Seoltar an cúigiú grúpa nua phortráidí i gCéim 2
8 Deireadh Fómhair 2021
Seoltar an cúigiú grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta ar líne
Seoltar an cúigiú grúpa Phortráidí nua i gCéim 2 den togra ag ócáid speisialta ar líne
Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Sa chéad chéim den tionscadal cuireadh an leabhar agus an láithreán ar fáil bunaithe ar an gcartlann bunaidh phortráidí digiteacha. Sa dara céim den tionscadal, cuirtear portráidí dá bhfuil ann de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann seo go bliantúil chun an chartlann a iomlánú thar am. Seoladh ocht sraith de phortráidí nua/ochtar scríbhneoirí ag ócáid fhíorúil speisialta ar facebook.com/portraidi, mar atá ar liosta 2021:
- Antain Mac Lochlainn: úrscéalaí, aistritheoir, gearrscéalaí, agus scríbhneoir acadúil
- Deirdre Ní Ghrianna: gearrscéalaí agus iriseoir
- Diarmuid de Faoite: drámadóir agus scríbhneoir scripte
- Laoise Ní Chléirigh: scríbhneoir don aos óg
- Máire Dinny Wren: file, gearrscéalaí agus drámadóir
- Micheál Ó Cuaig: file agus cumadóir
- Pádraig Ó Riain: Iar-ollamh le Sean-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, scríbhneoir acadúil agus logainmneoir
- Ríonach uí Ógáin: Iar-stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, agus scríbhneoir acadúil
Is iad Lára Ní Mhaoláin, Caoimhín Ó Peatáin, Máirín Seoighe agus Seán Ó Mainnín a ghlac na portráidí áille, nua, i mbliana mar chuid de Chéim 2.