Antain Mac Lochlainn

Antain Mac Lochlainn

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 17 Meitheamh 2021

Suíomh: Baile Phib, Co. Bhaile Átha Cliath

Sa bhliain 1965, i gCúil Raithin Co. Dhoire, a rugadh Antain Mac Lochlainn. Cónaí air i mBaile Átha Cliath. Duaiseanna buaite ag a shaothar ficsin i gcomórtais liteartha an Oireachtais, Books Ireland agus ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail. I measc na saothar ficsin leis, tá an t-úrscéal gairid Ruball an Éin (CIC, 2005) agus úrscéal do dhéagóirí, Taibhsí an Locha (CIC, 2009).

Foilseoidh Leabhar Breac saothar neamhfhicsin leis in 2022, i.e. Tóraíocht na Dea-Bheatha– cuntas ar oidhreacht na Stóch agus na nEipiciúreach, scoileanna fealsúnachta de chuid na Sean-Ghréige agus Impireacht na Róimhe.

Tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chúrsaí cruinnis agus stíle sa Ghaeilge atá ann, agus sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin: In Ord is in Eagar (Cois Life, atheagrán 2015), Cruinneas (Cois Life, 2015) agus Ó Bhéarla go Gaeilge (Cois Life, 2018). Tá spéis ar leith aige in acmhainní teagaisc agus foghlama a chur ar fáil ar líne. A fhianaise sin an dá shuíomh www.aistear.ie agus www.ceimaraghaidh.ie. Tá sé ina chomhúdar (le Siuán Ní Mhaonaigh) ar théacsleabhair agus acmhainní foghlama a d’fhoilsigh COGG agus CCEA le haghaidh Gaelscoileanna ar an dá thaobh den teorainn.

Ar na haistriúcháin atá foilsithe aige tá dhá leabhar sa tsraith Nairnia le C. S. Lewis, mar atá An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (an Gúm, 2014) agus An Capall agus a Ghiolla (An Gúm, 2019). Chuir sé Gaeilge ar cheithre albam sa tsraith chlúiteach le Goscinny agus Underzo: Asterix na nGallach (2014), Asterix agus an Corrán Óir (2014), Asterix Gliaire (2015) agus Asterix i dTír na Sasanach. Is ó Ghaeilge na hAlban a d’aistrigh sé na gearrscéalta sa chnuasach Malairt Scéil (Cois Life, 2006).

Antain Mac Lochlainn was born in 1965 in Coleraine, Co. Derry. He lives in Dublin. His fiction has won prizes in Oireachtas na Gaeilge and Books Ireland literary competitions, and at Writers' Week in Listowel. His fictional work includes the short novel Ruball an Éin (CIC, 2005) and a novel for teenagers/adult learners, Taibhsí an Locha (CIC, 2009).

In 2022, Leabhar Breac will publish his non-fiction work Tóraíocht na Dea-Bheatha, which explores the legacy of two philosophical schools of Ancient Greece and Imperial Rome – the Stoics and Epicureans.

He is a commentator on translation and matters of accuracy and style in written Irish, and has published a series of books on those subjects: In Ord is in Eagar (Cois Life, 2nd edition 2015), Cruinneas (Cois Life, 2015) and Ó Bhéarla go Gaeilge (Cois Life, 2018). He is editor of the translator resource site www.aistear.ie and joint author (with Siuán Ní Mhaonaigh) of the teaching and learning materials on www.ceimaraghaidh.ie, a site for advanced learners with a particular focus on Ulster Irish. He is joint author (also with Siuán Ní Mhaonaigh) of textbooks and learning resources published by COGG and CCEA for Irish medium schools on both sides of the border.

Among his translations are two novels from the Narnia cycle by C. S. Lewis: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014) and An Capall agus a Ghiolla (An Gúm, 2019). He translated four albums in the famous series by Goscinny agus Underzo: Asterix na nGallach (2014), Asterix agus an Corrán Óir (2014), Asterix Gliaire (2015) and Asterix i dTír na Sasanach. Malairt Scéil (Cois Life, 2006) is a collection of short stories, translated from Scots Gaelic into Irish. 

Dáta breithe: 1965

Scaip an phortráid seo:

Ní fios cad é a chuir i mo cheann é ach dar liom go mbuailfinn isteach i séipéal. Ní gabháil ar aifreann ba mhian liom ná éisteacht le cráifeachán bog óg ag meighligh go meigeallach fá dhualgais an Chríostaí. Díreach suí in áit shuaimhneach fhionnuar nach raibh boladh allais is uisce beatha ann.

Is fada an lá ó bhíodh ceithearnaigh ag iarraidh tearmainn iontu, ach is cineál tearmainn atá sna heaglaisí i gcónaí. San aois seo, agus an talamh fánár gcosa á thomhas agus á dhíol agus á ligean amach ar cíos, gan orlach de thalamh coiteann a chaomhnú, is aoibhinn liom na tithe fairsinge seo i gceartlár na mbailte móra. Iad folamh bunús mór na bliana. Gan díol ná ceannach ar siúl iontu. Gan trompa ar bith á shéideadh do dhéithe nua na marsantachta. Ba chuma liom an eaglais a bheith Gaelach nó Gallda agus – an fhírinne choíche – is ag Eaglais na hÉireann atá na foirgnimh is maisiúla san ardchathair. Seo liom i dtreo Theampall Chríost.

Shuigh mé i mbroinn na heaglaise agus thoisigh a léamh bileog eolais fá stair na háite, mar a mbíodh Lorcán Ó Tuathail ag déanamh a anama san aimsir fadó. Ar chúis inteacht, ba bheag mo mheas ar na naoimh a bhí suas le linn ré órga an chreidimh. Dar liom nach ‘íobairt’ ar bith do dhíthreabhaigh an tseanreachta cónaí ar an uaigneas. Leoga, ní íobairt ach faoiseamh a bheadh ann, mo dhíseartán féin ar an chúlráid. Gan mo chlú i measc chlann Ádhaimh is Éabha a bheith á shíorchur ar crannaibh. Gan an dúil chráite seo m’ainm a chur in airde a bheith do mo thiomáint i gcónaí. Dar liom go bhfóirfeadh sin domh. Gan aon duine a bheith ann le mé a adhradh nó a aoradh. Maidir liomsa de, is mó mo spéis in Strongbow ná i bpearsa eaglaise ar bith, dá naofa é.

Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnacht, 2005), lgh 42–3.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00