Liam Mac Con Iomaire
Genres: Translator, Biographer, Editor, Academic writer
I nDoire an Fhéich, Casla, Conamara a rugadh Liam Mac Con Iomaire sa mbliain 1937. Oileadh ina bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath (1955–1957). I mBaile Átha Cliath a chaith sé a shaol oibre go léir ina dhiaidh sin, seachas cúig shamhradh a chaith sé ag obair ar láithreacha tógála i Londain (1956–1960). Chaith sé aon bhliain déag (1957–1968) ina mhúinteoir i Scoil Lorcáin, bunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, aon bhliain déag eile (1968–1979) ina iriseoir agus ina léitheoir nuachta le RTÉ, agus seacht mbliana déag (1979–1996) ina Stiúrthóir Teanglainne i Roinn na Nua-Ghaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí aithne freisin air mar chraoltóir ar Raidió na Gaeltachta, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar phainéal cainteoirí Leagan Cainte: Eibhlín Ní Mhurchú, Seosamh Ó Cuaig agus An tOllamh Dónall Ó Baoill. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Sean-Nós Cois Life agus chaith sé seal ar bhord Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus ar Choimisiún na Logainmneacha. Is iad na leabhair leis ná: Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair (Cló Iar-Chonnacht, 2000), Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhagha mé bás choíche (Cló Iar-Chonnacht, 2007), agus le déanaí, an t-aistriúchán i gcomhar le Tim Robinson ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, Graveyard Clay (Yale University Press & Cló Iar-Chonnacht, 2016). Cailleadh é, i ndiaidh tinnis, i mí na Bealtaine 2019.
A native of Casla, Connemara, Co Galway, he spent all his working life in Dublin, as a teacher, journalist, lecturer and broadcaster, and chaired the popular Raidió na Gaeltachta panel programme Leagan Cainte for thirteen years. On finishing his two year course in St Patrick’s Training College, Drumcondra (1955–1957) he spent eleven years teaching in Scoil Lorcáin, an all-Irish national school in Monkstown, near Blackrock. He worked for a further eleven years on the Nuacht desk in the RTÉ Newsroom, as journalist, sub-editor and Nuacht Reader. He spent the following seventeen years (1979–1996) as Director of the Irish Language Laboratory in the Department of Modern Irish in University College Dublin. He was a founding member of Sean-Nós Cois Life and has served on the board of Taisce Cheol Dúchais Éireann (National Traditional Music Archive) and of Coimisiún na Logainmneacha (Irish Placenames Commission). An expert on the people, language and heritage of Connemara, he wrote Conamara: The Unknown Country with Bob Quinn (Cló Iar-Chonnacht, 1997). Liam most recently worked on an acclaimed translation of Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille with Tim Robinson, published by Yale University Press and Cló Iar-Chonnacht as Graveyard Clay (2016). He died, after illness, in May 2019.
Birth date: 1937
Place of birth: Casla, Co. Galway
Death date: 5 May 2019
Links: Biography on Ainm.ie »
Share this portrait: