Louis de Paor

Louis de Paor

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 21 Iúil 2010

Suíomh: Gaillimh

Ghnóthaigh Louis bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus dochtúireacht ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain ina dhiaidh sin. Bhuaigh a chnuasach filíochta Próca Solais is Luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas, agus tá an duais sin buaite aige trí huaire ó shin le cnuasaigh éagsúla, ina measc 30 Dán (Coiscéim, 1992). D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht téip agus leabhrán de rogha dá chuid filíochta, Ríleanna Báistí (1992). Is iad Ag Greadadh Bas sa Reilig (Cló Iar-Chonnacht, 2005), Cúpla Siamach an Ama (Coiscéim, 2006), Agus Rud Eile De (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Grá Fiar (Coiscéim, 2016) na cnuasaigh is déanaí leis. Scríobh Louis staidéar ar ghnéithe síceolaíochta de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mBlaoisc Bheag Sin (Coiscéim, 1991). I bpáirt le Seán Ó Tuama rinneadh rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois a fhoilsiú in Coiscéim na hAoise seo (Coiscéim, 1991). Chuir sé eagar ar rogha dánta Michael Davitt: Freacnairc Mhearcair: Rogha Dánta/The Oomph of Quicksilver: Selected Poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000). Chnuasaigh sé dánta comhaimseartha le filí éagsúla i Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe Books/Cló Iar-Chonnacht, 2016), ina dtugtar aistriúcháin Bhéarla agus réamhrá léirmhínithe. 

Louis de Paor — poet, teacher and editor — was born in Cork. He currently lives in Galway and is Director of the Centre for Irish Studies at the National University of Ireland, Galway. He lived in Australia from 1987 until 1996. He lectured at the University of Sydney and presented an Irish radio programme in Melbourne. He received scholarships from the Austalian Council in 1990, 1991, 1995. In 2000, he was awarded the prestigious Lawrence O’Shaughnessy Award, the first poet writing in Irish to do so. His style, characterised originally by lightness, clarity and directness, has become darker and more complex, though he remains to some extent a ‘public’ poet. Much of his work has been published bilingually. 

Dáta breithe: 27 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Corcaigh

Scaip an phortráid seo:

Is cuimhin liom na chéad fhocail Ghaeilge gur cuimhin liom a léamh agus a chlos. Bhíodar ansan romham ar an gcéad leathanach den gcéad leabhar Gaeilge a tugadh dúinn sa bhunscoil.

Cupán.

Fochupán.

D’aithníos brí an chéad fhocail óna cholceathrar Béarla, é curtha as a riocht ag an síneadh fada a thug a fhuaim níos giorra do leagan Béarla eile a raibh cleachtadh maith againn air.

Cop on!

Bhí an tarna focal níos aite fós, is gan aon leide ina dheilbh a cheanglódh lenár saol laethúil Béarlúil é. Ba chuige sin na pictiúir, is dócha, cupán agus sásar os cionn na bhfocal a chomharthaigh iad – tá a fhios agat fhéin na háraistí gorma agus bána sin a bhí coitianta fadó fadó in Éirinn, a chuirfeadh laethanta fada samhraidh i dtigh aintín fén dtuath i gcuimhne dhuit níos faide anonn id shaol. Is sa chéad leabhar Gaeilge is túisce a chonaic mé féin iad, áfach, is ní raibh aon dealramh acu leis na gréithre a bhí againn féin sa bhaile. Bhíodar chomh deoranta lem thaithí linbh is a bhí na focail nua. Le saol nár liom a shamhlaíos an Ghaeilge ar dtúis mar sin, saol fairsing, folláin, flaithiúil, a bhí fós á chaitheamh thar teorainn fisiciúil mo shaoil laethúil féin.

Sara bhféadfainn teacht ar mo ghuth féin sa Ghaeilge, chaitheas glacadh leis gur teanga leathliom ab ea í. Níorbh fhéidir liom, ná níor cheart dom, cainteoir dúchais a dhéanamh díom féin. Masla dóibhsean go raibh an teanga acu ón gcliabhán a bheadh sa chur i gcéill sin ach masla dom féin chomh maith go mbeadh mo dhúchas féin á cheilt agam, dúchas measctha a bhí ag tarrac as mórán foinsí in dhá theanga. Chaithfinn teacht ar shlí oiriúnach chun an dúchas neamhghlan sin a chur i bhfocail Ghaeilge a bheadh ag freastal ar mo thaithí bhruachbhailteach féin, ar shaol a raibh séala an Bhéarla go láidir air. Teanga phríobháideach, mar a thuig an Ríordánach an téarma sin, is ea teanga na filíochta agam más ea, teanga ait gur deacair ar uairibh í a aithint ó dhrochGhaeilge. Fiú amháin má bhíonn mo chuid Gaeilge glan ar aon bhotún, beidh sí ait cé go mbím ag iarraidh an t-aiteas a sheachaint chomh mór leis an drochGhaeilge. Is é atá á rá agam, is dócha, go bhfuil mo chuid Gaeilge féin, nuair is fearr atá sí ag freastal ormsa, tuathalach, as alt le caint na ndaoine arb í an chéad teanga acu í.

Má éiríonn liom uaireanta a chur ina luí orm féin gur cuid dem scéal féin is ea litríocht na Gaeilge ó aimsir an éin bhig sin a lig fead de rinn goib ghlanbhuí os cionn Locha Liaigh ar aghaidh, ritheann sé liom chomh maith gurb é an bua is mó atá ag go leor den litríocht shinseartha ná go meabhraíonn sí saol agus aigne dom atá lasmuigh dem chleachtadh féin ach gur fairsingiú ar mo mhothú agus ar mo shamhlaíocht dul chomh gairid dóibh agus is féidir liom sa léitheoireacht, agus sa scríbhneoireacht agam féin ó am go chéile. 

as Léacht Phoiblí Irish Pages 2008

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00