Joe Steve Ó Neachtain

Joe Steve Ó Neachtain

Photographer: Máirín Seoighe

Usage rights: COMHAR

Date: 1 September 2017

Setting: Creduff, Spiddal, Co. Galway

Rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa Spidéal, áit ar chaith sé bunadh a shaoil i mbun feachtaisíochta le ceannairí áitiúla eile, le huisce reatha, páirc, áiseanna spóirt agus comharchumann a chur ar fáil. Bhí sé an-ghníomhach freisin i bhfeachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a chuir dlús le bunú Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus TG4. Bronnadh céim oinigh MA ar Joe Steve as a chuid iarrachtaí in NUIG i 2005.

B’é Fead Ghlaice (1986), leabhar agallamh beirte agus bailéad, a chéad shaothar foilsithe. Ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh sé cnuasaigh filíochta, De Dhroim Leice (1990), An Dé Deireadh (2008), agus Fad Saoil (2015); cnuasaigh gearrscéalta, Cloch Mhóin (1998), a bhuaigh Duais Sheán Uí Éigeartaigh agus Gradam Chló Iar Chonnacht, Salann Garbh (2009), agus Idir Neamh is Talamh (2014); úrscéalta, Scread Mhaidine (2003), agus Láimh Láidir (2005), a bhuaigh Duais Comhairle Ealaíon an Connaught Tribune agus Gradam Chló Iar Chonnacht; drámaí, In Ainm an Athar & Níor Mhaith Linn do Thrioblóid (2006), agus Faoi Dheireadh Thiar (2008); agus cnuasach aistí, Ag Caint Linn Fhéin (2013). Scríobh sé sraithdhráma Raidió na Gaeltachta “Baile an Droichid” a ghnóthaigh Gradam Raidió Jacobs 1992, idir 1986 agus 1996. Tá geamaireachtaí, scoraíochtaí, scéalta do pháistí, léirmheasanna liteartha, agus léachtaí ar chúrsaí liteartha scríofa aige freisin. Chomh maith leis sin, ba aisteoir chumasach é, agus bhí aithne air as páirt Pheadair a ghlacadh i Ros na Rún.

Bronnadh mórchuid duaiseanna ealaíona ar Joe Steve feadh na mblianta, ina measc, Gradam an Oireachtais, Gradam an Uachtaráin as Ardchaighdeán Liteartha, Duais Stuart Parker agus Gradam Raidió na Gaeltachta 2016. Roghnaíodh é mar bhall de Aosdána i 2014.

Joe Steve Ó Neachtain was born into an Irish-speaking community in Spiddal. Although emigration was rampant, Joe decided to stay to fight with likeminded community leaders. A massive and mainly voluntary effort provided running water, sporting facilities and a co-op. As vocal members of the Gaeltacht Civil Rights Movement, they demanded and established Raidió na Gaeltachta, TG4 and Údarás na Gaeltachta. NUIG honoured Joe with an MA degree for his efforts in 2005.

Joe published twelve books and also won major awards for his writing: novels, short stories, poetry, three full length plays and a ten year stint as writer of the radio soap Baile an Droichid. He also authored ballads, dialogues in verse, pantomimes, literary reviews, stories for children, and has delivered lectures on Irish language literature. His awards include: Jacob’s Award 1992 for Baile an Droichid; Stuart Parker Award for his play Níor Mhaith Linn do Thrioblóid; the President’s Award; Gael na Bliana 2008; Galway County Council Supreme Arts Award 2008 and Gradam Liteartha an Oireachtais 2009.

Joe was named as a member of Aosdána in 2014. An actor for stage and television, Joe was perhaps best known for playing the part of Peadar in the soap Ros na Rún.

Birth date: 25 October 1942

Place of birth: An Spidéal, Co. Galway

Death date: 19 January 2020

Share this portrait:

Bhí sé feicthe as corr mo shúl agam ag casadh isteach ar an tsráid. Leath bhuatais sínte amach roimhe aige, chomh mí-stuama le eala ag ísliú ar uisce, de réir mar a d’fháisc sé na coscáin ar an sean rothar Hercules.

“Aire dhuit,” adeirimse leis an mbean, “is gearr uainn comhluadar.”

Thuig muid fhéin a chéile, cleachtadh mhaith againn é chloisteáil ag teacht faoi dhoras tar éis an mheán lae chuile Diardaoin. Ba é Diardaoin buaic phointe na seachtaine do Pháraic. Caint leis fhéin a bhíodh mórchuid laethanta eile caite aige. Armlón abairtí faoi réir ar bharr a ghoib nuair a thugadh sé aghaidh ar an mbaile beag i gcoinne an phinsin. A chroí ag preabadh le teann gliondair nuair a bhurláileadh sé airgead a phinsean síos i bpóca a threabhsair sa siopa beag a raibh Oifig an Phosta mar chuid de.

Luain air, ag sacadh díol na seachtaine de bheatha síos sa mála canbháis. Gach ar theastaigh uaidh de ghlan mheabhair aige. Na cosa ag rith uaidh ansin i dtreo theach an ósta. Ní dúil sa deoch ba mhó a bhíodh dá dheifriú ach grá don chomhluadar. Chaon scairt gháire nuair a thosnaíodh sáiteáin bheaga neamh-urchóideacha ag baint farasbarr dá chéile cois a chuntair.

As Mar a bhí ar dtús (Cló Iar-Chonnacht, 2018), lch 1.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00