Tarlach Ó hUid

Tarlach Ó hUid

Photographer: Bill Doyle

Usage rights: Foras na Gaeilge

Ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus den IRA sna 1930í–1940í ab ea é; scríobh sé a chéad úrscéal An Bealach chun an Bhearnais (1949) agus é imtheorannaithe. Mar iriseoir in Inniu 1948–1984, ina eagarthóir ó 1972. Ar a shaothar, tá Taobh Thall den Teorann (1950), gearrscéalta; úrscéalta An Dá Thrá (1952) agus Adios (1975); Rachtanna feirge, bróin agus grá (1978), cnuasach dánta, agus Ar Thóir mo Shealbha, dírbheathaisnéis (1960).

Tarlach Ó hUid was an active member of Conradh na Gaeilge and the IRA in the 1930's and 1940's. He wrote his first novel An Bealach chun an Bhearnais (1949) whilst in internment. He also worked as a journalist for Inniu 1948–1984, he was also worked as an editor from 1972 onwards. His works include Taobh Thall den Teorann (1950), shorts stories, novels such as An Dá Thrá (1952) and Adios (1975); Rachtanna feirge, bróin agus grá (1978). He has also published a collection of poems and an autobiography, Ar Thóir mo Shealbha (1960). 

Pen name: Tarlach Bhilí, Terry Wilson

Place of birth: London, England

Death date: 30 October 1990

Links: Biography on Ainm.ie »

Share this portrait:

Ach bhí mé ag foghlaim Gaeilge. Ag foghlaim Gaeilge ar an dóigh chéanna leis an tseanghlúin — as Ó Gramhnaigh, Leabhar a hAon! Is cuimhin liom bheith ag iarraidh “Tá Art óg. Tá an gort glas,” srl., a mhúineadh do Hugh, agus sinn cuachta ag bun crainn áit éigin i mBuckinghamshire, ar a trí ar maidin, agus an fhearthainn ina tuilte anuas orainn. Agus go gairid ina dhiaidh sin labhair mé mo chéad abairt Ghaeilge. Éireannach meisce a bhain asam í. Mhaígh sé nárbh Éireannach mise ós i Sasana a saolaíodh mé. “Tá tú bó agus cú agus banbh!” arsa mise go teasaí. Agus murbh iontach an freagra le gramadach nó le clisteacht féin é, thug sé ábhar machnaimh dósan agus faoiseamh intinne domsa.

Ó shiopa leabhar Foyle’s, Charing Cross Road, a fuair mé leabhar beag Uí Ghramhnaigh, agus níor luaithe an méad sin de ghlanmheabhair agam ná scríobh mé chucu ag iarraidh a thuilleadh leabhar a chuideodh liom an Ghaeilge a fhoghlaim. Nuair a tháinig an Dara Leabhar chugam bhí cárta leis ag fógairt céilí faoi scáth Chonradh na Gaeilge, Londain. Go dtí sin níorbh eol domh ar chor ar bith an Conradh a bheith gníomhach i Sasana.

As Ar Thóir mo Shealbha (Foilseacháin Náisiúnta Teo., Áth Cliath, 1960), lch 46.