Eilís Ní Anluain

Eilís Ní Anluain

Photographer: Lára Ní Mhaoláin

Usage rights: COMHAR

Date: 16 May 2022

Setting: Bray, Co. Wicklow

I mBaile Átha Cliath a rugadh Eilís Ní Anluain agus is i mBré, Co Chill Mhantáin atá a saol fásta caite aici. Tógadh le Gaeilge í, d’fhreastal sí ar Scoil Lorcáin, Coláiste Íosagáin agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is i gConamara i dtosach agus ansin ar Inis Oírr a chaitheadh an teaghlach saoire an tsamhraidh agus bhuaigh taighde a rinne sí ar an oileán bonn óir de chuid Chomhairle na hEorpa. Le colún Beocheist in The Irish Times in 2004 thosaigh sí ag scríobh go rialta agus tá ábhar léi in Comhar, Feasta, Béaloideas agus Sinsear. D’fhoilsigh Leabhar Breac úrscéal léi, Filleann Seoirse in 2011. Chuir sí eagar ar Aghaidheanna Fidil agus Púicíní le Muiris Mac Conghail (Sáirséal Ó Marcaigh, 2009) agus ar Creidim Fós agus aistí eile le hEoghan Ó hAnluain (LeabhairCOMHAR, 2013). Ó 2014 tá sí ar fhoireann eagarthóirí Ainm.ie. 

Eilís Ní Anluain was born in Dublin and has lived her adult life in Bray, Co Wicklow. She was brought up and educated through Irish. She attended Scoil Lorcáin, Coláiste Íosagáin and University College Dublin. Summer holidays were initially in Conamara, then on Inis Oírr, where she carried out research which won a gold medal from the Council of Europe. In her twenties she worked in RTÉ and as a second level teacher of English and German. From 2004-2014 she was a regular columnist in The Irish Times and has contributed to Comhar, Feasta, Béaloideas and Sinsear. In 2011 her first novel Filleann Seoirse was published by Leabhar Breac. She has edited Aghaidheanna Fidil agus Púicíní (Sáirséal Ó Marcaigh, 2009), Muiris Mac Conghail’s study of the classicist George Thomson’s time in Ireland and Creidim Fós agus aistí eile by Eoghan Ó hAnluain (LeabhairCOMHAR, 2013). She is a contributing editor with Ainm.ie since 2014.

Birth date: 28 March 1963

Share this portrait:

Ag siúl abhaile cois abhann dom agus m’aghaidh dírithe agam ar scaoth éanlaithe sa spéir os mo chionn, ghlaoigh cailín amach, ‘What’s she lookin’ at?’ ‘The birds stupid,’ an freagra a thug a compánach uirthi. Rud chomh tarraingteach leis ní fhaca mé roimhe. Bhí mé faoi dhraíocht aige mar léiriú. Rinne mé iontas nach raibh a léithéid feicthe agam cheana. Cé go raibh eochair dhoras an tí i mo phóca, shíl mé gurbh fhearr a thiocfadh cnag ar an bhfuinneog le dráma an radhairc. Nuair a d’ardaigh Seoirse a cheann óna leabhar shín mé méar i dtreo na spéire agus sméid air teacht amach. Thug sé na leanaí chuig an doras. Thóg mé Úna i mo bhaclainn agus rug Art greim láimhe ar Sheoirse. Sheasamar i lár na páirce agus bhain lán ár súl de dhragún ar rinneadh eitleog de agus figiúirí eile nach iad. Ní hé amháin go raibh an rud ar fad ag cur crutha nua air féin, ach le gach athrú treo bhí mar a bheadh claochlú ag teacht ar gach éan ar leith. Bhriseadar iad féin suas i ngrúpaí ansin, cuid acu sínte amach ina ribín fada amhail is gur ó shimléir ghalbháid nó traenach a bhíodar ag teacht agus an chuid eile bailithe i ndlúthliathróid dubh a mhéadaigh de réir mar a tháinig péire ón taobh seo nó trí cinn ón taobh eile agus go ndearnadar iad féin a nascadh leis an meall mór dubh a bhí ann anois le tamall. Thiteadar ansin in aon ruathar tobann, an meall ar fad mar a bheadh éan ábhalmhór amháin ar foluain os ár gcionn, gach éan beag mar chleite ag corraí go fíochmhar ar fhathach d’éan a d’ardaigh é féin go tobann arís, gur bhain sé gach ‘ú’ agus ‘á’ asainn mar a bhainfeadh gleacaí as leanaí ag sorcas. Bhí díomá orainn nuair a thuirsigh Úna de, nó gur airigh sí an bearradh a bhí tagtha ar an ngaoth. Thug muid aghaidh ar an teach agus bhí sé chomh maith againn, mar bhí sé ligthe i ndearmad agam go raibh veain ag teacht chugainn an tráthnóna sin le bord ó shiopa athláimhe.

Filleann Seoirse le hEilís Ní Anluain (Leabhar Breac, 2011), lgh 98-99.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00