Seán Mac Mathúna
Photographer: Máire Uí Mhaicín
Usage rights: Foras na Gaeilge
Date: 19 January 2011
Setting: Co. Kerry
Genres: Short story writer, Novelist
Rugadh Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Gearrscéalaí, úrscéalaí agus scríbhneoir drámaí é a bhfuil cáil ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn grinn. Foilsíodh gearrscéalta le Seán go rialta in The Irish Times agus in The Irish Press as Béarla, agus as Gaeilge san iris Comhar. Thuill sé ionad ar leith dó féin mar ghearrscéalaí cumasach leis an gcnuasach Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983). D’ainmnigh an Chomhairle Ealaíon The Atheist and Other Stories (Wolfhound, 1987) do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh. Bhuaigh an cnuasach gearrscéalta, Banana (Cois Life, 1999), Gradam Uí Shúilleabháin/Leabhar Gaeilge na Bliana in 1999. Nuair a bhí Ding agus Scéalta Eile agus Banana as cló foilsíodh rogha scéalta leis faoin teideal Úlla (Cois Life, 2005) agus cuireadh athchló ó shin air. Bhuaigh dráma Sheáin, The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamh-oíche, Duais Drámaíochta Bhanc na hÉireann i Lios Tuathail in 1991. Thaibhigh Amharclann na Mainistreach an dráma in 1992 — ceithre oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus dhá oíche as Gaeilge leis an bhfoireann chéanna. Thaibhigh Taibhdhearc na Gaillimhe an dráma Hula Hul (Leabhar Breac, 2007). Bhuaigh Seán gradam Oireachtais dá úrscéal, Gealach (Leabhar Breac, 2012). Is é an dráma is deireanaí uaidh Duilleoga Tae (Arlen House, 2015).
Seán Mac Mathúna is an Irish writer, born in Tralee, County Kerry. His work has been published in both Irish and English. His collection in English, The Atheist and Other Stories (Wolfhound Press, 1987) was nominated by the Irish Arts Council for the European Prize in Literature. He began his literary career as a writer of short stories, a number of which were published in Irish in Comhar and in English in The Irish Times and The Irish Press. In 1983 his first collection, entitled Ding (Wedge), was published by An Comhlacht Oideachais. His second Irish-language collection, Banana, was published by Cois Life in 1999, and won Gradam Uí Shúilleabháin/Irish Book of the Year Award. In 2005 his selected short stories were published by Cois Life under the title Úlla (Apples). Mac Mathúna has written four novels. One of them, entitled Gealach (Moon), was published by Leabhar Breac in 2012 and won an Oireachtas prize. Mac Mathúna is also a playwright. In 1992 the Abbey Theatre produced The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamhoíche in English and Irish on alternate nights, using the same cast. An Taibhdhearc theatre in Galway produced his play Hula Hul. His most recent play is Duilleoga Tae (Arlen House, 2015).
SLIOCHT AS HULA HUL
Cúm na Madraí, Barúntacht Dhún Ciaráin Thuaidh,
Ciarraí, Iúil 1891
Deirtear mar gheall ar Chúm na Madraí go líonann an
ceo isteach ann oíche Shamhna is ná fágann sé an áit go
nglaonn an chuach amach air an samhradh dár gcionn.
Ní shílfeá é sin an lá áirithe so mar bhí sé ina bhrothall
ar fad agus anmheitheal ag tarrac féir chun na cruaiche,
na scafairí is na mná óga ag faire a chéile, agus an
t-aoibhneas a bhí ar gach éinne—an dea-shín is an deachroí
is mos na gcuansóg go ramhar ar an aer; an chuid
eile acu is súil acu leis an bhfead chun an dinnéir; agus
an bheirt pháistí, clann Thaidhg Mhicil Thaidhg, ar an
gcinnfhearann is gach scread astu. Na clathacha mórthimpeall
déanta de ghaineamhchloch rua, is mar a
bheadh teas rua ag éirí díobh.
Go dtí gur imigh an port fén gcapall agus seo an
capall is an trucail i mullach a chéile le fána. Tógadh liú
is ghread an slua ina dhiaidh is bhailíodar thíos ina
thimpeall go dtí gur bhain Tadhg an áit amach. Ní fada
a bhí sé ag iniúchadh an scéil gur cuireadh fios ar an lia.
Seo síos an dá pháiste, a sé is a seachtmbliana d’aois,
agus scáth orthu, duine acu, Maitias, bacach mar go
raibh an cam reilige air — is é sin, ní troigh a bhí ar
cheann na coise aige in aon chor, ach cnap mór agus
iarracht de bhróg speisialta air. Tháinig an lia is dúirt go
raibh deireadh leis an gcapall — ná siúlfadh sé go deo
arís. Bhain san siar as gach éinne, go mórmhór Tadhg
—mar ba mhar a chéile capall is cíos trí ráithe. Chuir sé
fios ar ghunna is nuair a tháinig sé chuala siad pléasc is
d’éirigh a raibh de cholúir sa pharóiste san aer. Agus ba
chlos an macalla i bhfad thuas i measc na mbeann.
Tháinig líonrith ar Mhaitias nuair a chonaic sé an
capall ag tabhairt na gcor agus d’éalaigh gearán as.
‘Canathaobh gur mhairbh sibh an capall?’
Níor fhreagair éinne é go dtí gur chas an lia, seanduine
de chomharsa, air.
‘Mar go raibh sé bacach, a gharsúin!’ ar seisean.
D’fhéach an garsún ar an slua go ceann i bhfad sara
ndúirt sé de chogar leis féin, mar dhea, ‘ach táimse
bacach, leis.’Dúirt sé arís is arís é, gach uair níb ísle go dtí
gur thosnaigh sé ag cúlú ón slua aisteach so. Chúlaigh
sé go tapaidh isteach san aiteann gallda a bhí i bhfad níb
aoirde ná é féin. Thug sé fésna cosáin ansan gur bhain an
choill amach agus ní fada gur aimsigh sé an rud a bhí
uaidh, pluais i mbun chrainn leamháin. Dhein sé é féin
a chnuchairt isteach ansan is chrom ar bheith á théamh
féin mar go raibh sé in aon bharr amháin creatha. Aon
nóiméad anois bheidís chuige leis an ngunna chun a
lámhach!Mar nach raibh sé bacach? Chlúdaigh sé é féin
le raithneach is d’fhéach amach ar shaol a bhí chomh
mall le scáthanna na coille.
Thángadar air amach sa tráthnóna is mheall siad
abhaile le siúcra é.
Sliocht as Hula Hul lch 5-9 (Leabhar Breac, 2013)