Eoghan Mac Giolla Bhríde

Eoghan Mac Giolla Bhríde

Photographer: Caoimhín Ó Peatáin

Usage rights: COMHAR

Date: 24 May 2022

Setting: An Ghlaisigh, Donegal

Is scríbhneoir gearrscéalta agus scripteanna scannáin é Eoghan Mac Giolla Bhríde a rugadh agus a tógadh i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill. Foilsíodh a thríú bailiúchán gearrscéalta, Cnámh, in 2020 (Éabhlóid) ar bronnadh duais Leabhar Gaeilge na Bliana air ag An Post Irish Book Awards in 2020. Bhí Eoghan mar chomhscríbhneoir ar na scannáin Song of Granite (2017) agus Silence (2012) le Harvest Films agus bhí an phríomhpháirt aisteoireachta aige sa scannán Silence chomh maith. Le Bláth na dTulach (Éabhlóid, 2021) chruthaigh sé an chéad phodchraoladh liteartha Gaeilge ina léitear agus ina bpléitear scéalta ón díolaim Ultach Bláth na dTulach. D’aistrigh sé an leabhar clasaiceach An Prionsa Beag (Le Petit Prince) ón Fhraincis in 2015 (Éabhlóid). In 2002 a d’fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach gearrscéalta, Idir Feoil is Leathar, agus chuir siad amach an dara cnuasach, Díbeartaigh, in 2005. Bhí sé ina eagarthóir ar leagan úr den leabhar Cáitheadh na dTonn (Éabhlóid, 2017) le Muirghein agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort! a foilsíodh in 2016 (Éabhlóid). Cuireann sé imeacht ar siúl gach bliain mar chuid d’Fhéile an Earagail faoin scáthghrúpa Baird Nua-Aoiseacha a thugann le chéile ealaíontóirí as Éirinn agus Albain. Tá céim ag Eoghan san Innealtóireacht Shibhialta a bhain sé amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sé mar stiúrthóir ar an chomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid a bhunaigh sé in 2010.

Eoghan Mac Giolla Bhríde is a writer from Gaoth Dobhair in County Donegal. He focuses mainly on short fiction and screenplays. His third collection of short stories, Cnámh, was published in 2020 (Éabhlóid) receiving the Irish Language Book of the Year at An Post Irish Book Awards 2020. Eoghan cowrote the feature film Song of Granite (2017), directed by Pat Collins, which premiered at SXSW in 2017 and which was Ireland’s entry to the Best Foreign Language Film category at the 2018 Oscars. Eoghan starred in the feature film Silence (2012), which he cowrote with Pat Collins and Sharon Whooley, for which he received the Irish Times Michael Dwyer Discovery Award. The documentary film, John Doherty – Ar Leirg na Gaoithe, written and directed by Eoghan, received the Torc Award at the Celtic Media Festival in 2013 for Best Arts Documentary. In 2020 Eoghan translated Vincent Wood’s play, Song of the Yellow Bittern, to Irish and it was performed at An Taibhdhearc theatre. In 2019 Eoghan translated Oscar Wilde’s Salomé for the Éiru Dance Company which premiered at Galway International Arts Festival in 2019. In 2015, he translated the classic Le Petit Prince by Antoine de Saint-Exupéry into Irish (An Prionsa Beag, Éabhlóid, 2015). His first two collections of short stories Idir Feoil agus Leathar and Díbeartaigh were published by Coiscéim in 2002 and 2005 respectively. Eoghan is director of the publishing company Éabhlóid, formed in 2010.

Birth date: 1973

Share this portrait:

Tá an baile mór ag bruidearnaigh mar ghearbóg a mbeadh aicíd uirthi. Síos Rue La Fayette agus mé tré thine. Meisceoirí, drugaithe, sciorracháin, striapacha, mangairí; iad uilig amuigh ag déanamh gnoithe. Blaisim an mheirbhe san aer. Déanann an chathair angaidh agus is mise máthair an ghoir. Is mé bainne na hailse. Is maith liom an chathair na hoícheanta teo seo a mbíonn an t-aer trom le dúil. Fríd Gare du Nord agus é lán súmairí, andúiligh agus díbeartaigh; ní bheadh a fhios cén poll ar éirigh siad as le dhul a mharcaíocht trasna na cathrach ar thraenacha san oíche. Tá faobhar ar an oíche ach ní an cineál faobhair é atá uaimse. Líne B go Châtelet. Thar na tithe tábhairne leis na gandail agus na buachaillí bána ag pógadh agus ag galamaisíocht; na banríona, marlaí bhodacha mar ghamhna samhraidh, na hataí geala agus na féileacáin ag cur gotha orthu féin go craobhlasrach. Séidim póg leo. Is cuma liom. Siúlaim thart tharstu. De réir mar a sciorrann an chathair thart sa traein, tagann mearbhlán orm. Túrcheapanna, soilse geala, cáblaí leictreachais, spuaiceanna eaglaise ag preabadh aníos thar bhun na spéire, iad léite isteach ina chéile. Carranna, trucailí, cruach agus coincréit, daonnacht, lom ina chuid fuaire, le boladh na hoibre agus an allais; an chathair mhilis ag sleamhnú uaim go súitear an traein síos isteach i dtollán dubh in ionathar na cathrach.

Sliocht ón ghearrscéal 'Slán le Páras' ón leabhar Cnámh (Éabhlóid, 2020), lch 80.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00