Áine Uí Fhoghlú

Áine Uí Fhoghlú

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 2 October 2020

Setting: An Rinn, Waterford

Is as Gaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge í Áine Uí Fhoghlú, iarmhúinteoir meánscoile agus iarchraoltóir raidió. Anois ag scríobh go lánaimseartha. Cúig shaothar ficsin foilsithe mar aon le trí chnuasach filíochta agus leabhar de bhéaloideas agus stair áitiúil ó Ghaeltacht na nDéise bunaithe ar shraith d’agallaimh a dhein sí i dtosach na 1990í. Bunchéim aici sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus céim MPhil le saothar taighde ar dheilbhíocht canúna Ghaeilge na nDéise. Aoi-chainteanna tugtha go minic aici ar ghnéithe den stair áitiúil, den chanúint agus den bhéaloideas áitiúil agus ar amhráin agus amhránaithe na nDéise. Go leor duaiseanna litríochta buaite aici, ina measc ag Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí agus Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide 2008. Ar an bpainéal Scríbhneoirí sna Scoileanna agus tugann sí ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach faoi choimirce Éigse Éireann. Mar eagarthóir ar an gcéad dá eagrán den iris COMHARÓg. Saothair thaighde agus léirmheasa léi craolta ar raidió agus teilifís agus i bhfoilseacháin éagsúla. Sparánachtaí agus coimisiúin bronnta uirthi ag An Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Is iad seo a leanas a cuid saothar go dtí seo:

Ficsean: Crúba na Cinniúna (2009); Uisce Faoi Thalamh (2011); Pincí sa Ghaeltacht (2012); Éalú (2013); LabhairAmach.com (2017). Filíocht: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007); Ar an Imeall (2011). Béaloideas/stair áitiúil: Scéalta agus Seanchas—Potatoes, Children & Seaweed (2019).

Áine Uí Fhoghlú, who comes from the Gaeltacht area of An Rinn in County Waterford, is a former post-primary teacher and radio broadcaster, now a fulltime writer. To date, she has published five works of fiction along with three poetry collections and a compilation of folklore and local history from her area, based on a series of interviews she conducted with the older generation in the early 1990s. Her primary degree in Irish and Cognate Studies from University College, Cork was followed by an MPhil Degree in which she researched the linguistic structure and accidence of the Déise dialect of Irish. Has delivered many guest talks on local history and folklore, the Déise dialect of Irish, and the songs and singers of the Waterford Gaeltacht. Has received many literary awards including from Oireachtas na Gaeilge, Listowel Writers’ Week, Strokestown International Poetry Festival and in 2008 received the Michael Hartnett Poetry Award. As a member of Poetry Ireland’s Writers in Schools Directory, she delivers creative writing workshops in various schools. Edited the first two editions of the youth literary magazine COMHARÓg. She has received commissions and bursaries from The Arts Council, Ealaín na Gaeltachta and Foras na Gaeilge.

The following are her works to date:

Fiction: Crúba na Cinniúna (2009); Uisce Faoi Thalamh (2011); Pincí sa Ghaeltacht (2012); Éalú (2013); LabhairAmach.com (2017). Poetry: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007); Ar an Imeall (2011). Folklore/local history: Scéalta agus Seanchas—Potatoes, Children & Seaweed (2019).

Birth date: 1959

Links: Writer website »

Share this portrait:

CIARA

Ansin thosaigh Lara orm.

“Ciara an Chiaróg! Fan linn, a chiaróig. Déanfaimid tú a thionlacan ar scoil. Níl aon chairde ag an gciaróg! An féidir linne a bheith mar chairde agat? Tabharfaimid aire mhaith duit.” Bhí súile Lara ar leathadh mar ba ghnách leo. Ní bheadh a fhios agat an le faitíos nó le fíoch a bheadh sí ag féachaint ort.

Shiúil mé ar aghaidh, mo cheann fúm mar ba ghnách liom, mo ghuailleacha go cluasa orm, mo mhuinéal ceilte ar fad agus mo chuid gruaige rua ag straoilleadh síos go liobarsach thar m’aghaidh. Tháinig siad suas liom. Bhraith mé Lara ag tarraingt as mo mhála a bhí caite thar mo leathghualainn agam. Tharraing sí go tobann agus go láidir é agus thit sé go talamh. Phioc Sandra suas é, í ag ligint uirthi féin go raibh trua aici dom.

“Anois, a Chiaróig, ní bheimid ródhian ort inniu.” Ansin thug sí stracfhéachaint thar a gualainn. Ní raibh éinne ag teacht. Rug sí ar chlaibín na sipe agus scaoil sí é. D’iompaigh sí an mála béal faoi agus scaip sí mo chuid leabhar ar fud an bhóthair.

“Ó, féach cad a tharla! Scaoil an sip ar do mhála agus thit na leabhair go léir amach.”

As LabhairAmach.com (Cló Iar-Chonnacht, 2017), lgh 6–7.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00