Catherine Foley

Catherine Foley

Photographer: Máirín Seoighe

Usage rights: COMHAR

Date: 30 April 2019

Setting: Ring, Co. Waterford

Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir, scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine. Chaith sí fiche bliain ag obair mar thuairisceoir le The Irish Times.

Bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas d’ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2016 dá bailiúchán colún raidió agus nuachtán, Cuisle an Chósta. Tá trí nóibhille Gaeilge scríofa aici sa seánra seo cheana. Bhuaigh An Cailín Rua (2004) an chéad duais ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2003 agus bhuaigh Sorcha sa Ghailearaí an dara duais sa chomórtas sin i 2002. Tá an dá leabhar foilsithe ag COMHAR. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR an tríú nóibhille, Samhradh an Chéasta, i 2010.

Scríobh sí an script agus chuir sí an tsraith teilifíse, Pobal ag Guí, i láthair ar TG4 i 2013, inar dhein sí anailís ar thraidisiúin na paidreoireachta in Éirinn.

Is léachtóir páirtaimseartha san iriseoireacht le Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí í.

Tá scriptscríbhneoireacht agus láithreoireacht déanta aici, in éineacht len í a bheith páirteach mar chomhléiritheoir lena deirfiúr RoseAnn ar bhreis agus dosaen clár faisnéise do TG4 — ina measc siúd tá clár faoin scríbhneoir Molly Keane, faoin iriseoir Donal Foley, amhránaí Tom Clancy, an fuirseoir Val Doonican agus an teanór Frank Patterson.

Foilseoidh Coiscéim a céad bailiúchán filíochta i 2019, dár teideal Ag Marú Maicréal.

Bhuaigh a cuimhní cinn, a d’fhoilsigh Mercier Press Beyond the Breakwater: Memories of Home i 2018, an Waterford News & Star Green Room Award for Best Book of 2018

Catherine Foley is a full-time writer and a former staff journalist with The Irish Times.

Her short story Secret Letter Writers was included in the short story collection, Irish Girls are Back in Town, which was published by TownHouse Press in 2004.

She is a regular contributor to the iconic Sunday Miscellany radio programme on RTÉ Radio 1, and subsequent selected anthologies published by New Island, which include September Sundays (2013); RTÉ Sunday Miscellany a selection from 2008-2011 (2011) and RTÉ Sunday Miscellany a selection from 2004-2006 (2006).

Her two Irish-language novellas, An Cailín Rua and Sorcha sa Ghailearaí, won first and second prizes at the Oireachtas Literary Awards in 2003 and 2002 respectively, and were subsequently published by COMHAR. Her novella, Samhradh an Chéasta, was published in 2011, again with LeabhairCOMHAR

She won an Oireachtas Literary First Prize Award 2016 for a collection of radio and newspaper columns entitled Cuisle an Chósta.

She has scripted, presented and co-produced documentaries with her sister RoseAnn Foley, including programmes about the writer Molly Keane, the singer Tom Clancy and the journalist and satirist Donal Foley.

She conducted a televised public interview with poet Liam Ó Muirthile as part of the Irish-language arts festival, IMRAM, in Dublin in 2010.

In 2003, she was writer-in-residence in Scoil San Nioclás in Ring, Co Waterford.

Birth date: 10 May 1959

Place of birth: Waterford

Share this portrait:

Thosaigh a croí ag preabadh. Bhí sceitimíní uirthi. Bhraith sí go raibh rud dainséarach á dhéanamh aici ach bhí tábhacht leis an gcoinne seo chomh maith. Coinne tromchúiseach ab ea é seo. Theastaigh uaithi a fháil amach uaidh ar dtús cá raibh sé ina chónaí. B’fhéidir go ndéarfadh sé léi cad as a dtáinig na piollairí. Bheadh sé sin an-úsáideach. Bhí a fhios aici go mbeadh sí in ann stop a chur leis an bhfear seo. Chuirfeadh sí aon eolas úsáideach a bhaileodh sí uaidh faoi bhrád a hathair.

Sular fhág sí a seomra, chas sí agus chuir sí slacht air. Shocraigh sí na braillíní ar an leaba agus réitigh sí an chuilt. Réitigh sí na blaincéid fúithi seo. Chíor sí a cuid gruaige. D’fhéach sí isteach sa scáthán agus chonaic sí a haghaidh. Bhí sí an-shásta léi féin…

… Bhailigh sí a téipthaifeadán as a seomra. Chinntigh sí go raibh na cinnirí úr agus ag obair i gceart agus d’imigh sí léi féin chun bualadh le Dúghlas fé scáth an chalaidh ag deireadh an lae. Sular fhág sí a seomra, rug sí greim ar an tua agus chuir sí é isteach i bpóca a cóta — ar eagla na heagla.

As Samhradh an Chéasta (LeabhairCOMHAR, 2010), lch. 78.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00