Úna Nic Éinrí

Úna Nic Éinrí

Photographer: Máirín Seoighe

Usage rights: COMHAR

Date: 28 June 2019

Setting: Mary Immaculate College, Limerick

Rugadh Úna Nic Éinrí i Mainistir na Féile, Co. Luimnigh, mí Feabhra na bliana 1941, i lár an Dara Cogadh Domhanda. Is beag an bhunscolaíocht a fuair sí, toisc gur bhuail Póilió í tar éis di clárú sa scoil áitiúil, agus chaith sí cúig nó sé de bhlianta dá bharr in Oispidéal an Cheapaigh, i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath. Nuair a d’fhill sí ar an scoil sa bhaile, d’fhoghlaim sí Gaeilge, mar mhúintí gach aon ábhar trí Ghaeilge ann ag an am.

Chaith sí blianta sona in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar ghnóthaigh sí BA is MA sa Léann Ceilteach. Ina dhiaidh sin bhog sí go dtí Institiúid Ard Léinn, Baile Átha Cliath ar chomhaltacht thaighde. Ina theannta sin, d’fhreastail sí ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bhí suite ar Ardán Phort an Iarla ag an am, chun cáilíochtaí mar mhúinteoir dara leibhéal a ghnóthú. Ar ais go Mainistir na Féile léi ansin, mar ar fostaíodh í mar mhúinteoir Gaeilge agus Staire i Scoil Iósaf is Íde Naofa. Ba sa tréimhse sin (1971) a scríobh sí Stair Litríocht na Gaeilge, mar threoir do dhaltaí Ard Teistiméireachta.

Mealladh ar ais go Baile Átha Cliath í ina dhiaidh sin, agus chuaigh sí ag obair i gColáiste Dhún Chéirí, ag múineadh Gaeilge do na hábhair oidí ann. B’éigean di filleadh ar Luimneach, áfach, de bharr cúrsaí clainne, agus bhí an t-ádh léi go bhfuair sí post ag múineadh Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Chaith sí breis is tríocha bliain ann, nó gur éirigh sí as sa bhliain 2005. Le linn di a bheith ann thug sí faoin gcéim Dhochtúireachta i gColáiste na Ríona, Béal Feirste. An t-ábhar a roghnaigh sí ná Tadhg Gaelach ó Súilleabháin, file ón ochtú haois déag. An Dr Nollaig Ó Muraíle a stiúraigh an tráchtas. Mhúscail sin suim inti i saothar fileata eile ó chontae is ó chathair Luimnigh, agus i gcaitheamh na mblianta chuir sí saothar na bhfilí seo leanas in eagar is i gcló: An tAth. Uilliam English, Seán Ó Tuama, Muiris Ó Gríofa, Séamus Ó Dálaigh agus filí eile Luimníocha gan iomrá. Tá sí ag saothrú sa ghort sin go fóill, agus baineann sí sásamh as an taighde.

Úna Nic Éinrí, a native of Abbeyfeale, Co. Limerick, was born on 23rd February 1941. At the age of 4 years she contracted Polio, as a consequence of which she spent many years in Cappagh Hospital, Finglas, Co. Dublin. She studied at the National University of Ireland, Galway, where she was awarded a BA and MA in Celtic Studies. She received a Fellowship to The School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies. Her studentship there, under the guidance of Gearóid Mc Niocaill, led to the publication of ‘the Second Recension of the Evernew Tongue’ (Celtica 9, 1971). She attended University College, Dublin also, where she completed a Higher Diploma in Education.

She returned to her Alma Mater, where she taught Irish and History in Scoil Íde agus Iósaf Naofa, for five years. During her time there she wrote a successful guide for Leaving Certificate students, Stair Litríocht na Gaeilge (Folens, 1971). She returned to Dublin, to take up an appointment as a lecturer in Carysfort College, teaching Irish language and literature to student primary teachers. However, for family reasons, she returned to Limerick, where she spent over thirty years lecturing in Irish at Mary Immaculate College, University of Limerick, before retiring in 2005.

While teaching, she was conferred with a Doctorate in Irish from Queen’s University, Belfast. Her chosen topic of research was Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, and her supervisor was An Dr Nollaig Ó Muraíle. This sparked her interest in other eighteenth-century poets, resulting in publications on Father William English, Seán Ó Tuama, Muiris Ó Gríofa, Séamus Ó Dálaigh, and other lesser-known Limerick poets.

She continues to work in her chosen field of research.

Birth date: 23 February 1941

Share this portrait:

Filíocht chathrach ar an mórgóir a fhaightear sa leabhar seo. Goideadh bróga Uilliam English uair amháin, mar shampla, agus chuaigh Éadbhard de Nógla sa tóir orthu. Shiúíl sé curraithe, bogaithe is móinte, Dúiche Ealla, Triúcha an Bharraigh, agus Ciarraí deiseal is tuathal gan aon toradh ar a chamchuairt. Ansin thug sé aghaidh ar Phort Láirge, ar Luimneach, ‘bolg gach bóthair,’ ar Chluain Meala, is ar Chill Chainnigh, ‘le fuinneamh is fórsa’. Stad ná cónaí níor dhein sé gur bhain sé Baile Átha Cliath amach, ach b’éigean dó an bád a thógaint go Páras. Ar deireadh thiar shroich sé leannán a chroí, Máire Treasa na hOstaire, a gheall aiseag na mbróg dó, gur fhill sé ar chathair Chorcaí ‘le sála nóna’. (dán, uimh. 23 [a]). Domhan na samhlaíochta atá á chruthú anseo, gan amhras, a bhfuil tionchar láidir an Bharántais air, ach is ceann é atá lán de chathracha is de mhuintir na gcathracha sin. Ghearáin Uilliam English go raibh sé dóite gan na bróga céanna ar chlocha Chorcaí, agus a throithe scólta ó phluid na cathrach. Níorbh aon futa fata a ghrean na bróga dó, dar leis, ach Pádraig Ó Murchadha, gréasaí den scoth. (dán, uimh. 23).

Saol cathrach a chaith Uilliam English ón uair ar cheangail sé leis an Ord, ach go háirithe, agus is léir sin ó ábhar a chuid filíochta. Ceardaithe ón gcathair a d’fhreagair é, an táilliúir, Éadbhard de Nógla, agus an fíodóir, Seán Ó Cuinneagáin, mar shampla. An leagan is luaithe de na dánta sin a mhaireann anois, ba cheardaí eile a bhreac síos iad, ie. Stiabhna Mac Coiligín. ‘Stephen Cox’ a ghlaoigh sé air féin i mBéarla. Is dóigh le Niall Buttimer (1988, 129) go raibh fear darbh ainm Stephen Cox ina chónaí ‘in Half Moon Street’ i gCorcaigh, sa bhliain 1787, agus go raibh sé ina dhéantóir seoil. Ní bheifeá ag dul thar cailc, más ea, dá ndéarfá go raibh aithne phearsanta aige ar an Nóglach, ar an gCuinneagánach, agus ar English. Thuigfidís ceirdeanna a chéile, ach go háirithe. Mar seo a chuir Uilliam English síos ar cheardaíocht an ghréasaí, Pádraig Ó Murchadha:

Do thug sé ceap ar fad leis ornaithe,

leathar Spáinneach bláfar córach,

bonn is bálta is sáil ’bhí ródheas,

céir is cnáib go sásamh eolaigh. (Dán Uimh. 23, ll 13–16)

Sliocht as Canfar an Dán — Uilliam English agus a Chairde. Nic Éinrí, U. & Ó Cearbhaill, P. (eagí.); Ó Súilleabháin, M. (Comhairleoir Ceoil) (An Sagart, An Daingean, 2003), lgh 15–16.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00