Regina Uí Chollatáin

Regina Uí Chollatáin

Grianghrafadóir: Lára Ní Mhaoláin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 26 Iúil 2017

Suíomh: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá cuid mhaith foilsithe ag Regina Uí Chollatáin ar na meáin Ghaeilge agus ar ré na hAthbheochana, ina measc dhá leabhar mar údar aonair, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932 (2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008) agus Films Gaelic á Catalunya. Scannáin Ghaelacha sa Chatalóin (Uí Chollatáin & White, 2014) mar chomhúdar. Is comheagarthóir í ar 6 leabhar, Saothrú na Gaeilge Scríofa i Suímh Uirbeacha na hÉireann, 1700–1850 (Mac Mathúna & Uí Chollatáin, 2016) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (Nic Congáil et al, 2015) ar na cinn is déanaí.

Is Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD í agus bhí sí ina Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe UCD agus ar Scoil Iarchéime, Coláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh UCD. Bronnadh Ollúnacht Chuairte Shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada (2011–12) agus ba chomheagarthóir í ar Ainm.ie (2012–15). Dála duaiseanna liteartha, bronnadh Gradam Lil Nic Dhonncha agus Bonn Dhonnchadh Uí Shúilleabháin uirthi i 1999, 2001 agus 2002 ag Oireachtas na Gaeilge don taighde ar Stair Chonradh na Gaeilge agus bronnadh duais liteartha uirthi dá saothar Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008).

Is í an Cathaoirleach ar an Newspaper and Periodical History Forum of Ireland í agus is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba í an chéad Chathaoirleach ar an Fhóram Náisiúnta uile-oileánda Forbartha Teanga agus ar phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh do Ghradaim Bhunchéime Éireann. Ba bhall í de chéad Bhord Stáit TG4 agus is painéalaí rialta í ar chláracha litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláracha faisnéise TG4, RTÉ agus BBC.

Regina Uí Chollatáin has published widely on Irish language media and on the Revival period including two books as sole author, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932 (2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008) and Films Gaelic á Catalunya. Scannáin Ghaelacha sa Chatalóin (Uí Chollatáin & White, 2014) as co-author. She has co-edited 6 books, the most recent being Saothrú na Gaeilge Scríofa i Suímh Uirbeacha na hÉireann, 1700-1850 (Mac Mathúna & Uí Chollatáin, 2016) and Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (Nic Congáil et al, 2015).

She is the Head of the UCD School of Irish, Celtic Studies and Folklore and Head of Irish Studies. She was the Director of the UCD de Bhaldraithe Centre and UCD College of Arts and Celtic Studies Graduate School. She was awarded the Ireland Canada University Foundation Senior Visiting Professorship (2011–12) and was co-editor of Ainm.ie (2012–15). Her literary awards include Duais Lil Nic Dhonncha agus Bonn Dhonncha Uí Shúilleabháin for Stair Chonradh na Gaeilge at Oireachtas 1999, 2001 and 2002 and a literary Oireachtas award for Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008).

She is the current Chair of the Newspaper and Periodical History Forum of Ireland and a member of the Royal Irish Academy committee for Irish Language Scholarship, Literature and Celtic Culture. She was the inaugural Chair of the National All-Island Irish Language Forum and the Undergraduate Awards of Ireland panel for Irish and Celtic Studies. She was appointed to the first State Board of TG4 and is a regular panelist on current affairs, literature programmes and documentaries on TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ, and BBC.

Áit bhreithe: Sionainn, Co. an Chláir

Scaip an phortráid seo:

Chuidigh an idé-eolaíocht athbheochana le bunchlocha an stáit dhénártha a bhunú, suíomh a bhfuil pobal na hÉireann fós ag dul i ngleic leis. Tá tábhacht nach beag le bunchlocha na smaointeoireachta mar a cuireadh i láthair an phobail iad sa dá theanga, Béarla agus Gaeilge. Ní minic a aithnítear aos intleachta Gaeilge na linne sin, áfach. De thoisc go raibh aos intleachta na Gaeilge ag plé leis an dá theanga is minic a thugtar tús áite do na scríbhinní Béarla mar fhoinsí intleachtúla agus scaoiltear leis na scríbhinní Gaeilge agus le hábhar Béarla faoin nGaeilge mar ábhar cúise. I gcomhthéacs na béime a cuireadh, agus a chuirtear, ar shaothrú labhairt na Gaeilge in athbheochan teanga d’fhéadfaí a áiteamh gur cruthaíodh ardán a dhéanann deighilt ní hamháin idir an dá theanga, ach idir an focal scríofa/clóite agus an focal labhartha agus, mar thoradh air sin, idir an dioscúrsa sa dá theanga agus sa dá mhodh inste. Tá cruthú glúin úr scríbhneoirí mar aon le glúin úr intleachtóirí, agus fairsinge intleachta dá réir, ar cheann de na torthaí is suntasaí ar ghluaiseacht na hAthbheochana. Bhí cruthú na nualitríochta lárnach sa chur chuige a glacadh, agus tuigeadh go mbeadh ról ag an Ghaeilge mar ghníomhaire claochlaithe na sochaí úire agus na féiniúlachta Éireannaí a d’eascródh as an tsochaí sin. Bhí ról nach beag ag úsáid an dá theanga sna fóraim úra chumarsáide seo a d’aithin an Béarla agus an Ghaeilge taobh le chéile mar bhunús le cruthú na féiniúlachta hibridí Éireannaí.

Mura bhforbraítear na próisis seo i ré na nuatheicneolaíochta atá ag athrú de shíor, ní hamháin go gcaillfear glúin úr scríbhneoirí ach caillfear scoil nua intleachta Gaeilge ar an chéad ghlúin eile.

Sliocht as ‘Athbheochan Thrasatlantachna Gaeilge. Scríbhneoirí, Intleachtóirí agus an Fhéiniúlacht Éireannach’. Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain. Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan. Imleabhar 1 (Baile Átha Cliath, LeabhairCOMHAR, 2015), lgh 282, 303.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00