena fear gach lá dar chaith sé in Éirinn agus gurb í a bhreac, i luathscríbhinn, cuid mhaith (nó furmhór, b’fhéidir), de na scéalta a d’fhoilsigh seisean as Éirinn. Chuidigh sí go mór leis á n-ullmhú don chló, ag cóipeáil agus ag athchóipeáil ó láimh de réir mar a cheartaigh seisean iad. Thairis sin, tuigtear go coitianta anois sna réimsí éagsúla léinn a bhfuil ainm Jeremiah Curtin luaite leo gurb í Alma a scríobh an chuid is mó de na Memoirs i ndiaidh bhás a fir, agus gur ar a dialann féin agus ar litreacha a bhí curtha aici chuig a muintir i Vermont atá furmhór an leabhair sin bunaithe.

Angela Bourke, 'Jeremiah Curtin agus Conchúrach Iarthar Luimní', Béaloideas 82 132-40, lgh 135-36 (Cumann le Béaloideas Éireann, 2014).