Aisling Ní Dhonnchadha

Aisling Ní Dhonnchadha

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 21 November 2011

Setting: Dublin

Genres: Academic writer

Rugadh Aisling Ní Dhonnchadha in Aonach Urmhumhan, Co. Thiobraid Árann. D’fhreastail sí ar mheánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach agus ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin, mar ar dhein sí staidéar ar an bhFraincis agus an Nua-Ghaeilge don chéim BA. Bhain céimeanna MA agus Ph. D. amach san ollscoil chéanna. Gnéithe ar leith d’fhorbairt sheánra na gearrscéalaíochta sa Ghaeilge a bhí mar ábhar taighde aici. Í ina léachtóir sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. Réimsí spéise agus taighde: Seánra an ghearrscéil; próslitríocht na hAthbheochana; irisí liteartha na Gaeilge; léann na mban; scéal na himirce i litríocht na Gaeilge; agus léirithe ar shaol na hóige i litríocht na Gaeilge. Ar a cuid foilseachán tá: An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (An Clóchomhar, 1981); Gearrscéalta an Chéid, i bpáirt le Gearóid Denvir (Cló Iar-Chonnacht, 2000); Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990 (An Clóchomhar, 2002); Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce, i bpáirt le Máirín Nic Eoin (Cló Iar-Chonnacht, 2008); agus Cnuasach Comhar 1982-2012, i bpáirt le Regina Uí Chollatáin (LeabhairCOMHAR, 2014).

Aisling Ní Dhonnchadha was born in Nenagh, Co Tipperary. She lives in Dublin and is a senior lecturer in Roinn na Nua-Ghaeilge, Maynooth University. Her research interests include the history and development of the short story as a distinctive genre in Irish-language writing; narratives of migration and aspects of cultural identity in twentieth-century Irish-language literature; and the portrayal of childhood in twentieth-century and contemporary Irish-language autobiographies and works of fiction.

Place of birth: Nenagh, Co. Tipperary

Share this portrait:

Má braitheadh go raibh idir fhuinniúlacht agus fhorrántacht in easnamh ar shaothrú an ghearrscéil sna seascaidí, is áirithe gur sholáthraigh Muintir (1971), cnuasach gearrscéalta Dhiarmada Uí Shúilleabháin, ábhar machnaimh, díospóireachta agus dúshláin do léitheoirí na Gaeilge i dtosach na seachtóidí. … Ó thaobh stíl, theilgean agus rithim an ghearrscéil de, níl aon cheist ach gur dhein scríbhneoireacht Uí Shúilleabháin saibhriú agus fairsingiú ar raon agus ar scóip an ghearrscéil Ghaeilge. Saoradh agus fuascailt ó chrapaill is ó chúinge scéalaíocht an réalachais a bhí i gceist agus ní foláir nó gur dhein Muintir ceisteanna faoi fhéidearthachtaí agus theorainneacha – nó easpa teorainneacha? – an ghearrscéil a mhúscailt. Ní ag feidhmiú mar ghiolla géilliúil don ábhar a bhí stíl Uí Shúilleabháin, ach a mhalairt, geall leis. Saoirse cheannscaoilte na samhlaíochta cruthaithí, aigeantacht an fhiontraí agus comóradh ilchumas an fhicsin a bhí in uachtar.

Aisling Ní Dhonnchadha, Idir Dhúchas agus Dualgas, lgh 267, 270 (An Clóchomhar, 2002)