Lillis Ó Laoire

Lillis Ó Laoire

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 8 Lúnasa 2011

Suíomh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Rugadh agus tógadh Liam Lillis Ó Laoire i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhain sé BA amach sa Ghaeilge agus sa Laidin, Dioplóma Iarchéime san Oideachas agus MA sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhí sé ag foilsiú ó dheireadh na n-ochtóidí ar aghaidh, ailt ar na Griannaigh agus ar an amhránaíocht. Chláraigh sé do chéim Ph. D. i 1993 faoi stiúir Ghearóid Uí Chrualaoich i Roinn an Bhéaloidis agus na hEitneolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. As seo a d’eascair a shaothar ar an amhránaíocht i dToraigh, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht mar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh in 2002. Bhuaigh a leabhar comhúdair (le Sean Williams) faoi Sheosamh Ó hÉanaí Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man (2011) duais idirnáisiúnta Alan P. Merriam don mhonagraf ab fhearr ar ábhar eitnicheoleolaíochta ag comhdháil an Society for Ethnomusicology sa bhliain 2012. Bhain lámhscríbhinn an leabhair Gradam Phiarais Bhéaslaí don saothar taighde is fearr ag Oireachtas na bliana 1999. Tá níos mó na leathchéad alt agus caibidil i leabhair foilsithe aige ar ábhair éagsúla i nGaeilge agus i mBéarla, agus béim faoi leith ar an amhrán mar léiriú cultúrtha aige i mórán dá chuid aistí. Tá súil aige eagrán de dhialanna goirt Sheáin Uí Eochaidh a fhoilsiú amach anseo i bpáirt le roinnt scoláirí eile.

A senior lecturer in Irish in the School of Languages, Literatures and Cultures, he was Head of School from 2010–2014. A Donegal native and a graduate of NUI Galway and of University College Cork, Lillis taught for many years at Thomond College and the University of Limerick. He was also a visiting Professor in Modern Languages and English at Loyola Marymount University, Los Angeles from 2002–2005. He teaches courses in Folklore, Literature and Culture, including Ethnomusicology and on the MA in Modern Irish. He has published quite a lot on Gaelic song, most recently an award-winning, co-authored book (with Sean Williams) on the great Connemara singer, Joe Heaney. He directs the team that constructed the website www.joeheaney.org consisting of materials from the Joe Heaney archive. He has a particular interest in storytelling and religion in the past few years, as he teaches students of Celtic Civilization. He is currently researching the diaries of Seán Ó hEochaidh and is fascinated by the insight they provide on life in Donegal in the thirties and forties of the last century. 

Dáta breithe: 25 Iúil 1961

Áit bhreithe: An Bun Beag, Co. Dhún na nGall

Scaip an phortráid seo:

Is annamh a thig aon saothar ealaíne chun tosaigh as féin i bhfolús. Níos minice ná a mhalairt, is féidir tionchair agus análacha éagsúla a shonrú air, agus ní heisceacht é ‘Tráthnóna Beag Aréir’ (TBA) sa chás seo. Go deimhin, is féidir a mhaíomh gur déantús é a bhfuil lorg saothair eile le sonrú go láidir air. D’fhéadfaí fiú a mhaíomh gur aistriúchán é, agus ba doiligh an méid sin a shéanadh. Is é fírinne an scéil gur bunaíodh an t-amhrán ‘Tráthnóna Beag Aréir’ ar an amhrán ‘The Heather Glen’, amhrán a chum an tírghráthóir cáiliúil George Sigerson (1836-1925). Amhrán grá é ‘Tráthnóna Beag Aréir,’ grá atá críochnaithe agus nach dtiocfaidh arís. Tá deireadh dúile bainte ag an reacaire den chumann. Cumann gearr a bhí ann, a bhí gonta, dian, ach a bhí séimh, cuirtéiseach, muinteartha fosta. Láimhsítear an teannas idir an t-éarótachas agus caoine na bhfocal ar bhealach fíoréifeachtach, rud a thugann neart faoi leith don téacs. Tá tábhacht le focail an dara véarsa, an ceann a fheidhmíonn mar churfá sa chás seo. Is féidir athbhríonna go leor a léamh as na focail ‘ealaín’ agus ‘súgradh’ – focail a bhfuil ciall ghnéasúil leo. Ach de bharr go luíonn siad in aice le focail eile, ‘canach,’ ‘milis,’ agus ‘gile’ baintear aon ghoimh nó aon choir a shamhlófaí leo astu. Coinnítear an chóimheá go daingean ionas go seachnaítear aon imir den gháirsiúlacht ná den ghraostacht, d’ainneoin go bhféadfaí na tuiscintí sin a bhaint go réidh as focail ar nós ‘ealaín’ agus ‘súgradh.’ Tá uaisleacht agus cúirtéis fosta sa chur síos ar thréithe an leannáin sa dara véarsa cé go bhfuil an imir éarótach i gceist leis ar fad. Luaitear an folt fáinneach frasach, an mhala agus an déad. Luaitear an ‘com’ agus an ‘béal’, an ‘tsúil’ agus an ‘bhráid,’ go béasach cinnte, ach cuirtear in iúl san am chéanna go raibh mealladh agus tarraingt sna baill seo. Téann TBA i muinín thraidisiún saibhir na n-amhrán grá sa Ghaeilge. Tá macallaí go leor san amhrán de na Dánta Grádha fosta, agus is d’aon ghnó a cuireadh ann iad. Is dócha gurb é an ceann is luaithe a rithfeadh le haon léitheoir a mbeadh cur amach aige ar na hamhráin, ‘Caisleán Uí Néill’ a thosaíonn, ‘Céad slán don oích’ aréir, ’s é mo léan géar gan mé anocht ina tús’ (Ó Concheanainn 1978: 25) — smaoineamh atá i bhfostú go daingean in ‘TBA’. Tá ceangal idir sin, dar ndóigh, agus an dán grá cáiliúil ‘Soraidh slán don oidhche aréir’ a gcuirtear dáta den seachtú haois déag leis, agus a leagtar ar an fhile Albanach Niall Mór Mac Muireadhaigh.

As ‘Tráthnóna Beag Aréir’ in Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós do Nollaig Mac Congáil eag. J. Walsh agus P. Mac Eachmharcaigh (LeabhairCOMHAR, 2016).

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00