Pádraig Ó Riain

Pádraig Ó Riain

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 20 August 2021

Setting: Kilcully, Co. Cork

Genres: Academic writer

Saolaíodh Pádraig i dtigh a mhuintire ar bhóthar Wilton i gCathair Chorcaí. Mac le Nora Collins agus Patrick Ryan agus duine de sheachtar clainne. Tógadh ar fheirm sa Tóchar é in aice na cathrach agus chuaigh sé ar an scoil náisiúnta in aice láimhe ansin ar dtúis, ar Choláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí ina dhiaidh sin, i gColáiste chónaithe Bhaile an Róistigh don Mheánteist agus don Ardteist, agus ar Ollscoil Chorcaí, mar a dtosnaigh sé ar a chúrsa léinn sa bhliain 1956. Tar éis dó céim sna hEalaíona a bhaint amach ansin, bhain sé Máistreacht amach sa Ghaeilge tré mheán na Staidéireacht Taistil, rud a chur ar a chumas tréimhsí léinn a chaitheamh i mBonn na Gearmáine (1961-2) agus in Aberystwyth na Breataine Bige (1962-3). Tar éis clabhsúr a bheith curtha lena chúrsaí taistil, ceapadh ina Chúntóir é i Roinn na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Ollscoile, Corcaigh in 1964, ina Léachtóir in 1967, agus ina Ollamh le Sean-agus Meán-Ghaeilge, idir theanga agus litríocht in 1973. Má fhágtar as an áireamh na tréimhsí sabóideacha a chaith sé sa Ghearmáin (Bochum, Freiburg) agus sa Bhreatain (Aberystwyth, Cambridge), is i gCorcaigh a chaith sé an chuid eile dá chúrsa múinteoireachta go dtí gur éirigh sé as in 2002. Pósadh é ar Dagmar Raedel, ar chéimí í d’Ollscoil Bonn sa bhliain 1968, agus bhí ceathrar clainne orthu, go bhfuil naonúr garchlainne bronnta acu sin orthu. Na meánaoiseanna is ábhar suime do Dagmar agus dó féin agus níl aon mhaolú fós tagtha ar a ndúil sa taighde.

Pádraig was born in Wilton Road in Cork to Nora Collins and Patrick Ryan, who had returned to Ireland in the previous year, having spent fifteen years in New York. He was one of seven children brought up on a farm in Togher, near the city, where he also attended the local National School before switching to Presentation College, where he completed his primary education. His secondary education saw him move once more, to Rochestown College, which was run by Capuchin friars. On the completion of his studies there in 1956, he enrolled in University College Cork, where he graduated in 1960 before going on to obtain a Masters in Irish in 1962, together with a Travelling Studentship. This enabled him to study Comparative Linguistics in Bonn (1961-2) and Welsh language and literature in Aberystwyth (1962-3). On returning to Ireland, he was appointed Assistant in Celtic Languages in UCC in 1964, progressing from there to Lecturer in Old and Middle Irish in 1967 and Professor in 1973. Apart from periods of sabbatical leave in Germany (Bochum, Freiburg) and Britain (Aberystwyth, Cambridge), he spent the remainder of his teaching career in Cork until he retired in 2002. Dagmar Raedel, a graduate of Bonn University, married Pádraig in Bonn in 1968. They have four children and nine grandchildren and both of them continue to do research in Medieval Studies.  

Birth date: 4 April 1939

Share this portrait:

Sa léirmheas a scríobh Séamus Pender ar an gcéad imleabhar de shaothar Evelyn Bolster ar stair dheoise Chorcaí, bhí rudaí le rá aige nár mhiste d’aoinne cuimhneamh orthu agus an seanchas atá tagtha anuas mar gheall ar Bharra Naofa á phlé aici nó aige.[1] Ceann de na rudaí a dúirt sé, gur thógas féin an-cheann de, bhain sé leis an gcuid sin de sheanchas an naoimh a chuireann bunús Connachtach i gcás dó. Chuir Pender an cheist: conas is ceart léamh ar an mbunús áirithe sin, go nglacann gnáthsheanchas an naoimh leis mar fhírinne ghlan? Bhí trí shlí ann, dar le Pender, gurbh fhéidir an cheist aige a fhreagairt: (a) gur mhacalla é den bhrainse sin de na hEoghanachta de bhunadh na Mumhan a bhí lonnaithe i gConnacht; (b) go bhfreagraíonn sé don éifeacht a bhí ag Muintir Chonchúir ar chúrsaí Chúige Mumhan sa dara haois déag; (c) gur toradh é ar cheapachán an Chonnachtaigh Giolla Aodha ina easpag ar Chorcaigh i dtreo lár na haoise sin.[2] Níor ghabh Pender féin le haon tslí díobh sin seachas a chéile, ach threisigh a raibh le rá aige leis an méid a bhí le háiteamh agam féin i léacht a thugas mar gheall ar an naomh cúpla bliain tar éis don léirmheas teacht amach, agus arís in dhá leabhar agam a foilsíodh ó shin go bhfuil scrúdú ar an mBeatha a scríobhadh do Bharra ag deireadh an dara haois déag iontu.[3] Mar phríomh-thoradh ar an scrúdú sin, rinne mé amach gur téacs í an Bheatha a thráchtann ar imeachtaí na tréimhse inar scríobhadh í, agus go bhfuil fuar againn a bheith ag súil le heolas inti ar fhíor-stair an naoimh.[4] Agus maidir lena chúlra Connachtach, d’áitíos gurbh é Giolla Aodha, a ceapadh ina easpag timcheall ar 1140, agus a lean san oifig sin go dtí gur cailleadh é sa bhliain 1172, faoi deara cúlra mar é a bheith á chur i gcás do Naomh Barra.[5] B’ionann sin, ar ndóigh, agus an tríú léamh díobh sin ab fhéidir a dhéanamh, dar le Pender, ar chúlra iartharach an naoimh.

[1] S. Pender, ‘Cork: A Diocesan History’, JCHAS 78 (1973) 80-5.

[2] Ibid., 84.

[3] P. Ó Riain, ‘St. Finbarr: a Study in a Cult’, JCHAS 82 (1977) 63-82; idem, Beatha Bharra: Saint Finbarr of Cork. The Complete Life, Cumann na Scríbheann nGaedhilge 57 (Londain, 1994); idem, The Making of a Saint: Finbarr of Cork 600-1200, Cumann na Scríbheann nGaedhilge, Sraith Tánaisteach 5 (Londain, 1997).

[4] Ní lúide tábhacht an téacs an méid sin, ar ndóigh, mar is beag cáipéis eile againn ó dheireadh an dara aois déag a chaitheann oiread solais ar imeachtaí easpaig Chorcaí ag an am.

[5] Féach go háirithe Ó Riain, The Making of a Saint, 70-3.

‘Barra Naofa: Léamh Nua ar a Chúlra Connachtach’, Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 110 (2005), 59-64 (lch 59).

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00