Jackie Mac Donncha

Jackie Mac Donncha

Photographer: Máirín Seoighe

Usage rights: COMHAR

Date: 24 June 2020

Setting: Kilkieran, Co. Galway

Rugadh i gCill Chiaráin, Conamara, sa mbliain 1946 é. Chaith sé roinnt blianta ag obair in Arramara Teo., i gCill Chiaráin. Bhuail sé faoin scríbhneoireacht thart ar 1990. Riar maith duaiseanna bainte amach ag Oireachtas na Gaeilge le filíocht, aistí, gearrscéalta don óige agus do dhaoine fásta, agus agallaimh beirte.

Mar áisitheoir i gceardlanna scríbhneoireachta i meánscoileanna ina cheantar féin le cúig bliana déag. Maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta f/ch Údarás na Gaeltachta. Bhíodh leabhar dá fhoilsiú chuile bhliain den ábhar a bhíodh scríofa ag na daltaí.

Saothar léite ar Raidió na Gaeltachta, TG4, Coláiste na hOllscoile Gaillimh, Féile IMRAM, Féile Cúirt na Gaillimhe. Lab na Mainistreach Ciarraí, Oileán Leódhais na hAlban, agus ionaid éagsúla eile in Éirinn agus i Meiriceá.

Foilsíodh a chéad dánta san iris Comhar.

Slám dánta san leabhar An Chéad Chló i 1997 (Eag. Cathal Ó Searcaigh).

Bhain a dhán ‘Óid an Oireachtais’ an phríomhdhuais amach i gcomórtas a heagraíodh i 1997, agus an tOireachtas ag ceiliúradh 100 bliain ar an bhfód.

Dán i Duanaire an Chéid, eag. an tOllamh Gearóid Denvir. (C. I. C. 2000).

Cnuasach filíochta Gaineamh Séidte foilsithe i 2003.

Bhain amach an phríomhdhuais i gComórtas gearrscéalta urraithe ag an bpáipéar Foinse/ Cló Iar Chonnacht. An scéal buacach foilsithe san leabhar Nuascéalta 2005.

Nóibhille Aileach foilsithe i 2010, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

Cnuasach gearrscéalta Bróga Johnny Thomáis foilsithe i 2012, le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta. Bhain an cnuasach amach Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht.

Nóibhille An Mianadóir, litríocht do dhéagóirí, foilsithe i 2015, le maoiniú ó Foras na Gaeilge.

Ba é an comhlacht Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh na leabhra.

Tá a chuid leabhra sna scoileanna, agus san gColáiste.

Scríobh an cartún Cúilín Dualach bunaithe ar ghearrscéal leis. Déanta i gcomhair le Cartoon Saloon, agus an comhlacht Sónta le tacaíocht ó Bord Scannán na hÉireann agus TG4. Bhain amach seacht ngradam san Eoraip, ina measc: Gradam IFTA, Gradam Féile na Meán Ceilteach, agus Gradam Pulcinella san Iodáil. Tá an cartún seo sna scoileanna.

Jackie Mac Donncha was born and raised in Cill Chiaráin, Conamara. Worked in Arramara Teoranta, a local Alginates factory. Began writing in the 90s. Won several prizes in the Oireachtas na Gaeilge competitions. Has worked in secondary schools for the past 15 years doing creative writing with the pupils, funded by Ealaín na Gaeltachta. Pupils’ efforts published at the end of each year. Has read on Raidió na Gaeltachta, TG4. Galway University, IMRAM festival, Cúirt festival, in Scotland, and various other places in Ireland, America, and Japan.

Some of his first poems were published in Comhar, and later in the collection An Chéad Chló ed. Cathal Ó Searcaigh, 1997.

Won first prize with his poem ‘Óid an Oireachtais’ in 1997 when the Oireachtas celebrated 100 years.

Collection of poems Gaineamh Séidte published in 2003.

Won first prize in a short story competition organised by the newspaper Foinse and Cló Iar Chonnacht. Winning story published in the book Nuascéalta in 2005.

Novella Aileach published in 2010, funded by Foras na Gaeilge.

A collection of short stories Bróga Johnny Thomáis published in 2012. Funded by Ealaín na Gaeltachta. Won first prize with the collection in the Cló Iar Chonnacht Literary competition.

A novella written for teenagers, An Mianadóir, published in 2015, funded by Foras na Gaeilge.

All books published by Cló Iar Chonnacht.

Wrote the cartoon Cúilín Dualach based on one of his short stories. Made in conjunction with Cartoon Saloon and the film company Sonta, funded by BAI, and TG4. Won seven awards in Europe including: IFTA, Celtic Film Festival, and the Pulcinella award in Italy for best short film.

Took part in television documentaries: Fís na Fuiseoige, Peann ar Phár, Tithe Cois Farraige.

Has edited and translated television scripts English/Irish.

Birth date: 1946

Share this portrait:

D’éirigh sí dá bolg agus shiúil ar aghaidh go mall. Trí thomacha aitinn a bhí buí le bláthanna. Í ag tarraingt tríd an aiteann a bhí gar don talamh. Na deilgne dá stróiceadh san áit a raibh cuid den fhionnadh imithe dá craiceann. Bhí spotaí móra maola ina craiceann le fada. An cóta sleamhain ríoga a bhíodh uirthi, é scáinte agus ag titim ina scraitheacha di. Dá fhágáil i ndriseacha, in aiteann agus tom ar bith a bhí géar. Scead anseo is ansiúd. Náire uirthi í féin a spáint do na sionnaigh óga eile a bhí sa gcoill.
Bhí sí leath bealaigh síos an cnocán nuair a tháinig an boladh aitheanta ina polláirí. Boladh fáilteach.
Dinnéar.
Stop sí ar an toirt. Lig síos ar a bolg í féin. Chuir a srón san aer agus bholaigh. A polláirí ag méadú agus ag laghdú.
Chas sí go leataobh de bheagán. Í ag taisteal go cúramach, ciúin i dtreó an bholaidh.
Idir dhá thom bheag aitinn chonaic sí an coinín. Pataire óg beathaithe. Uisce ag sileadh lena béal ag breathnú air. Murach a haois, bheadh spóirt aici leis an gcoinín seo. Píosa cleitínteachta. Í ar thaobh an fhoscaidh. Gan fios dá laghad ag an gcoinín go raibh súile ocracha dírithe ar a cholainn. É ar a chompóirt ag piocadh an choinligh. Ag éirí ar a chosa deiridh anois is aríst ag cur cluas le héisteacht air féin. Théis tamaill bhig éisteachta d’íslíodh sé, é ag ithe go cíocrach.
Rinne sí a bealach ina threo, gan torann ná fothram. An boladh ina polláirí níos láidre anois. Í ag smaoineamh ar an bhfeoil bhlasta a bhí faoin gcraiceann, a líonfadh bolg a maicín, a ruaigfeadh an t-ocras.
Shleamhnaigh sí léi ar a bolg, ag teacht níos gaire agus níos gaire. Í i bhfoisceacht cúpla slat dó. Ní fhaca sé í, ná níor chuala sé í. Nuair a bhí sí sách gar dó, d’éirigh sí agus léim. É feannta cheana féin aici ina hintinn.
Ach nuair a tháinig a dhá chois tosaigh go talamh san áit ina raibh sé ag ithe nóiméad roimhe sin, ní raibh sé ann.
Bhí sé imithe mar a shlogfadh an talamh é.
Cé go raibh an fonn uirthi, ní raibh sí sách fuinniúil le dul sa tóir air.
Chuile sheans go raibh sé faoi thalamh anois ar aon bhealach. Bhí a fhios aici go raibh an cath seo caillte. Gan de rogha aici anois ach leanacht ar aghaidh, le súil go dtiocfadh sí trasna ar ainmhí nó éan eile.
Bhí bonnaíocha a crúb tinn. Í crapchosach. É an- éasca iad a ghortú le gairid. Crúba a bhíodh chomh crua le leathar. Í in ann ruathar a thabhairt trí choill nó aiteann nó fraoch gan pioc a aireachtáil.
Ní raibh ach sodar beag fuithi anois, í ag dul le fána cnocáin. Ag íochtar an chnocáin bhí garraí beag coinligh. Sciuird coinín óg isteach i bpoll sul má d’inis a hintinn di gur ann dó ar chor ar bith. Chonaic sí péire eile ag pramsáil ar chnocán beag, fios aici nárbh fhiú di dul san iarracht le breith orthu.

Sliocht as an ngearrscéal 'Aois na Céille' ón gcnuasach gearrscéalta Bróga Johnny Thomáis (Cló Iar-Chonnacht, 2012), lgh. 92-93.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00