Séamas Ó Maitiú

Séamas Ó Maitiú

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Scoil na mBráithre, Sraith an Iarthair, Baile Átha Cliath

Bleáchliathach is ea Séamas Ó Maitiú. Chuaigh sé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i Sraith an Iarthair, áit ar mhúin sé féin ina dhiaidh sin. Bhain sé céim BA amach i mBéarla agus i nGaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1973. Bhí sé ina bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge i ndeireadh na seascaidí/tús na seachtóidí, an chraobh ba ghníomhaí sa chathair ag an am.

I 1981 bhunaigh sé an iris Mahogany Gaspipe le hábhar nua-aoiseach spreagúil a chur ar fáil do dhéagóirí. Ba í go héasca an iris Ghaeilge ba mhó díol ar feadh roinnt bliain. Mar chuid den obair seo leis an nGaeilge a dhéanamh tarraingteach do dhaoine óga d’eagraigh Séamas, i nGaeilge Ráth Chairn, an chéad fhéile rac-cheoil Gaeilge riamh. Scríobh sé roinnt leabhar do dhéagóirí ina measc Samhradh Samhradh a bhain duais Oireachtais amach agus a raibh an-tóir air sna scoileanna.

Bhain Séamas céim MA amach sa Stair Áitiúil in Ollscoil Mhá Nuad agus ina dhiaidh sin dochtúireacht bunaithe ar a chuid taighde ar fhorbairt bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath sa 19ú haois. Tá an iliomad leabhar agus altanna scíofa aige go háirithe ar stair na hardchathrach agus ar Chontae Chill Mhantáin, áit a gcónaíonn sé le níos mó ná tríocha bliain.

Mhúin sé cúrsaí staire agus staidéar áitiúil in Ollscoil Mhá Nuad, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste Phádraig Droim Conrach agus Institiúid Oideachais Marino. Múineann sé cúrsa sa Staidéar Áitiuil le haghaidh Chartlann Chathrach Bhaile Átha Cliath gach bliain. Tá sé ina eagarthóir ar Dublin Historical Record agus is minic páirteach é ar chláracha staire ar TG4. An t-aistriúchán Gaeilge i leabhar dhátheangach ar Chath Shráid Uí Mhórdha i 1916 an saothar is déanaí uaidh.

Séamas Ó Maitiú was born in Dublin and went to school at CBS Westland Row where he afterwards taught. He studied Irish and English at University College Dublin and took an active part in the Irish Language movement in the late 1960s and 1970s and was a member of the dynamic Craobh Moibhí of Conradh na Gaeilge.

He founded and edited Mahogany Gaspipe, a magazine in Irish which provided modern lively reading material for teenagers. It was by far the best-selling publication in Irish for some years. As an extension of this work Séamas organised the first rock festival in Irish which took place in the Ráth Chairn Gaeltacht. He wrote a number of books for teenagers including the best-selling and Oireachtas award-winning novel Samhradh Samhradh.

Séamas was awarded an MA in Local History from Maynooth University and a Ph. D. for his thesis on the development the Dublin suburbs in the nineteenth–early twentieth centuries. He has written numerous articles and books on the history of his native Dublin and on County Wicklow where he has lived for over thirty years. He is the editor of Dublin Historical Record, the journal of the Old Dublin Society.

He has taught courses in history and local studies in many third level institutions and currently teaches the annual Lord Mayor’s Certificate in Local Studies for Dublin City Archives. His most recent publication is the Irish text in a bilingual history of the Battle of Moore Street 1916.

Dáta breithe: 25 Bealtaine 1951

Áit bhreithe: Co. Bhaile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

‘Féach an héileacapatar!’ arsa an síobshiúlaí, ag síneadh a mhéire ar an spota glioscarnach sa spéir thoir.

Chuir an cailín a bhí ina suí ar an mbruach féir taobh thiar de lámh thar a dhá súil agus d’fhéach suas:

‘Lucht teilifíse, is dócha,’ ar sí. Leis sin, scinn gluaisteán tharstu ar an mbóthar fada díreach. D’ísligh sí a ceann:

‘Ná bac leis an spéir tusa,’ ar sí go magúil leis an ógánach a bhí ina sheasamh ar imeall an bhóthair, ‘coinnigh do shúilese ar an mbóthar, nílimid chun síob a fháil ó héileacaptar!’

Rinne sé gáire léi agus sháigh amach a ordóg arís.

In imeacht cúpla nóiméad rinne an héileacaptar arc mór fairsing sa spéir ghorm shamhraidh, agus, cé go raibh sé sách moch go fóill, chonaic na mílte péire súl é ag drithliú faoin ngrian.

I measc na bpuball, áit a raibh siad bailithe timpeall ar shoirníní beaga gáis, d’fhéach na mochóirithe suas óna mbricfeasta ar feadh meandair. Bhí boladh na n-ispíní agus na slisíní bagúin ag goineadh ocrais iontu siúd a bhí i mbéal na bpuball ag tarraingt stocaí nó geansaithe nó brístí orthu féin.

Bhí pubaill eile ann, agus bhí siad líonmhar go maith, a raibh ciúnas domhain orthu. Ina sámhchodladh faoi chanbhás bhí lucht scléipe na hoíche aréir nó iad siúd nár shroich an pháirc champála go dtí go mall san oíche.

Bhí crónán an héileacaptair le cloisteáil go soiléir anois ar aer úr na maidine ag na síobshiúlaithe agus na rothaithe ar Bhóthar Bhaile Cliath. Agus is iad a bhí buíoch beannachtach go raibh ceann a n-aistir beagnach sroichte acu – bhí sé dhá uair a chloig ó d’fhág cuid acu an chathair.

Aon éad a bhí orthu, áfach, leis na tiománaithe a bhí ag scinneadh tharstu gach re nóiméad scaip sé nuair a tháinig siad ar an líne fhada ghluaisteán ag snámhaíocht ar nós péiste isteach sa sráidbhaile.

I bhfad thoir thuaidh, as radharc ar an héileacaptar, bhí gluaisteáin agus busanna ag fágáil na cathrach go tiubh anois, ach slí mhaith eatarthu fós agus luas breá fúthu.

Bhí na taistealaithe seo go léir óg. Ag an am céanna, ach suntas a thabhairt dóibh, thabharfá faoi deara go raibh dhá ghlúin ar leith ann. Ach ba chuma an luathdhéagóir in airde ar a rásrothar nó an seanghrúvaeir agus carr faoina thóin aige, bhí an gliondar céanna ag éirí aníos iontu araon de réir mar a tháinig siad i ngar don pháirc cois Bóinne ba cheann scríbe dóibh ar fad:

BHÍ NA ROLLING STONES AG CASADH IN ÉIRINN AGUS BHÍ SIAD AG DUL CHUN IAD A FHEICEÁIL!

As Samhradh Samhradh (Carbad, 1983).