Ruaidhrí Ó Báille

Ruaidhrí Ó Báille

Photographer: Bill Doyle

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: St Stephen's Green, Dublin

Rugadh Ruaidhrí Ó Báille i mBaile Átha Cliath – cóngarach do Leabharlann Bhaile Bhailcín – a pharthas pearsanta féin agus é ag fás aníos. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile B.Á. C. Tá tréimhsí caite aige le haisteoireacht, le múinteoireacht, le scríobh, le craoltóireacht agus le ceol.

Thosaigh Ruaidhrí ag aisteoireacht go proifisiúnta agus é fós ar scoil i gCroimghlinn. Bhí páirteanna aige in Amharclann an Gheata, in Amharclann na Mainistreach agus in Áras Cheoldrámaíochta Chorcaí mar aon le páirteanna scannán. Bhí sé gníomhach sa Chumann Drámaíochta sa Choláiste Ollscoile – áit ar scríobh sé agus ar léirigh sé reiviú dátheangach i gcomhoibriú lena chara Gearóid de Briotúin.

Chuir Ruaidhrí an tsraith theilifíse Anois is Arís i láthair ar RTÉ agus chaith sé tamall mar eagarthóir ar Mahogany Gaspipe, an iris cheannródaíoch Gaeilge do dhéagóirí.

Ba é An Tobar (1985) a chéad shaothar foilsithe. Ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé Dúnmharú ar an Dart (1989), Aililiú Bop Siúáidí (1992) agus Imithe! (1993).

Tá raidhse leabhar múinte Gaeilge foilsithe ag Ruaidhrí – ina measc Scaoil Amach É!, An dTuigeann Tú?, Gaeilge Gach Áit, Tabhair Leat Í, agus Tá Gaeilge Agam! Tá úsáid fhorleathan bainte as a shaothar, idir liteartha agus acadúil, i scoileanna ar fud na tíre.

Ar na hamhráin féinchumtha agus aistriúcháin atá déanta ag Ruaidhrí tá ‘Is Leatsa Í (É Ó É Ó)’ agus ‘Uaigneach i m’Aonar’ a chantar go fóill sna coláistí samhraidh.

Bronnadh duaiseanna Oireachtais ar Ruaidhrí as a shaothar próis agus ceoil. Bhí sé ar phainéal moltóireachta ghradaim Bisto agus Leabhair Pháistí Éireann. Mhúin sé Gaeilge agus Béarla i Scoil Phobail Chábán tSíle.

Ruaidhrí Ó Báille was born in Dublin – just down the road from Walkinstown Library – his own personal paradise while he was growing up. He completed a degree in Irish and English in UCD and has spent periods acting, teaching, writing, broadcasting and making music.

Ruaidhrí started acting professionally while he was still at school in Crumlin. He performed in The Gate Theatre, The Abbey Theatre, in the Cork Opera House and in several films. He was active in the Cumann Drámaíochta while he was in UCD, writing and producing a bilingual revue along with his friend Gearóid de Briotúin.

Ruaidhrí presented the RTÉ television series Anois is Arís and he spent a period as editor of Mahogany Gaspipe, the pioneering Irish language magazine for teenagers.

His first published work was An Tobar (1985). He subsequently published Dúnmharú ar an Dart (1989), Aililiú Bop Siúáidí (1992) and Imithe! (1993).

Ruaidhrí has published a large number of Irish language teaching books – including Scaoil Amach É!, An dTuigeann Tú?, Gaeilge Gach Áit, Tabhair Leat Í!, and Tá Gaeilge Agam! His books, both literary and academic, have been widely used in schools around the country.

Ruaidhrí’s songs and translations include ‘Is Leatsa Í (É Ó É Ó)’ and ‘Uaigneach i m’Aonar’ - still sung in Summer Colleges to this day.

Ruaidhrí has won Oireachtas awards for his prose and for his music. He has been a member of the judging panel for the Bisto and Children’s Books Ireland awards. He taught Irish and English in Cabinteely Community School.

Birth date: 14 March 1958

Share this portrait:

Bhí Colm ina shuí ag bord na cistine agus dreach fiánta ar a aghaidh. Bhí rian na ndeor ar a shúile, ach bhí a fhios aici gur deora feirge a bhí iontu seachas aon chomhartha go raibh géillte aige dá athair.

‘In ainm Dé, céard a bhí ar siúl agaibh?’ ar sise. ‘Bhí sibh le cloisteáil ar fud an bhóthair!’

D’fheách sé uirthi go fíochmhar.

‘Is cuma duitse!’

‘Ní cuma!’ a d’fhreagair sí go tapa. ‘Is tusa mo dheartháir; is eisean m’athair. Ní féidir libh focal sibhialta a labhairt le chéile, agus tá mise idir dhá stól agaibh! Tá mé ag éirí bréan de. Céard a chuir tús leis an babhta seo?’

Áaaaagh! Céard is fiú labhairt faoi?’

Céard a tharla?’

Chuaigh sé go dtí an cuisneoir agus thóg sé amach buidéal bainne. Chuir sé lena bhéal é, ag déanamh aon bholgam amháin de, nach mór.

‘Nuair a tháinig mé isteach, bhí glaoite ar an teach ag bainisteoir an tí ósta. Nuair a mhínigh sé cén fáth a raibh sé ag glaoch, dúirt Daid leis imeacht i dtigh diabhail, mar nach raibh aon mhac aigesean chun bheith ag freastal ar bhoird i bpub. Dúirt sé leis nach raibh an t-am agam, ar aon chaoi mar go raibh mé chun deiridh leis an obair scoile!’

‘Agus chaill tú an post?’

‘Céard a cheapann tusa?’ ar seisean go searbhasach.

‘Bhuel, céard a dhéanfaidh tú anois?’

‘Tá neart tithe ósta sa chathair seo. Gheobhaidh mé post áit éigin eile. Caithfidh mé! Má chaillim mo chuid sprioclaethanta íoctha, tá sé de cheart ag an siopa athsheilbh a ghlacadh ar an trealamh. Dá dtarlódh sé sin…’

Níor chríochnaigh sé an abairt.

As Ailliliú Bop Siúáidí (Foilsitheoirí Scoileanna agus Coláistí, 1991), lgh 31-32.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00