Tadhg Ó Dúshláine

Tadhg Ó Dúshláine

Photographer: Ronan Doherty

Usage rights: COMHAR

Date: 1 November 2017

Setting: Rhetoric House, Maynooth University, Co. Kildare

Rugadh i gcathair Chorcaí 1951 agus d’fhoghlaim a chuid Gaeilge i gceart nuair a thosnaigh sé ag tarrac ar Bhrú na Gráige i gCorca Dhuibhne agus é ina mhac léinn i gColáiste Bharra Fearann Phiarais. Bhain céim sa Léann Ceilteach amach i Má Nuad 1972 agus bhuaigh an dara háit i Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara an bhliain chéanna. MA sa tSean-Ghaeilge 1973. Ina scoláire in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 1974–5; agus in Ollscoil Chaitliceach na Lobháine 1975–6. Ceapaithe ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i Má Nuad 1976. Ar a phinsean ó 2016 agus ag feidhmiú mar stiúrthóir eatramhach ar an teach foilsitheoireachta An Sagart; ina eagarthóir ar Irisleabhar Mhá Nuad 2017 agus ina bhall de bhord rialaithe An Díseart.

An iliomad aiste foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge. Foilsíodh ábhar a chéim dochtúireachta mar An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge: Gnéithe den Bharócachas Eorpach i Litríocht na Gaeilge 1600–1650 (1987). Ghnóthaigh Anois Tacht an Eala: Filí Innti Chorcaí agus an Réabhlóid Chultúrtha (2011) céad duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais sa bhliain 2008. Roghnaíodh Anamlón Bliana ó Dhialanna an Ríordánaigh (2014) do Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2015.

Tá cúig chnuasach filíochta foilsithe aige go dtí seo: Dialann Dánta (1994), Díthreabhach Duibhneach (1996), Bleaist Faoistine (1998), Mallacht Falmaire (2008), Sa Bhaile agus i gCéin (2009).

Duaiseanna buaite aige as a chuid filíochta thar na blianta: Gradam Bhláithín (1996); Féile Filíochta Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin (1999 agus 2008); Féile Filíochta Bhéal Átha na mBuillí (2007); Comórtas Filíochta Uí Néill (2009).

Born in Cork city in 1951, Tadhg learned Irish properly when he began going to Brú na Gráige in the Corca Dhuibhne Gaeltacht as a student in Coláiste Bharra, Fearann Phiarais. He earned a degree in Celtic Studies in Maynooth in 1972, winning second place in the Mansion House Scholarship the same year. He achieved an MA in Old Irish in 1973. He studied at the Dublin Institute for Advanced Studies, 1974–5; and at the Catholic University of Louvain, 1975–6. He was appointed lecturer in Modern Irish at Maynooth in 1976. Retired since 2016, he now serves as interim director of publishing house An Sagart, as well as editing the Irisleabhar Mhá Nuad 2017 and serving as a member of the governing body of An Díseart.

He has published many essays on various aspects of Irish language literature. His doctoral thesis was published as An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge: Gnéithe den Bharócachas Eorpach i Litríocht na Gaeilge 1600–1650 (1987). Anois Tacht an Eala: Filí Innti Chorcaí agus an Réabhlóid Chultúrtha (2011) won him a first prize at the Oireachtas literary competition in 2008. Anamlón Bliana ó Dhialanna an Ríordánaigh (2014) was selected for Gradam Uí Shúilleabháin in 2015.

To date, he has published five poetry collections: Dialann Dánta (1994), Díthreabhach Duibhneach (1996), Bleaist Faoistine (1998), Mallacht Falmaire (2008), Sa Bhaile agus i gCéin (2009).

Among the prizes he has won for his poetry over the years are: Gradam Bhláithín (1996); the Dún Laoghaire - Rathdown Poetry Festival prize (1999 agus 2008); the Strokestown Poetry Festival (2007); and Comórtas Filíochta Uí Néill (2009).

Birth date: 6 June 1951

Place of birth: Cork

Share this portrait:

An Duais

Ar a pinsean sa bhaile i gCorcaigh a bhí sí
Tar éis blianta fada crua ag obair ar na busanna i mBirmingham Shasana,
Nuair a cailleadh m’auntie Caitlín
Agus ar ais go Birmingham tugadh a corp faoi mar d’ordaigh
Mar nár mhaith sí riamh dá baile ná dá muintir go gcaithfeadh
Seoladh ar an Inisfallen ó ché Chorcaí amach
I measc na mbeithíoch
Agus gan í ach ina gearrchaile ceithre bliana déag
Ó Chorcaigh chúng na dífhostaíochta i lár na ndaicheadaí duairce.

Nuair ná fuair sí bheith istigh lena beo
Ní raghadh sí anois faoin bhfód i Ráth Cuanaigh
Ag déanamh cré is leasaithe le hais a muintire
Ó aimsir an ghorta i leith.

Níor dheacair í a aistriú agus í creimthe ag an ailse,
B’fhéidir a hiompar mar bhagáiste láimhe ar eitilt de chuid Ryanair fiú.
Ná níor thiteamar amach lena chéile faoi dháileadh a hoidhreachta:
Gan aici i ndeireadh a laethanta, tar éis a saothair fhada
Ach cás faoin leaba lán de sheanchuimhní goirte,
Portráidí clainne, leabhar urnaí a comhneartaithe
Beart litreacha ó m’athair sa bhaile, i gCorcaigh,
Nár aon fhear mór pinn riamh é:
Ina measc gearróg de litir de mo chuid-se
A thug craobh na seachtaine leis
Ó Bhéarlóirí na hImpireachta sa Beezer in 1963,
Agus a choinnigh sí slán ina sparán
Faoi mar a bheadh scaball a muiníl
Á fhógairt go raibh mac dearthár ag baile aici
A thug an svae leis ó ghaiscígh an alltair
Is a sheasfadh an fód di in am an ghátair.

Domhnach na n-uaighneanna sa bhaile inniu
Chaitheamar tamall á réiteach is á nglanadh
Agus ag comhaireamh na ngaolta ag aifrintí cuimhneacháin,
Paidreacha ina dheilín mar cheirín lenár gcréachtaí
Idir cogar mogar na gcomharsan
Agus mungailt na corónach
Chun ná beadh sé le rá gur dheineamar dearmad
Go raibh inár measc searrach na dea-lárach
Is go n-aithneofaí go rabhamar chomh maith le cách.

Fiú gan aoinne thall ag tindeáil d’uaighe ná ag cur paidir ar do shon
Is fearrde ann liom fós tú gan truailliú ar do sheasamh agus do shampla
Is nach faoi fhód an doichill sa bhaile mar mhéadú ar do phian atáir
Mar nach ró-bhuíoch a bhís dod mhuintir ná do Chorcaigh
Is go n-admháilfí faoi Shasana ar a laghad,
Gur cheadaigh duit do bheatha a thuilleamh le hallas do mhalacha féin
Diansaothrú a thug dóchas is dínit duit

Seo mo ghuí i ndán duit, a Chaitlín,
Go dtabharfainn abhaile arís tú
Im chroí is im chuimhne.
Is seo m’impí:
Go raibh do chreideamh, do dhóchas is do ghrá dom dhíonadh
Ar umar na collaíochta is ar chruimh an choinsiasa.
Go mbeir id chlaíomh solais do mo shaoradh ar gach anchás
Chun go mbéarfad bua ar uafás an bháis.  

As Sa Bhaile agus i gCéin (Coiscéim, 2009), 36–7.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00