Máire Dinny Wren

Máire Dinny Wren

Photographer: Máirín Seoighe

Usage rights: COMHAR

Date: 26 June 2021

Setting: Barna, Co. Galway

Le cois abhainn an Chláidí, faoi scáth na hEaragla i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren, áit a mbíonn sí ag scríobh filíochta agus gearrscéalta. Phill sí chun an bhaile go Gaoth Dobhair in 1999 i ndiaidh di tréimhse de 21 bliain a chaitheamh i Londain.

In 2011, d’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile, agus tá go leor duaiseanna liteartha bronnta uirthi as a chuid saothar ó shin; ina measc, Comórtas Filíochta Uí Néill in 2011 agus Focail Aniar Aduaidh in 2017. Bhí a dara cnuasach filíochta, Tine Ghealáin, a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2019, ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge.

D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor, in 2016 agus tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach,, Poblachd nam Bàrd, agus Poetry Ireland Review. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasach gearrscéalta Go dtí an lá bán a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2012. Bronnadh duais Fhoras na Gaeilge ar Mháire in 2010 ag Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail don ghearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’.

Bhí scannán filíochta bunaigh ar dhán dá cuid ar an ghearrliosta ag Féile filíochta Winter Warmer Ó Bhéal 2020.

In 2013 rinne Drama on One léiriúchán den scéal Thar an Tairseach agus craoladh é ar RTÉ Raidió 1 ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin. Bhí an léiriúchán sin ar an ghearrliosta don Dráma Raidió is Fearr ag an Prix Europa i mBeirlín in 2013.

Máire Dinny Wren lives in her native home of Gaoth Dobhair in county Donegal where she writes poetry and short fiction. Prior to returning home in 1999, Máire lived in London for twenty-one years, where she was a member of the Green Ink Writers group.

Máire’s first collection of short stories, Go mbeinnse choíche saor, was published by Éabhlóid in 2015. In these stories Máire gives voice to a wide range of characters; characters that might otherwise be overlooked. Some of her previous short fiction was included in the collection Go dtí an lá bán, also published by Éabhlóid.

Máire has received numerous awards for her stories, including Duais Fhoras na Gaeilge at The Listowel Writers’ week in 2010 for Ag Téarnamh chun Baile. A radio adaption of the story Thar an Tairseach was broadcast by Drama on One, RTÉ Radio One and was shortlisted for the Prix Europa 2013 award in Berlin for best radio drama.

Máire has published two collections of poems. The first, Ó Bhile go Bile, was published by Coiscéim in 2011. Her second poetry collection, Tine Ghealáin, published by Éabhlóid in 2019 was shortlisted for the Oireachtas na Gaeilge, Gradam Uí Shuilleabháin Award 2020.

Her poems and short stories have been broadcast on RTÉ One, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte and BBC Radio Ulster and have been published in publications such as Poetry Ireland Review, Irish Pages, Comhar, an tUltach, Feasta and the Winners’ Anthology 2010 of the Listowel Writers’ Week. 

Share this portrait:

Ar an Chladach Dhearóil


Is cuimhin liom a bheith ag snámh,
Is cuimhin liom a bheith ar an tanalacht,
Is cuimhin liom a bheith ar an doimhneacht,
Is cuimhin liom a bheith i mbéal cuain.

Ní cuimhin liom an t-uisce á thruailliú,
Ní cuimhin liom ag ithe micreachoirníní,
Ní cuimhin liom mo shláinte ag meath,
Ní cuimhin liom a bheith cloíte.

Is cuimhin liom a bheith ar ghrinneall na habhna,
Is cuimhin liom a bheith ag léimtí as an uisce,
Is cuimhin liom na hiascairí ar an bhruach,
Is cuimhin liom a bheith ag snámh in éadan an easa.

Ní cuimhin liom na lanntracha á scoitheadh,
Ní cuimhin liom cár chaill mé na heití,
Ní cuimhin liom ag fás cnámha saorga,
Ní cuimhin liom an claochlú.

Is cuimhin liom a bheith san uisce ghléghlan,
Is cuimhin liom an fiadhúlra muirí,
Is cuimhin liom a bheith ag sealgaireacht,
Is cuimhin liom a bheith folláin.

Ní cuimhin liom ag imeacht le sruth,
Ní cuimhin liom an lag trá,
Ní cuimhin liom a bheith in anchruth,
Ní cuimhin liom an meathlú.

Anois tá mé gan deil gan dealramh,
ag snámhchnaí idir píosaí plaisteacha,
mo chineál á ndíobhadh ag an chine dhaonna,
ár gcnámha scaipthe ar an chladach dhearóil.

Tine Ghealáin (Éabhlóid, 2019), lgh 11-12.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00