Ciara Ní É
Genres: Blogger, Playwright, Poet, Scriptwriter
Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É. Bhí sí ar an liosta '100 Women Changing Ireland in 2022' de chuid an Irish Examiner. Ise a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. In 2023 is Ealaíontóir Cónaithe í le UCD Scoil ICSF, roimhe seo leis an Dublin Fringe Festival 2022 & DCU 2020. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017, agus an bhliain dár gcionn d’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Is ambasadóir anois í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Bhí sí mar láithreoir ar an gclár Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge le Aniar TV, a ainmníodh ar ghearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach agus Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Chomhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í, lena leathbhádóir Eoin Mc Evoy. Tháinig AerachAiteachGaelach sa chéad áit i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, agus muid san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre. Chuir Eoin is Ciara an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021. Scríobh an bheirt Grindr, Saghdar & Cher in éineacht le Sam Ó Fearraigh (GIAF 2023). Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus, Aneas, agus Comhar ina measc, agus sna díolamaí Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green agus Washing Windows Too. I measc a cuid coimisiún áirítear RTÉ TV, BBC Radio, TG4, agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann.
Múineadh dánta liom i gColáiste Mhuire gan Smál Luimneach, Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil Chorcaí. Ailt faoi REIC agus AerachAiteachGaelach sa téacsleabhar Croí na Gaeilge (Edco, 2022). Dán liom sa leabhar meánscoile Ar Aghaidh Leat Book 2.
“[A] warm and personal theatrical experience with very impressive sets which immerse the listener inside the world.” No More Workhorse
“Cloch mhíle thábhachtach agus seó den scoth é ‘Grindr, Saghdar & Cher’” Tuairisc
Ciara Ní É is a bilingual writer, performer and activist. She is known for her social media presence, including her YouTube video series What the Focal!?, and the WTF!? podcast which was launched in 2022. She was chosen as one of the Irish Examiner’s '100 Women Changing Ireland in 2022'. Ciara is currently Artist in Residence with UCD Scoil na Gaeilge, and previous residencies include the Dublin Fringe Festival, DCU, and she is an Irish Writers Centre ambassador. She was chosen for Poetry Ireland’s ‘Introductions’ series in 2017. She has performed in New York, London, Brussels, Sweden, and across Ireland. She is the founder of REIC, a multilingual spoken word and open mic night that features poetry, music, storytelling and rap. Her work has been published in journals including Icarus, Aneas, and Comhar, and the recent anthologies Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green and Washing Windows Too. She has written poems for UNESCO City of Literature, The Linenhall Arts Centre, RTÉ TV, BBC Radio, TG4, and the Irish Writers Centre. She is a cofounder of queer arts collective AerachAiteachGaelach, set up with Eoin McEvoy. The group was chosen for the Abbey Theatre’s 5x5 series in 2020, and Mc Evoy and Ciara premiered an immersive theatre piece Idir Mise agus Craiceann do Chluaise at The Dublin Fringe Festival 2021. With Sam Ó Fearraigh they wrote and performed Grindr, Saghdar & Cher at the GIAF 2023. Ciara’s work can be widely found online. At the moment her first short film is in pre-production, the script of which won the 2022 Físín short film competition, and she is working on her first poetry collection.
“She has brought a completely fresh approach to ‘traditional’ Irish poetry by introducing spoken-word performance nights to Ireland, as well as feminism and LGBT themes.” Gesa Stedman, Ollamh le Litríocht, Centre for British Studies, Humboldt-Universität zu Berlin