Éilís Ní Dhuibhne

Éilís Ní Dhuibhne

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 3 February 2011

Setting: Dublin

Rugadh Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Atha Cliath i 1954. Tá Dochtúireacht sa Bhéaloideas aici. D’fhoilsigh sí a céad scéal, ‘Green Fuse’, ar leathanach ‘New Irish Writing’ san Irish Press i 1974, agus ó shin tá os cionn seasca gearrscéal agus os cionn scór leabhar foilsithe aici, mar aon le filíocht, drámaí, scripteanna telefíse, altanna agus léirmheasanna. I measc a cuid leabhar tá The Bray House, The Dancers Dancing, Fox Swallow Scarecrow, The Pale Gold of Alaska, agus Dúnmharú sa Daingean, Cailíní Beaga Ghleann na mBláth, Hurlamaboc, Dún an Airgid, agus Dordán. Tá mórchuid duaiseanna buaite aici, ina measc duais Lios Tuathail d'fhilíocht, trí Dhuais ‘Bisto’, Gradam IBBY, Reader’s Association of Ireland Award, Duais Stewart Parker do dhráma, Duais Butler do phrós, ceithre dhuais Oireachtais d'fhicsean agus do dhrámaíocht, agus duaiseanna eile nach iad. Bhí The Dancers Dancing ar an ngearrliosta don Duais Oráiste d'Fhicsean in 2000. Chaith sí os cionn fiche bliain ag obair mar Choimeádaí sa Leabharlann Náisiúnta. Múineann sí scríbhneoireacht chruthaitheach anois i gColáiste na hOllscoile (UCD), agus in Acadamh Faber. Tá sí ina ball d’Aosdána agus bhuaigh Duais PEN sa bhliain 2015. Is iad The Shelter of Neighbours (2012) agus Aisling Nó Iníon A (2015) na leabhair is déanai léi.

Éilís Ní Dhuibhne was born in Dublin in 1954. She has a PhD in folklore. Éilís started writing plays and stories when she was in school and published her first short story in David Marcus’s ‘New Irish Writing’ page, in the Irish Press, in 1974. Since then she has written more than sixty short stories and twenty-four books, as well as plays, television scripts, scholarly articles and book reviews. Her work has received many awards, including the Listowel Writers’ Week poetry award, Stewart Parker Award for drama, three Bisto awards for children’s books, three Oireachtas awards for novels in Irish, the Irish National Book award, the Butler Award from the Association of Irish-American Studies, the Readers’ Association of Ireland Award, among others. Her novel The Dancers Dancing was shortlisted for the Orange Prize for Fiction. Éilís worked for more than twenty years in the National Library of Ireland as an Assistant Keeper. She teaches creative writing in University College Dublin and in the Faber Academy of Writing, and is a member of Aosdána. In 2015 she was presented with the Irish PEN award for literature. Her most recent books are The Shelter of Neighbours (2012) and Aisling Nó Iníon A (2015).

Birth date: 22 February 1954

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Ag siúl a bhí siad, ón gcarr. Bhí an lá meirbh, cé go raibh sé gruama. Scamaill throma ar crochadh os cionn na gcrann. Cuma thiubh throm ar na crainn féin, cuma na tuirse orthu. Agus bhí an iomarca éadaí ar Aisling – seaicéad beag chomh maith lena t-léine. Bhí uirthi cur suas leis toisc go raibh a lámha gafa leis na bileoga.

Bhí Sráid Chill Dara plódaithe.

Ealaíontóirí ar Son Rogha

Scríbhneoirí ar Son Rogha

Bhí na daoine a bhí ag máirseáil cosúil leo siúd a bhíodh ag máirseáil ar an taobh eile, ach amháin go raibh mná sa tromlach sa dream seo. I ndream Eibhlín, bhí coibhneas cothrom, a mheas Aisling, idir fir agus mná. Difríocht bheag eile ná go raibh líon na ndaoine óga – sna déaga agus na fichidí – ar lámh amháin, agus na seandaoine, ar an lámh eile, i bhfad níos lú, sa slua seo. Mná óga, den chuid is mó, a bhí ag siúl aníos an tsráid. Iad néata, gléasta i ngnáthéadaí – jíons agus geansaithe den chuid is mó, roinnt acu a raibh clár i lámh amháin agus scáth fearthainne sa lámh eile, ar eagla na heagla. Ní shílfeá, le breathnú orthu, gur ealaíontóirí ná scríbhneoirí ná lucht acadúil iad. Bhí siad díreach ar aon dul le haon duine eile.

Bhí siad gealgháireach. Iad ag caint agus ag comhrá eatarthu féin. Póstaeir lámhdhéanta mar a bheadh seolta san aer:

Ár gCORP, ÁR nGNÓ!

Aisghair Ceartú a hOcht – Deireadh leis an Ochtú Leasú!

Ag tosach an tslua bhí mná óga agus cásanna ar rothaí acu. Cás beag den déanamh céanna a bhí ag Aisling ach nár bhain sí úsáid as ag dul go Londain di, toisc nár fhan sí thar oíche. Ba é sin a dhéanaidís de ghnáth, na hÉireannaigh a fuair ginmhilleadh i Sasana.

DÁRÉAG SA LÁ AG DUL THAR LEAR!

Chuaigh siad go dtí an t-aerfort, a gcásanna beaga ar rothaí acu. Cosúil leis na mná óga a bhíodh ar na heitleáin ag dul ar ghnó – chuig cruinnithe, chuig seimineáir, chuig comhdhálacha. Ba mhinic a thug Aisling na daoine sin faoi deara. Dea-ghléasta. Galánta. An chuma orthu go raibh an saol ag éirí go breá leo.

In éineacht leis na mná gnó, na mná ar saoire, na mná sna healaíona, na mic léinn, na mná acadúla, a tháinig trí na doirsí ag an aerfort, bhí dáréag a bhí ag teacht abhaile tar éis ginmhilleadh a fháil i Sasana, dá mb’fhíor na staitisticí.

Ag ligean orthu.

Ag fanacht ciúin faoi.

Mná a raibh rún acu.

Málaí beaga ar rothaí acu. Rún ina gcroí. Agus sna málaí.

Ná habair!

Seans go raibh cuid de na mná ar an mórshiúl tar éis an turas sin a dhéanamh? Seans nach Aisling an t-aon bhean óg ar Shráid Chill Dara a raibh an taithí sin aici?

Ní raibh an chuma orthu go raibh croí trom acu, go raibh rún dorcha á iompar acu. Go raibh siad ag mothú ciontach.

Shiúil siad, agus iad ag glaoch amach in ard a ngutha:

Cad atá uainn?

Deireadh leis an Ochtú Leasú!

Cathain atá sé uainn?

ANOIS!

Agus

Ní ag an Eaglais,

Ní ag an Stát!

Ag mná amháin,

Atá an ceart!

‘Cén fáth ar tháinig muide anseo?’

‘Chun seasamh i gcoinne an dream damanta seo,’ arsa Eibhlín.

Bhí Aisling ceaptha seasamh ar chúinne Shráid Theach Laighean agus Shráid Dhásain. Is ansin a bheadh sí ag tabhairt amach na mbileog. Bheadh Eibhlín i gceartlár an aonaigh – ar ndóigh – lasmuigh de Theach Laighean.

Na bileoga.

LEABHAR NA BEATHA. PICTIÚIR ÁILLE DEN LEANBH SA BHROINN

Deir dochtúirí nach mbíonn gá riamh le ginmhilleadh chun beatha mná a shábháil.

Ar mo bhealach go dtí an clinic ginmhillte is ea a thuig mé an fhírinne!

Bhí na bileoga go deas. Ildaite, lán de ghrianghraif de bháibíní agus de mháithreacha óga. I bhfad níos snasta ná na rudaí a bhí ag an dream eile – bheadh náire ort na bileoga bochta, suaracha, a bhí acu, a scaipeadh, gan trácht ar an teachtaireacht a bhí iontu.

Sheas sí ag an gcúinne ar feadh deich nóiméad, ag féachaint ar an mórshiúl ag teacht aníos Sráid Dhásain agus ag casadh isteach i Sráid Theach Laighean, ag dul i dtreo Theach Laighean. Níor bhac sí le haon bhileog a thabhairt d’aon duine. Níor theastaigh uaithi. Bhí eagla uirthi. Bhí eagla uirthi go n-ionsóifí í. Nó – rud ní ba mheasa – go ndéanfadh cuid den dream seo magadh fúithi.

Éilís Ní Dhuibhne, as Aisling Nó Iníon A (Cois Life, 2015)