Colette Ní Ghallchóir

Colette Ní Ghallchóir

Photographer: Caoimhín Ó Peatáin

Usage rights: COMHAR

Date: 18 May 2022

Setting: Derry

Rugadh Colette Ní Ghallchóir fá scáth na Cruacha Gorma i nDún na nGall blianta fada ó shin, tógadh i dteach ceoil agus amhránaíochta í. Bhog an teaghlach go Gaoth Dobhair i 1960. Fuair sí scoláireacht go Clochar Lughaidh Mhuineachán i 1963 agus ghlac sí le scairt go dtí Coláiste Bantiarna na Trócaire i 1968, áit ar oileadh mar mhúinteoir bunscoile í. Chaith sí daichead bliain ag teagasc, i mBaile Átha Cliath, i Muineachán agus sa bhaile, i nDún na nGall – tá a saol caite aici leis an oideachas. Ainmníodh í tráth don ghradam Pushkin Creative Arts in the Classroom agus tá meascán den oideachas agus den fhilíocht le fáil ina stíl theagascach. Is cainteoir dúchais í Colette a bhfuil B. Ed agus Dioplóma aici san Oideachas Feabhais, BA i dTeanga agus i Litríocht na Gaeilge, agus tá ceithre leabhar filíochta, Idir Dhá Ghleann (Coiscéim, 1999), Na Sióga i Lag na hAltóra (Coiscéim, 2005) agus An tAmharc Deireanach: The Last Look (Arlen House, 2014), agus An Guth Aduaidh (Arlen House, 2021) scríofa aici. Tá go leor dá saothar curtha i gcló agus le fáil i gcnuasaigh, sa bhaile agus i gcéin.

Colette Ní Gallachóir was born in the Bluestack mountain area of Donegal in 1950. Brought up in a house of music, song and story. Her family moved to Gaoth Dobhair when she was about ten years of age. She was educated at Scoil Chonaill, An Bhun Bhig and at Clochar Lughaidh, Monaghan. From there she progressed to Carysfort Training College and has taught in Monaghan, Dublin, Lettterkenny and Ramelton. She is widely authologised.

She has read abroad on Turas na mBard, Conradh na Gaeilge, in Glasgow and Sicily. She was nominated for a Pushkin award for writing with children in schools. She has published in many Irish journals.

In recent years she had read at locations across Belfast including the Linen Hall, The Crescent Arts Centre, the Irish Consulate and An Ceathrú Póilí. A selection of her poetry was edited by Selina Guinness for inclusion in The New Irish Poets (Bloodaxe Books, 2004).

She has written four books of poetry, one in translation. Publications include: Idir Dhá Ghleann (Coiscéim, 1999); Na Sióga i Lag na hAltóra (Coiscéim, 2005); An tAmharc Deireannach: The Last Look (Arlen House, 2014); An Guth Aduaidh (Arlen House, 2021).

Birth date: 1950

Share this portrait:

Mise Éire

Ní maith liomsa
Boladh na gcoinnle
Ná an lasóg
Ná ní maith liom
Gabháil isteach
In áit na gcoinneall
Áit na péine
Na trioblóidí
Áit na ngasúr
Áit an áir
Áit múchta an tsaoil
Áit múchta na beatha,
Áit duálchis na duáilche
Áit an uaignis
Agus na péine
Pian na n-athracha
Pian na máithreacha
Na gasúraí crochta
Na gasúraí marbha
Na gasúraí báite
Na gasúraí caillte
Gasúraí na ndrugaí
Gasúraí an dí
Gasúraí na mbrioscaí milse
Gasúraí a d’fhág an saol
Ar altóir na péine
Sa seomra gléasta
An tsoineantacht crochta
Ar Chrann na Páise
Ligeadh saor Barabbas
Ach crochadh iadsan
Ólfaidh siadsan
An fhíon ghoirt
Go deo na ndeor.

'Mise Éire', dán Colette Ní Ghallchóir, An Guth Aduaidh (Arlen House, 2021), lch 29. 

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00