Máire Uí Mhaicín
Léachtóir agus scríbhneoir ab ea Máire Uí Mhaicín, a shaothraigh ar an togra dúshlánach grianghrafadóireachta seo, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, ar feadh roinnt blianta i ndiaidh di críoch a chur lena teagasc ar an tríú leibhéal. Bunaíodh tionscadal na bPortráidí ar na buanna a bhí ag Máire leis an teanga, leis an aithne agus eolas a bhí aici ar scríbhneoirí agus scríbhneoireacht na Gaeilge, agus ar an umar léinn a bhí aici ar gach gné de litríocht na Gaeilge thar cúpla céad bliain. Thuig sí ealaín na portráidíochta agus conas mar a chuaigh an duine i bhfeidhm ar a bportráid agus a mhalairt.
Is féidir teacht ar bheathaisnéis a saoil ag www.ainm.ie agus aiste ina hómós, "Mac Amhlaigh, L. (2013) 'Máire Uí Mhaicín: oide eolasach, cara uasal' Comhar Samhain, 29-30"
Máire Uí Mhaicín was a lecturer and writer who worked on this challenging photographical project, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, for a number of years after her retirement from teaching in third-level education. The 'Portráidí' project was based on Máire's capacity with the Irish language, upon her unparalleled knowledge of writers and writing in the Irish language, and the depth of her scholarship in every aspect of Irish-language literature over a couple of hundred of years. She very much understood the art of portraiture and how the person interacted with their portrait and vice-versa.
Máire's biography is available in full at www.ainm.ie and the following piece was written in her honour: "Mac Amhlaigh, L. (2013) 'Máire Uí Mhaicín: oide eolasach, cara uasal' Comhar November, 29-30"