Séamus Mac Gabhann

Séamus Mac Gabhann

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 13 December 2012

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Tá Séamus Mac Gabhann ina eagarthóir ar Ríocht na Midhe, iris bhliantúil Chumann Seandálaíochta agus Staire na Mí. Lena chois sin tá taighde déanta aige féin ar éigse na Mí agus Oirialla agus d’fhoilsigh sé altanna ar an gCearbhallánach, ar Pheadar Ó Gealacáin, an scríobhaí iomráiteach, ar Phól Ó Briain, an chéad ollamh le Gaeilge i gColáiste Mhá Nuad, ar Eoghan Ó Gramhnaigh, ar Ghaeltacht Ráth Chairn agus ar chuid mhaith eile. Anuas air sin, tá sé gníomhach le fada in obair Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ag gach leibhéal. Creideann sé go láidir gur cuid d’athbheochan an chultúir dúchais é an dúthracht áitiúil a spreagadh agus a bhuanú. Chuige sin thug sé lántacaíocht ó thús d’Fhéile Uí Chearbhalláin ina bhaile dúchais, An Obair, i gCo. na Mí. Spreag an fhéile seo spéis nua i measc an phobail in oidhreacht shaibhir an réigiúin. D’oibrigh sé i gcomhar le cuid mhór eagraíochtaí cultúrtha atá gníomhach sa réigiún. Toghadh ina chathaoirleach é ar Fhóram Oidhreachta na Mí agus tá plean oidhreachta ag feidhmiú faoi láthair sa chontae. Bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh ar Shéamus ag Féile na Mí 2007 mar aitheantas ar a chuid oibre i leith an chultúir. Roghnaigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann ina Ardollamh é ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2009.

Séamus Mac Gabhann is the editor of 20 volumes of Ríocht na Midhe, the journal of Meath Archaeological and Historical Society, comprising some 300 articles and also numerous book reviews. In the words of the eminent archaeologist, Professor George Eogan, “some of these articles are already transforming our understanding of the past and altering our perception of Irish history over a span of thousands of years”. Séamus has also initiated the Ríocht na Midhe Prize Fund to promote postgraduate research on the regional heritage. He was a lecturer in the School of Journalism, Rathmines (DIT), in Carysfort College of Education and for over 20 years, in the English Department, Maynooth University. Séamus has worked with numerous bodies, from Government departments to local organisations, in the retrieval and enhancement of the cultural heritage. As the elected chairman of County Meath Heritage Forum he was involved in the design and implementation of the first two Heritage Plans for the county. He was awarded Gradam Uí Ghramhnaigh at Feis na Mí in 2007 for his services to Irish heritage. In 2009 he was honoured by Comhaltas Ceoltóiri Éireann as Ardollamh of Fleadh Cheoil na hÉireann. He organized the republication of Amhráin na Midhe (2015), edited and translated by Lesa Ní Mhunghaile. 

Share this portrait:

Tugann aistriúchán cumasach Irene Lynch leagan glan gléineach dúinn de shár-úrscéal John McGahern. Ag croílár an scéil, tá mion-scrúdú éifeachtach ar an Móránach, iar-fhear gunna i gCogadh na Saoirse, atá anois ina thaca de chóras patrarcach na hÉireann. Éiríonn le Irene Lynch gnáthfhriotal laethúil comhaimseartha na tuaithe a bhreith léi san insint seo ar ghéarchéim shícheolaíoch na clainne faoi údarás bagrach an Mhóránaigh, fear atá sáinnithe ag idé-eolaíocht a linne sa ról patrarcach seo, ról a ghineann banfhuath agus foréigean go smior ann…

Pósann sé Róise, agus ní fada go nochtann sé an taobh dorcha dá phearsantacht di. Is leor abairt fhánach amháin uaithi faoi theachtaireacht ó Luke, mac leis i Londain, lena racht a tharraingt uirthi: ‘Céard sa diabhal atá ar eolas agatsa faoi rud ar bith?’ a scread sé le teann feirge, rud a chuir alltacht uirthi. Thuig sí ansin cás na bpáistí: ‘bhogaidís thart ar nós scáileanna’. Bheadh Róise faoina chumhacht aige feasta, ar nós na bpáistí seo a bhí i gcónaí ‘ag sleamhnú thart chomh ciúin sin’, iad ar a gcosaint, gach aon súilfhéachaint fhaiteach thar ghuaille acu ar cad a cheapfadh Daidí.

Séamus Mac Gabhann, An tUltach, Iml. 92, uimh. 11, (Nollaig 2015), lch 15

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00