Deirdre Ní Ghrianna

Deirdre Ní Ghrianna

Photographer: Caoimhín Ó Peatáin

Usage rights: COMHAR

Date: 12 September 2021

Setting: Belfast

Rugadh in Iarthair Bhéal Feirste í áit a bhfuil sí go fóill. Bhí sí naoi mbliana d’aois nuair a thosaigh na tríoblóidí, rud a chuir isteach uirthi nó go dtí sin, bhí saol beag pléisiúrtha aici. Nuair a bhí sí ar an bhunscoil, léigh mé dá raibh i leabharlann an ranga agus ansin, chuaigh mé (in éadán mo thola) ar scoil Naomh Doiminic.

Casadh a cairde uirthi ansin, Anne Marie, Kate agus Réaltars, agus chuaigh siad uilig go dtí CCÁ cionn is go raibh na tríoblóidí i mbarr a réime agus bhí Lenny Murphy et al ag seilg íospartach.

Ba í an Ghaeilge teanga an tí agus ba é an céilí gach oíche Shathairn an saol sóisialta a bhí acu. Chuir CCÁ seachtar acu go dtí Teach an Mháisteara i Rann na Feirste le deontas £60.00 eadrainn in 1977 agus mhair siad 21 lá ann agus b’iad na laetha saoire a b’fhearr dá raibh ariamh acu.

Bhí sí ag scríobh liom nuair a bhí sí ar scoil; rudaí amaideacha. Labhair saothair Shéamais agus Seosamh Mhic Grianna léi mar a rinne O’ Flaherty, Hardy, O’Casey, Owens, agus Millar. Níor chorraigh an Bard ó Avon í. Síleann sí go bhfuil an chéad alt den Druma Mór ar an scríbhneoireacht a b’fhearr dár léigh sí i nGaeilge nó i mBéarla.

Chláraigh sí le ceardlann scríbhneoireachta in 1989. Thug Cathal Ó Searcaigh an chéad áit don scéal 'Taibhsí' i gcomórtas na scríbhneoireachta i bhFéile an Phobail in 1993.

Born to Anne and Gerry Jamison in 30 Glen Road in West Belfast. Her education began at St. Teresa’s Girl Primary School, Glen Road and then St. Dominic’s High School, Falls Road (1972-1979). On achieving freedom, she went to St. Mary’s College to train as a teacher (English & Irish) before realising the error of her ways.

She attended classes from 1972 in Cumann Chluain Árd, firstly, in Albert Fry’s Bunrang and later, the Ardrang, taught by her now husband, Máirtín Mac Grianna, nephew of the writers Seosamh and Séamas; as did the fortunate ones, including, Art, Breandán F, Breandán D, Máirtín, Pól, Seán agus Réaltars to name but a few.

She returned to full-time education in 1991 to train as a journalist. She worked for LÁ before she was employed by BBC Raidió Uladh. She worked freelance before returning to LÁ NUA until its closure. She obtained a 1st Class BA in Irish in 2008 from University of Ulster. From 2011 she has worked as a full-time translator with CCEA in Belfast.

She has written numerous articles in Irish and her books include An Gnáth Rud and Eachtra. She thanks Pádraig Ó Snodaigh and Biddy Jenkinson for advising her to attend a writer’s workshop.

She has been married now for 40 years and with Máirtín, she has raised five children. She regularly visits Donegal (COVID-19 restrictions permitting!) and whilst working for LÁ NUA, she lived in Meencorrwick.

Share this portrait:

Oíche Shamhna, nuair a fhágas taibhsí an domhain mhór a gcuid uaigheanna le cuairt a thabhairt ar an chine dhaonna ag iarraidh suaimhnis ón chré fhuar fholamh.

An t-am den bhliain nuair a mhusclaíonn an geimhreadh ó shuan an tsamhraidh agus séideann sé anáil fhuar le ruaig a chur ar an fhómhar.

D’amharc Róisín amach ón teach tábhairne síos ar ché Mhachaire Rabhartaigh. Chonacthas di go raibh ollphéist de néalta dubha feargacha ag siúl trasna na spéire agus ag suaitheadh na farraige lena crúba casta. Bhí an ghaoth ag búirfigh agus ag greadadh in éadán an dorais agus bhí achan scread choscrach agus uaill ghéibheannach aici a thóg sí ar a bealach trasna na farraige móire.

Shuigh Róisín ansin agus greim an fhir bháite aici ar ghloine uisce beatha te agus smaointigh ar an rud a d’fhág a hintinn ar snámh mar a bheadh smug róin i lár na farraige móire ann. B’fhéidir gur aisling a bhí ann ach san am céanna, nár mhaith a bhí a fhios aici go bhfaca sí agus gur labhair sí le taibhse óna hóige féin, Kevin Barry Mac an tSagairt.

Tháinig sí anseo dhá lá ó shin, chuig an tseanteach ar an chaorán, a cheannaigh sí na cupla bliain roimhe. Ní thiocfadh léi a rá anois cad chuige ar cheannaigh sí an seanteach sin, nó bhí rogha aici, ach gur cheannaigh sí é mar theach tearmainn ó chathair cháidheach Bhéal Feirste.

'Taibhsí' in An Gnáth Rud (Coiscéim, 1999), lch 34.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00