Majella Ní Dhomhnaill
Is as Bré i gContae Chill Mhantáin do Majella Ní Dhomhnaill. Gearrscéalta, úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta agus dráma raidió atá scríofa go dtí seo aici.
Ghlac Majella páirt i Scéim na Meantóireachta (de chuid Fhoras na Gaeilge) leis an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc sa bhliain 2012. Ba ansin a scríobh sí an chéad dréacht dá cnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, a bhain duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais na bliana 2013 agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa bhliain 2024. Tá gradaim bainte ag a cuid gearrscéalta ag comórtais de chuid an Manchester Irish Language Group agus Books Ireland le beagán de bhlianta anuas.
Bhí sé d’ádh ar Majella páirt a ghlacadh i Scéim na Meantóireachta arís sa bhliain 2018 leis an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn, agus scríobh sí úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Mise do Mhamó, le linn na tréimhse sin. Bronnadh duais ar Mise do Mhamó ag Comórtais Liteartha an Oireachtais na bliana 2019 sular fhoilsigh LeabhairCOMHAR sa bhliain 2020 é.
Bhain a dráma raidió, Bíobla don Bheirt Againn, duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais na bliana 2022 agus craoladh den chéad uair é ar an stáisiún Phoenix fm sa bhliain 2023.
Tá cónaí ar Majella i mBaile Átha Cliath anois lena fear céile is a mbeirt pháistí, agus a saol gairmiúil caite mar achtúire aici. Tá sí fíorbhuíoch as an tacaíocht atá faighte aici thar na blianta lena dúil sa Ghaeilge a chothú.
Majella McDonnell is from Bray, Co. Wicklow. To date, she has written a number of short stories, a novel for adult learners and a radio drama.
Majella took part in Foras na Gaeilge’s Mentorship Scheme in collaboration with the author Mícheál Ó Ruairc in 2012. It was during this time that she wrote the first draft of her short story collection, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, which won a prize at the Oireachtas Literary Awards 2013 and was published by Cló Iar-Chonnacht in 2024. Her short stories have been successful at competitions run by the Manchester Irish Language Group agus Books Ireland in recent years.
Majella was fortunate enough to participate in the Mentorship Scheme again in 2018 under the tutelage of Áine Ní Ghlinn, and she wrote a novel for adult learners, Mise do Mhamó, during this year. Mise do Mhamó was awarded a prize at the Oireachtas Literary Awards 2019 before being published by LeabhairCOMHAR in 2020.
Her drama, Bíobla don Bheirt Againn, won a prize at the Oireachtas Literary Awards 2022 and was broadcast for the first time on the station Phoenix fm in 2023.
Majella now lives in Dublin with her husband and two children and has spent her professional life working as an actuary. She is very grateful for the support that she has received over the years to nurture her love for the Irish language.
Birth date: 1986
Share this portrait: